Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Chruinnigh cóimh-thionól mór daoine i mBaile Locha Riabhaigh seachtmhain an Domhnaigh seo ghabh tharainn chum fóirithin ar na Tionóntaibh Ruagtha. Bailigheadh roinnt mhaith airgid ann. Thug an t-easbog cúig púint uaidh. Ba cheart go ndéanfaidhe an cleas ceudna ins gach aon bhaile nó ar fuaid na hÉireann. Ní mhóthóchadh aoinne uaidh a shíntiús féin, agus is sean-fhocal é gur fada fairsing é an t-oileán so. Tá beirt dearbhráthar do mhuinntir Chonchubhair na gcomhnuidhe sa dorus ag a chéile cois Leamhna, sé mhíle siar ó Chill Áirne, agus níor thugadar suidhe shuaimhnis dá chéile le dá fhichead bliadhan. Muinntir na mBó a tugthar mar leasainm ar an dtreibh dár a díobh iad, acht ar a shon sain is beag é a mbeann ar an nGaedhilg. B'é críoch a tháinig as an achrann gur mhairbh mac do dhearbhráthair díobh mac an dearbhráthar eile an lá fé dheire le buille mhaide. Tá súil ag iasgairíbh an iarthair bliadhain mhaith ias- gaireachta a bheith i mbliadhna acu. Tá mór chuid runnach (mackerel) d'á dtógaint le trí seachtmhaine agus ceannach daor ortha. Bhí Séamus Hayden, Feisire, ag caint i mBaile Áth' Claith seachtmhain ó shoin le lucht leanamhna an Réaman- naigh dár a díobh é féin. 'Sé bun agus bárr a ndubhairt sé gur chleasuigheacht a bhí ar bun ag an Diolúnach agus ag ar bhuail um a chéile d'fheisiribh ag an Agallamh síothchána an ceathramhadh lá d'Abrán. Ní raibh uatha, adeir sé, acht an Réamannach agus a cháirde a chur fé chois, agus gur b'shin í ciall ná deachadar féin i ngar dóibh. Is fada ár súil go gcuirfidhe ard-sgoil Chatoilicach ar bun sa tir seo, fé mar gheall daoine móra de ghach aicme de mhuinntir Shasana. Nuair fiafruightear anois díobh an bhfuil fonn ortha a bhfocal a choimeád ní deirid siad is maith é ná is olc é. Tá a fhios acu nách misde dhóibh bheith bog orainn an fhaid agus bhéidh na feara Feise as Éirinn ar chluasaibh a chéile. Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services