Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Chruinnigh cóimh-thionól mór daoine i mBaile Locha
Riabhaigh seachtmhain an Domhnaigh seo ghabh tharainn chum
fóirithin ar na Tionóntaibh Ruagtha. Bailigheadh roinnt
mhaith airgid ann. Thug an t-easbog cúig púint uaidh.
Ba cheart go ndéanfaidhe an cleas ceudna ins gach aon
bhaile nó ar fuaid na hÉireann. Ní mhóthóchadh aoinne
uaidh a shíntiús féin, agus is sean-fhocal é gur fada
fairsing é an t-oileán so.



Tá beirt dearbhráthar do mhuinntir Chonchubhair
na gcomhnuidhe sa dorus ag a chéile cois Leamhna, sé
mhíle siar ó Chill Áirne, agus níor thugadar suidhe
shuaimhnis dá chéile le dá fhichead bliadhan. Muinntir
na mBó a tugthar mar leasainm ar an dtreibh dár a
díobh iad, acht ar a shon sain is beag é a mbeann ar an
nGaedhilg. B'é críoch a tháinig as an achrann gur mhairbh
mac do dhearbhráthair díobh mac an dearbhráthar eile
an lá fé dheire le buille mhaide.



Tá súil ag iasgairíbh an iarthair bliadhain mhaith ias-
gaireachta a bheith i mbliadhna acu. Tá mór chuid runnach
(mackerel) d'á dtógaint le trí seachtmhaine agus
ceannach daor ortha.



Bhí Séamus Hayden, Feisire, ag caint i mBaile Áth'
Claith seachtmhain ó shoin le lucht leanamhna an Réaman-
naigh dár a díobh é féin. 'Sé bun agus bárr a ndubhairt
sé gur chleasuigheacht a bhí ar bun ag an Diolúnach agus
ag ar bhuail um a chéile d'fheisiribh ag an Agallamh
síothchána an ceathramhadh lá d'Abrán. Ní raibh uatha,
adeir sé, acht an Réamannach agus a cháirde a chur fé
chois, agus gur b'shin í ciall ná deachadar féin i ngar
dóibh.



Is fada ár súil go gcuirfidhe ard-sgoil Chatoilicach
ar bun sa tir seo, fé mar gheall daoine móra de ghach
aicme de mhuinntir Shasana. Nuair fiafruightear anois
díobh an bhfuil fonn ortha a bhfocal a choimeád ní deirid
siad is maith é ná is olc é. Tá a fhios acu nách misde
dhóibh bheith bog orainn an fhaid agus bhéidh na feara
Feise as Éirinn ar chluasaibh a chéile.



Feargus Finn-bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services