Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fionnghuala.
Title
Fionnghuala.
Author(s)
Uí Iolphortaigh, Bean,
Translator
Mrs. Hilferty
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FIONNGHUALA. Bean Uí Iolphortaigh do chum. I. Ó, a ghairbheadas na Maolacha, bhar gcuid róbharta agus tonnaí, Cá huair a thiocfas bhar gciúnghail go luath ná go mall? 'S na luingis agus bádaí cuireann sibh iad fríd 'na ngárdaí, 'S gach tachrán fhágas an baile cuireann sibh crith ar a mbaill; Fionnghuala bhocht uaigneach cuireadh í ar a díbirt Le n-a cuid dearbhráthrach díleas, ó clann Lamhra an rí, 'S go bhfuil Éire 'sa' dorchadas agus 'na codladh i gceó an ainbhfis, Go musglaidh solus na ngrástaí bhí geallta dí ó Dhia. II. Ó, a ghairbheadas na Maolacha, nuair a thigeas an geimhreadh, Bhar gcuid sioc agus stoirm go dtigeann ó thuaidh, 'S ní'l trócaire ná grásta ionnaibh ná cádhas le fághail Ag na díorfaigh bochta fágadh agus tá 'fuill- stin go cruaidh; Bhar leasmháthair dhorcha chuir sí sibh-se faoi gheasa Ionn i nduibheagán néaltaí 'gus draoith- eachta sídhe; Ó, cá huair thiocfas tuaim an tsoluis anuas as na flaithis, Sgaoilfeas sibh-se as bhar gcuibhreach agus bhéarfas sibh go cathair na naomh? III. Ó, a dhorchadas a bhí i n-Éirinn sol a dtainic solus an chreididh, Ionn i nduibheagán néaltaí agus draoitheachta sídhe; Ní rabh creideadh ná dóchas ná solus na ngrásta, Acht ag deanadh úsáid' de na hairm thigeadh chugaibh aníos; Fionnghuala agus a cuid dearbhráthrach, cuireadh siad-san as a gcuma, Na deilbh budh deise bhí le feiscint ar an tsaoghal, Ionn i ngrutal agus leathtrom, is míochomhgar- acht an ama ann, Bhí aca saidhbhreas na cruinne nuair a fuair siad a ndóchas as Dia. IV. Ó, a sholus na ngrásta, 'mhór-éifeacht an chreididh, Sgaoileas gach slabhra 's gach ceangal dá chruas, An ceathrar díorfaigh seo fágadh 's cuireadh amach ar a n-aimhleis, Go dtearna díobh ealaí le fuillstin go cruaidh; Ionn i gcrádh agus leathtrom cuireadh ortha am fada, Fuair siad aibíd an bhaisdthe 'san naomhadh céad bliadhain Le dóchas agus suailce, le grádh agus umhlaidheacht; Sgaoileamuid ar mbeannacht leóbhtha go cathair na naomh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services