Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fionnghuala.

Title
Fionnghuala.
Author(s)
Uí Iolphortaigh, Bean,
Translator
Mrs. Hilferty
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FIONNGHUALA.



Bean Uí Iolphortaigh do chum.



I.



Ó, a ghairbheadas na Maolacha, bhar gcuid
róbharta agus tonnaí,
Cá huair a thiocfas bhar gciúnghail go luath
ná go mall?
'S na luingis agus bádaí cuireann sibh iad fríd
'na ngárdaí,
'S gach tachrán fhágas an baile cuireann
sibh crith ar a mbaill;
Fionnghuala bhocht uaigneach cuireadh í ar a
díbirt
Le n-a cuid dearbhráthrach díleas, ó clann
Lamhra an rí,
'S go bhfuil Éire 'sa' dorchadas agus 'na codladh
i gceó an ainbhfis,
Go musglaidh solus na ngrástaí bhí
geallta dí ó Dhia.



II.



Ó, a ghairbheadas na Maolacha, nuair a thigeas
an geimhreadh,
Bhar gcuid sioc agus stoirm go dtigeann ó
thuaidh,
'S ní'l trócaire ná grásta ionnaibh ná cádhas
le fághail
Ag na díorfaigh bochta fágadh agus tá 'fuill-
stin go cruaidh;
Bhar leasmháthair dhorcha chuir sí sibh-se faoi
gheasa
Ionn i nduibheagán néaltaí 'gus draoith-
eachta sídhe;
Ó, cá huair thiocfas tuaim an tsoluis anuas
as na flaithis,
Sgaoilfeas sibh-se as bhar gcuibhreach agus
bhéarfas sibh go cathair na naomh?



III.



Ó, a dhorchadas a bhí i n-Éirinn sol a dtainic
solus an chreididh,
Ionn i nduibheagán néaltaí agus draoitheachta
sídhe;
Ní rabh creideadh ná dóchas ná solus na
ngrásta,
Acht ag deanadh úsáid' de na hairm
thigeadh chugaibh aníos;
Fionnghuala agus a cuid dearbhráthrach, cuireadh
siad-san as a gcuma,
Na deilbh budh deise bhí le feiscint ar an
tsaoghal,
Ionn i ngrutal agus leathtrom, is míochomhgar-
acht an ama ann,
Bhí aca saidhbhreas na cruinne nuair a fuair
siad a ndóchas as Dia.



IV.



Ó, a sholus na ngrásta, 'mhór-éifeacht an
chreididh,
Sgaoileas gach slabhra 's gach ceangal dá
chruas,
An ceathrar díorfaigh seo fágadh 's cuireadh
amach ar a n-aimhleis,
Go dtearna díobh ealaí le fuillstin go
cruaidh;
Ionn i gcrádh agus leathtrom cuireadh ortha am
fada,
Fuair siad aibíd an bhaisdthe 'san naomhadh
céad bliadhain
Le dóchas agus suailce, le grádh agus umhlaidheacht;
Sgaoileamuid ar mbeannacht leóbhtha go
cathair na naomh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services