Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgríobhadh na Gaedhilge
Title
Sgríobhadh na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 6, 1899 Sgríobhadh na Gaedhilge Fíche bliadhain ó shoin - ní headh, acht seacht mbliadhna ó shoin - ní bhfuightheá i nÉirinn acht duine fánach do sgríobhadh litir nó sgéal, tré Ghaedhilg. Bhí na céadta ann, gan amhras, do léighfeadh Gaedhilg dhuit, acht gan duine amháin i n-aghaidh an chéid acu do sgríobhfadh í. Ní mar sin feasda é, a bhuidhe le Dia. Táid na mílte agus na mílte i gcumas i léigheadh, siúd is gur beag míle acu ar fiú leó luach pingine de léigheann Ghaedhilge do cheannach sa tseachtmhain. Acht anois féin ní'l duine sa chéad de lucht léighte na Gaedhilge do thogróchadh litir Gaedhilge do sgríobhadh. Is náireach an sgéal é, agus a fhusacht do dhuine eólas do chur ar an sgríbhneóireacht tar a éis do eólas do chur ar an léightheóireacht. Caidé a mhaith do neach a bholg do líonadh, muna gcuiridh an biadh lúth agus luadhaill ins na géagaibh dhó? Nach tiubaisteach agus nach truagh an cás é. Gaedhilgeoirí agus lucht léighte Gaedhilge do bheith ag sgríobhadh litreach agus a leithéidí dá chéile agus gurab éigean dóibh a smaointe do nochtadh tré Bhéarla! Má stadfar choidhche de'n nós soin, ca misde dhúinn stad de feasda? Ar na sgolaibh Gaedhilge agus ar lucht teagaisg Gaedhilge is mó atá a locht soin. Ní beag leó an léightheóireacht do theagasg. Is annamh a chuirid suim ar bith sa sgríbhneoireacht. Beannacht Dé leis an sean-aimsir, an uair do líonadh Éire ó thaobh go taobh leis an oiread úd de leabhraibh greanta Gaedhilge go ndeachaidh a méid agus a n-iomadamhlacht thar meas agus thar comhaireamh na ndaoine. Na feiseanna so do comóradh le déidheanaighe; ní saorfar cuid acu ar an locht gcéadna. Badh mhaith an bheart é an duais is mó in gach feis, gur ar sgríbhinn éigin Gaedhilge go bhronnfaidhe í, agus sin do bheith n-a riaghail nó n-a dhligheadh ag lucht stiúrtha na bhfeis ar fud na hÉireann. Budh chóir do gach maighistir agus do gach teagasgóir Gaedhilge go gcuirfeadh sé d'fhiachaibh ar na sgoláiríbh litir Ghaedhilge nó sgéal beag éigin Gaedhilge do sgríobhadh dhó anois agus arís. Ní bhéidh suim ar an nGaedhilg nó go sgríobhfar go coitcheann í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services