Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgríobhadh na Gaedhilge

Title
Sgríobhadh na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 6, 1899



Sgríobhadh na Gaedhilge



Fíche bliadhain ó shoin - ní headh, acht seacht mbliadhna
ó shoin - ní bhfuightheá i nÉirinn acht duine fánach do
sgríobhadh litir nó sgéal, tré Ghaedhilg. Bhí na céadta
ann, gan amhras, do léighfeadh Gaedhilg dhuit, acht gan
duine amháin i n-aghaidh an chéid acu do sgríobhfadh í.
Ní mar sin feasda é, a bhuidhe le Dia. Táid na mílte
agus na mílte i gcumas i léigheadh, siúd is gur beag míle
acu ar fiú leó luach pingine de léigheann Ghaedhilge do
cheannach sa tseachtmhain. Acht anois féin ní'l duine
sa chéad de lucht léighte na Gaedhilge do thogróchadh
litir Gaedhilge do sgríobhadh. Is náireach an sgéal é,
agus a fhusacht do dhuine eólas do chur ar an sgríbhneóireacht
tar a éis do eólas do chur ar an léightheóireacht.



Caidé a mhaith do neach a bholg do líonadh, muna
gcuiridh an biadh lúth agus luadhaill ins na géagaibh dhó?
Nach tiubaisteach agus nach truagh an cás é. Gaedhilgeoirí
agus lucht léighte Gaedhilge do bheith ag sgríobhadh litreach
agus a leithéidí dá chéile agus gurab éigean dóibh a smaointe
do nochtadh tré Bhéarla! Má stadfar choidhche de'n
nós soin, ca misde dhúinn stad de feasda?



Ar na sgolaibh Gaedhilge agus ar lucht teagaisg Gaedhilge
is mó atá a locht soin. Ní beag leó an léightheóireacht
do theagasg. Is annamh a chuirid suim ar bith sa
sgríbhneoireacht. Beannacht Dé leis an sean-aimsir,
an uair do líonadh Éire ó thaobh go taobh leis an oiread
úd de leabhraibh greanta Gaedhilge go ndeachaidh a méid
agus a n-iomadamhlacht thar meas agus thar comhaireamh na
ndaoine.



Na feiseanna so do comóradh le déidheanaighe; ní
saorfar cuid acu ar an locht gcéadna. Badh mhaith an
bheart é an duais is mó in gach feis, gur ar sgríbhinn
éigin Gaedhilge go bhronnfaidhe í, agus sin do bheith n-a
riaghail nó n-a dhligheadh ag lucht stiúrtha na bhfeis ar
fud na hÉireann.



Budh chóir do gach maighistir agus do gach teagasgóir
Gaedhilge go gcuirfeadh sé d'fhiachaibh ar na sgoláiríbh
litir Ghaedhilge nó sgéal beag éigin Gaedhilge do
sgríobhadh dhó anois agus arís. Ní bhéidh suim ar an
nGaedhilg nó go sgríobhfar go coitcheann í.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services