Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Díomhaoineas an tSaoghail.
Title
Díomhaoineas an tSaoghail.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mac mhic Mhurchadha, Murchadh
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÍOMHAOINEAS AN tSAOGHAIL. Murchadh mac mhic Mhurchadha, cct. I. Díomhaoin ar ndlúith-chiabh ar dtuitim chum láir, Díomhaoin ar bpíosaidhe, ar gcuipíní cláir, Díomhaoin ar n-iocht i n-am ar n-oscair gan stá, Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás. II. Díomhaoin ar gcaistéil fó bheadaighil is fó bhláth, Díomhaoin ar n-áitreibh d'á gcalcadh gach lá, Díomhaoin, dá aite libh, ar macnas le mná, Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás. III. Díomhaoin ar saidhbhreas, ar n-aoibhneas re bárr, Díomhaoin ar n-uaisle, dá uallaighe a mbláth, Díomhaoin ar mbantracht lán annsachta is gráidh, Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás. IV. Díomhaoin ar gcodladh, ar socair gan sás, Díomhaoin ar gcosnamh fá osnadh gach lá, Díomhaoin ar ngrásaidhe, ar dtáinte ar blár, Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás. V. Díomhaoin ar léigheann, ar léirsin amháin, Díomhaoin ar ngéarchúis 'sna spéarthaibh go hárd, Díomhaoin ar dtuigse tá 'tuislighe do ghnáth Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás. VI. Díomhaoin na daoine nach smaoinfeadh a mbás, Díomhaoin an saoghal, a thaobhadh is báidh; Ó tá sé dom, chlaoidheadh 's mé 'dídean a spáirn, Sguirim d'á shíor-rith, ó's díomhaoineas a ádh. Díomhaoin ar ndlúith-chiabh, agus c.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services