Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Díomhaoineas an tSaoghail.

Title
Díomhaoineas an tSaoghail.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mac mhic Mhurchadha, Murchadh
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DÍOMHAOINEAS AN tSAOGHAIL.



Murchadh mac mhic Mhurchadha, cct.



I.



Díomhaoin ar ndlúith-chiabh ar dtuitim chum
láir,
Díomhaoin ar bpíosaidhe, ar gcuipíní cláir,
Díomhaoin ar n-iocht i n-am ar n-oscair gan
stá,
Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás.



II.



Díomhaoin ar gcaistéil fó bheadaighil is fó
bhláth,
Díomhaoin ar n-áitreibh d'á gcalcadh gach lá,
Díomhaoin, dá aite libh, ar macnas le mná,
Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás.



III.



Díomhaoin ar saidhbhreas, ar n-aoibhneas re
bárr,
Díomhaoin ar n-uaisle, dá uallaighe a mbláth,
Díomhaoin ar mbantracht lán annsachta is
gráidh,
Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás.



IV.



Díomhaoin ar gcodladh, ar socair gan sás,
Díomhaoin ar gcosnamh fá osnadh gach lá,
Díomhaoin ar ngrásaidhe, ar dtáinte ar blár,
Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás.



V.



Díomhaoin ar léigheann, ar léirsin amháin,
Díomhaoin ar ngéarchúis 'sna spéarthaibh go
hárd,
Díomhaoin ar dtuigse tá 'tuislighe do ghnáth
Díomhaoin gach éin-ní nuair thiocfas an bás.



VI.



Díomhaoin na daoine nach smaoinfeadh a mbás,
Díomhaoin an saoghal, a thaobhadh is báidh;
Ó tá sé dom, chlaoidheadh 's mé 'dídean a
spáirn,
Sguirim d'á shíor-rith, ó's díomhaoineas a ádh.



Díomhaoin ar ndlúith-chiabh, agus c.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services