Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deifridheacht idir Uasal agus Tuatach.
Title
Deifridheacht idir Uasal agus Tuatach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DEIFRIDHEACHT IDIR UASAL AGUS TUATACH. (D'á tharraing as an nGearmáinis.) Uaisle na Gearmáine, do bhídís fad ó go han-bhródamhail as a gcuid foluigheachta. Bhí uasal aca ag déanamh aistir ar mhuin eich. Do bhí sé ar marcaigheacht i dtosach agus bhí a shearbhfoghantaidhe cuirp i n-a dhiaidh. Is gearr go bhfacadar mórán mór de phlaos- gaibh ar thaobh cille. Bhí cuid aca geal acht bhí a bhfurmhór dubh. Do ghlaodhuigh an t-uasal ar a shearbhfoghantaidhe agus dubhairt leis: "Dearc-sa ar na plaosgaibh seo go cruinn. Chífe tú nach ar aon dath atá siad go léir. Na plaoisg gheala, is iad sain plaoisg na n-uasal, agus na plaoisg dhubha, is plaoisg cathruightheorach agus tuatach iad." D'fhan an searbhfoghantaidhe 'na thost, mar ní raibh dadamh le rádh aige mar fhreagra. Do shíneadar leó. I gceann uaire cad do chífidís acht croch go raibh mór-chuid eile de phléasgaibh thort timcheall uirthi, agus iad uile geal! D'imthigh an searbhfoghantaidhe ar cosanáirde comh fada le n-a mháighistir agus ar seisean: "Dearcaidh-se ar na plaoisg seo go cruinn. Tá siad go léir geal agus, d'á dhruim sin, is plaoisg uasal iad. Ortha so ní'l cathruightheóirí ná tuataigh!"
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services