DEIFRIDHEACHT IDIR UASAL AGUS TUATACH.
(D'á tharraing as an nGearmáinis.)
Uaisle na Gearmáine, do bhídís fad ó go
han-bhródamhail as a gcuid foluigheachta.
Bhí uasal aca ag déanamh aistir ar mhuin eich.
Do bhí sé ar marcaigheacht i dtosach agus bhí a
shearbhfoghantaidhe cuirp i n-a dhiaidh. Is
gearr go bhfacadar mórán mór de phlaos-
gaibh ar thaobh cille. Bhí cuid aca geal acht
bhí a bhfurmhór dubh. Do ghlaodhuigh an t-uasal
ar a shearbhfoghantaidhe agus dubhairt leis:
"Dearc-sa ar na plaosgaibh seo go cruinn.
Chífe tú nach ar aon dath atá siad go léir.
Na plaoisg gheala, is iad sain plaoisg na
n-uasal, agus na plaoisg dhubha, is plaoisg
cathruightheorach agus tuatach iad." D'fhan an
searbhfoghantaidhe 'na thost, mar ní raibh
dadamh le rádh aige mar fhreagra. Do
shíneadar leó. I gceann uaire cad do
chífidís acht croch go raibh mór-chuid eile de
phléasgaibh thort timcheall uirthi, agus iad uile
geal! D'imthigh an searbhfoghantaidhe ar
cosanáirde comh fada le n-a mháighistir agus ar
seisean: "Dearcaidh-se ar na plaoisg seo go
cruinn. Tá siad go léir geal agus, d'á dhruim
sin, is plaoisg uasal iad. Ortha so ní'l
cathruightheóirí ná tuataigh!"