Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéla an Trír Maccléirech (agus aithdhéanamh 'na theannta).
Title
Sgéla an Trír Maccléirech (agus aithdhéanamh 'na theannta).
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉLA ANC TRÍR MACCLÉIRECH. [Sliocht Leabhair Mhic Cárrthaigh Riabhaigh.] Triar maccléirech di fhearuibh Éirenn do-chotar dia n-ailithre. Ba dí- chra agus ba cridh- eachair docós. Ní rucad ann do lón for muir acht teóra bairgen.
"Bérat-sa in caitín," ar fear dhíibh. O ro-siactadar formnai na fairce immorro, "A n-ainm Críst, trá," or iat, "leicium ar ráimh isin mhuir uann agus fo-n-certam il-leth ar Tigerna." Do-rónath. Ní ba cian iarum la furt- acht Críst condatrála dochum n-indsi áilli: condath n-imdha inde, usci imdhai. "Dénam trá eclais for lár ar n-indsi." Do-ghniat ón. Téit an caitín uadhaibh. Dos-srengai bratán fíréisc dhóibh conice teóra bratána cecha trátha. "A Dé," or iat, "ní hailithre ar n-aili- thre i-fecht-sa. Tucsam lón linn, ar caitín diar n-airbiathad. As díic i-fecht- sa, tomhailt a urthoraidh. Ní chaithfem toradh in chaitt. Bátar sé tráth iarsin cen tuara, cein cu tainic timthirecht ó Chríst co mbuí forsin altóir .i. lethbairghiun cruithneachta cech fir agus orda éisc. "Maith trá, findadh cach duris dia madh fhir ardo-n-biatha." "Gebar-sa cétamus," ar an fer díbh, "na trí .L. cech dia, la ceileabhrad mo tráth agus la hoifrenn." "Gebut-sa didiu," or araili, "na trí .L. urnaigthi, la ceileabrad mo tráth agus la hoifreann cech lái." "Gebut-sa" or in treas-fer, ".LLL. Imnum dicat cech dia, la ceileabrad mu tráth agus la hoifriunn." Do-gníter ón trá fria ré fhoda. Marb iarumh in tres fer. Ro-gabadh a ecnairc agus ro-hadnacht. "Maith, trá," or siat, "ná tesbhadh ní do'n urd cétna isin eclais. Rannam edrainn ord ar cocéle .i. fer na trí .L. salm is é atbath ann." Rannaid etarra modh in tres fir. Níor'bo cian iarum cu mba marb araili. Adhlaicter side dano .i. fer na trí .L. urnaigthi. Trumaidi lasin aeinfher didiu: ba soethar mór do-som na .LLL. salm agus na .LLL. urnaigthi agus na .LLL. Imnum dicat, lasna trí hoifreannaib cech dia agus la ceileabhradh na tráth. "Fír," or seisium, "moo serc na déisi úcut la a Tigerna innusa: forroces chuice: fo-m-rácuibh-sea. Mad troscud frissiumh do-géntar ón, ar nach ferr a n-airilliudh innusa." Don-ic in t-aingel. "Is bairnech do Thigerna friut-sa," or in t-aingel, "do troscud indlightech, ar ní bia cen aircisecht uad." "Cid do-sum didiu cen mu chésadh-sa lia mhuinntir?" "Is tu do-raega," ol in t-aingel, ".i. intan do-rannsaidh bur n-urdu .i. in fer do-roega na .LLL. as duthain agus is nime: is air do-fucadh i tosuch. Fer na .LLL. urnaigthi, ní thimdhíbh ní thabair saegul. Inní immorro ro-thoguis .í. .LLL. Imnum dicat, sír-shaegul do saidhe agus flaith nime." "Bennacht forsin Tigerna oa tuidhches: am buidech de." Baí didiu ina indsi co haeis agus críne, co tarraidh Brénainn don fhairrgiu, conad essein ro-mbeannuch agus do-rat coman agus sacarbaic dhó, co ndechaid dochum nime, conad torruma aigel uasaibh dogrés ina n-indsi.
SGÉALA AN TRÍR CHLÉIREACH ÓG. Triúr cléireach óg d'fhearaibh Éireann do chuaidh d'á n-oili- thre. Ba teasaidhe agus ba croidheamhail do chuadar. Ní rugadar de lón leó ar fairrge acht trí bairgheana.
"Béarfad-sa an caitín liom," arsa fear aca. Nuair do shroicheadar béal na fairrge, ámh, "I n-ainm Chríost, anois," ar siad, "leigimís ár maidí rámha 'sa' bhfairrge uainn agus tugaimís ionntaoibh le trócaire ár dTighearna." Do rinneadar amhlaidh. Níor bhfada dhóibh mar sin go dtángadar le furtacht Críost chum oileáin álainn. Bhí mór-chuid connaidh ann agus uisge go leór. "Déanamaois teampall ar lár ár n-oileáin," ar siad. Ghní siad sain. Téid an caitín uatha. Beireann sé bradán fíor-éisg chuca, oiread le trí bradáin gach tráth. "A Dhé," ar siad, "ní hoilithre ár n-oilithre anois. Thugamar lón linn, sin é ár gcaitín d'ár gcothughadh. Is méala linn anois toradh a shaothair do chaitheamh. Ní chaithfeam fághal- tas an chait." Bhíodar sé trátha 'na dhiaidh sin gan bhiadh go dtáinig teachtaireacht ó Chríost go raibh sé ar an altóir dóibh, mar do bhí, leath-bhairghean cruithneachta i gcomhair gach fir agus brúille éisg. "Is maith sin," ar siad, "cuireadh gach aon dínn i n-umhail a chuid oibre ar son an Fhir a bheathuigheas sinn." "Geobhad-sa ar dtús," arsa fear díobh, "na trí caogaid salm gach lá, ag déanamh mo thráth agus ag rádh aifrinn." "Geobhad-sa annsain," arsa fear eile, "na trí caogaid urnaighthe, ag déanamh mo thráth agus ag rádh aifrinn gach lá." "Geobhad-sa," ars' an treas fear, "trí caogaid Imnum dicat gach lá, ag déanamh mo thráth agus ag rádh aifrinn." Agus do rinneadar so le sgathadh fada. Fuair an treas fhear bás annsain. Do gabhadh a eagnairc agus do hadhlacadh é. "Is maith sin," ar siad, "ná bíodh éinní de'n órd chéadna 'san eaglais ag teastáil uainn. Roinnimís eadrainn órd ar gcoig- éile .i. fear na dtrí caogad salm, nuair is é fuair bás." Roinnid eatorra gnó an treas fhir. Níor bhfada 'na dhiaidh sin go bhfuair duine eile dhíobh bás. Do hadhlacadh é sin, .i. fear na dtrí caogad urnaighthe. Ba thruimide leis an éin-fhear amháin eile an gnó: Ba saothar mór dó-san na trí caogaid salm agus na trí caogaid Imnum dicat leis na trí aifreannaibh gach lá agus le déanamh na dtráth. "Is fíor dam," ar seisean, "is mó grádh a dTighearna do'n bheirt úd 'ná damh-sa: do ghabh sé chuige féin iad : d'fhág sé mise. Trosgadh i n-a aghaidh is é dhéanfad, mar ní fearr an luaighidheacht atá tuillte aca 'ná mo luaighidheacht-sa." Tig an t-aingeal chuige. "Tá do Thighearna i bhfeirg leat-sa," ars' an t-aingeal, "fád' throsgadh aindleaghthach, mar nach mbeidh sé gan trócaire ort." "Má's mar sin é, cad as dó-san gan mo chéasadh-sa le n-a mhuintir?" "Is tú do thogh," ars' an t-aingeal, "nuair do roinneabhar bhar ngnóthaidhe .i. an fear do thogh na trí caogaid salm, ba dhío- mbuan agus ba ghearr-shaoghlach é: is air do rugadh i dtosach. Fear na dtrí caogad urnaighthe, níor bhain sé d'á shaoghal agus níor chuir sé leis. An ní do thoghais-se, ámh, .i. trí caogaid Imnum dicat, tá síor-shaoghal do'n té thogh é agus flaitheas Dé." "Beannacht ar an Tighearna," ar sé, "ó's uaidh do thángais: táim buidheach de." Do bhí sé ar an gcuma so i n-a oileán go haois agus críne, go dtáinig Brénainn de'n fhairrge; agus dob' eisean do bheannuigh é agus do thug comaoin agus íodhbairt dó go ndeachaidh ar neamh; agus bíd aingil ag faire orra i gcomh- naidhe i n-a n-oileán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services