Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéla an Trír Maccléirech (agus aithdhéanamh 'na theannta).

Title
Sgéla an Trír Maccléirech (agus aithdhéanamh 'na theannta).
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 98


SGÉLA ANC TRÍR MACCLÉIRECH.
[Sliocht Leabhair Mhic Cárrthaigh Riabhaigh.]



Triar maccléirech
di fhearuibh Éirenn
do-chotar dia
n-ailithre. Ba dí-
chra agus ba cridh-
eachair docós. Ní
rucad ann do lón
for muir acht teóra bairgen.


L. 99


"Bérat-sa in caitín," ar fear dhíibh. O
ro-siactadar formnai na fairce immorro,
"A n-ainm Críst, trá," or iat, "leicium ar
ráimh isin mhuir uann agus fo-n-certam il-leth
ar Tigerna."



Do-rónath. Ní ba cian iarum la furt-
acht Críst condatrála dochum n-indsi
áilli: condath n-imdha inde, usci imdhai.



"Dénam trá eclais for lár ar n-indsi."



Do-ghniat ón. Téit an caitín uadhaibh.
Dos-srengai bratán fíréisc dhóibh conice
teóra bratána cecha trátha.



"A Dé," or iat, "ní hailithre ar n-aili-
thre i-fecht-sa. Tucsam lón linn, ar
caitín diar n-airbiathad. As díic i-fecht-
sa, tomhailt a urthoraidh. Ní chaithfem
toradh in chaitt. Bátar sé tráth iarsin cen
tuara, cein cu tainic timthirecht ó Chríst
co mbuí forsin altóir .i. lethbairghiun
cruithneachta cech fir agus orda éisc.



"Maith trá, findadh cach duris dia madh
fhir ardo-n-biatha."



"Gebar-sa cétamus," ar an fer díbh, "na
trí .L. cech dia, la ceileabhrad mo tráth agus
la hoifrenn."



"Gebut-sa didiu," or araili, "na trí .L.
urnaigthi, la ceileabrad mo tráth agus la
hoifreann cech lái."



"Gebut-sa" or in treas-fer, ".LLL.
Imnum dicat cech dia, la ceileabrad mu
tráth agus la hoifriunn."



Do-gníter ón trá fria ré fhoda. Marb
iarumh in tres fer. Ro-gabadh a ecnairc agus
ro-hadnacht.



"Maith, trá," or siat, "ná tesbhadh ní
do'n urd cétna isin eclais. Rannam
edrainn ord ar cocéle .i. fer na trí .L.
salm is é atbath ann."



Rannaid etarra modh in tres fir.



Níor'bo cian iarum cu mba marb araili.
Adhlaicter side dano .i. fer na trí .L.
urnaigthi. Trumaidi lasin aeinfher didiu:
ba soethar mór do-som na .LLL. salm agus na
.LLL. urnaigthi agus na .LLL. Imnum dicat,
lasna trí hoifreannaib cech dia agus la
ceileabhradh na tráth.



"Fír," or seisium, "moo serc na déisi
úcut la a Tigerna innusa: forroces chuice:
fo-m-rácuibh-sea. Mad troscud frissiumh
do-géntar ón, ar nach ferr a n-airilliudh
innusa."



Don-ic in t-aingel.



"Is bairnech do Thigerna friut-sa," or
in t-aingel, "do troscud indlightech, ar
ní bia cen aircisecht uad."



"Cid do-sum didiu cen mu chésadh-sa
lia mhuinntir?"



"Is tu do-raega," ol in t-aingel, ".i.
intan do-rannsaidh bur n-urdu .i. in fer
do-roega na .LLL. as duthain agus is nime:
is air do-fucadh i tosuch. Fer na .LLL.
urnaigthi, ní thimdhíbh ní thabair saegul.
Inní immorro ro-thoguis .í. .LLL. Imnum
dicat, sír-shaegul do saidhe agus flaith nime."



"Bennacht forsin Tigerna oa tuidhches:
am buidech de."



Baí didiu ina indsi co haeis agus críne, co
tarraidh Brénainn don fhairrgiu, conad
essein ro-mbeannuch agus do-rat coman agus
sacarbaic dhó, co ndechaid dochum nime,
conad torruma aigel uasaibh dogrés ina
n-indsi.


L. 99


SGÉALA AN TRÍR CHLÉIREACH ÓG.



Triúr cléireach óg
d'fhearaibh Éireann
do chuaidh d'á n-oili-
thre. Ba teasaidhe agus
ba croidheamhail do
chuadar. Ní rugadar
de lón leó ar fairrge acht trí bairgheana.


L. 100


"Béarfad-sa an caitín liom," arsa fear
aca. Nuair do shroicheadar béal na fairrge,
ámh, "I n-ainm Chríost, anois," ar siad,
"leigimís ár maidí rámha 'sa' bhfairrge
uainn agus tugaimís ionntaoibh le trócaire ár
dTighearna."



Do rinneadar amhlaidh. Níor bhfada dhóibh
mar sin go dtángadar le furtacht Críost
chum oileáin álainn. Bhí mór-chuid connaidh
ann agus uisge go leór.



"Déanamaois teampall ar lár ár
n-oileáin," ar siad.



Ghní siad sain. Téid an caitín uatha.
Beireann sé bradán fíor-éisg chuca, oiread
le trí bradáin gach tráth.



"A Dhé," ar siad, "ní hoilithre ár n-oilithre
anois. Thugamar lón linn, sin é ár gcaitín
d'ár gcothughadh. Is méala linn anois toradh
a shaothair do chaitheamh. Ní chaithfeam fághal-
tas an chait."



Bhíodar sé trátha 'na dhiaidh sin gan bhiadh
go dtáinig teachtaireacht ó Chríost go raibh sé
ar an altóir dóibh, mar do bhí, leath-bhairghean
cruithneachta i gcomhair gach fir agus brúille éisg.



"Is maith sin," ar siad, "cuireadh gach
aon dínn i n-umhail a chuid oibre ar son an
Fhir a bheathuigheas sinn."



"Geobhad-sa ar dtús," arsa fear díobh,
"na trí caogaid salm gach lá, ag déanamh
mo thráth agus ag rádh aifrinn."



"Geobhad-sa annsain," arsa fear eile,
"na trí caogaid urnaighthe, ag déanamh mo
thráth agus ag rádh aifrinn gach lá."



"Geobhad-sa," ars' an treas fear, "trí
caogaid Imnum dicat gach lá, ag déanamh
mo thráth agus ag rádh aifrinn."



Agus do rinneadar so le sgathadh fada.
Fuair an treas fhear bás annsain. Do
gabhadh a eagnairc agus do hadhlacadh é.



"Is maith sin," ar siad, "ná bíodh éinní
de'n órd chéadna 'san eaglais ag teastáil
uainn. Roinnimís eadrainn órd ar gcoig-
éile .i. fear na dtrí caogad salm, nuair
is é fuair bás."



Roinnid eatorra gnó an treas fhir.



Níor bhfada 'na dhiaidh sin go bhfuair
duine eile dhíobh bás. Do hadhlacadh é sin,
.i. fear na dtrí caogad urnaighthe. Ba
thruimide leis an éin-fhear amháin eile an
gnó: Ba saothar mór dó-san na trí caogaid
salm agus na trí caogaid Imnum dicat leis na
trí aifreannaibh gach lá agus le déanamh na
dtráth.



"Is fíor dam," ar seisean, "is mó grádh
a dTighearna do'n bheirt úd 'ná damh-sa:
do ghabh sé chuige féin iad : d'fhág sé mise.
Trosgadh i n-a aghaidh is é dhéanfad, mar ní
fearr an luaighidheacht atá tuillte aca 'ná
mo luaighidheacht-sa."



Tig an t-aingeal chuige.



"Tá do Thighearna i bhfeirg leat-sa," ars'
an t-aingeal, "fád' throsgadh aindleaghthach,
mar nach mbeidh sé gan trócaire ort."



"Má's mar sin é, cad as dó-san gan mo
chéasadh-sa le n-a mhuintir?"



"Is tú do thogh," ars' an t-aingeal,
"nuair do roinneabhar bhar ngnóthaidhe .i. an
fear do thogh na trí caogaid salm, ba dhío-
mbuan agus ba ghearr-shaoghlach é: is air do
rugadh i dtosach. Fear na dtrí caogad
urnaighthe, níor bhain sé d'á shaoghal agus níor
chuir sé leis. An ní do thoghais-se, ámh, .i.
trí caogaid Imnum dicat, tá síor-shaoghal
do'n té thogh é agus flaitheas Dé."



"Beannacht ar an Tighearna," ar sé, "ó's
uaidh do thángais: táim buidheach de."



Do bhí sé ar an gcuma so i n-a oileán go
haois agus críne, go dtáinig Brénainn de'n
fhairrge; agus dob' eisean do bheannuigh é agus do
thug comaoin agus íodhbairt dó go ndeachaidh ar
neamh; agus bíd aingil ag faire orra i gcomh-
naidhe i n-a n-oileán.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services