Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gobán Saor.
Title
An Gobán Saor.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Twomey, Mrs. Ballymakeera, Ballyvourney
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GOBÁN SAOR An Gobán Saor do mhairbh sé caora agus do chuir sé a mhac a' díol an chroicinn. Dubhairt sé le n-a mhac gan a' croiceann a dhíol go bhfaghadh sé an croi- ceann 's a luacht. D'imthigh sé dh'á dhíol agus ní bhfuair sé éinne an lá sain do cheannuig é. An tarna lá do bhuail cailín uime agus d'fhiafhruig sí dhe cad air go ndíolfadh sé an croiceann. Dubhairt sé gur'b ar a' gcroiceann 's a luacht. Stath sí an olann de annsain agus thug sí do an felt agus an méid ab' fhiú an olann. Nuair a tháinig sé a bhaile annsain, d'fhiafhruig a athair de cé cheannuig a' croiceann agus dubhairt sé gur cailín i dtosach na sráide, inghean bain- treabhaighe. Do chuir an Gobán annsain gairm sgoile amach chun dínnéir a bheith ann a leithéid sin de lá agus thug sé cuireadh dínnéir do'n bhain- treabhaigh agus d'á triúr inghean. Nuair a bhí an dínnéir caithte aca, thug sé isteach 'sa' rúm í [.i. an chéad inghean] agus thaiseán sé feircín óir di. D'fhiafhruig sé dhi cad do dhéanfadh sí leis, dá badh léi é. Dubhairt sí ná feadair sí cad do dhéanfadh sí leis acht bheith a' féachaint air rith an lae. Dubhairt sé ná déanfadh sí an gnó, agus thug sé isteach an tarna hinghean. Labhair sé leis an tarna hinghin agus d'fhiafhruig sé dhi cad dó déanfadh si leis, da badh léi é. Dubhairt a' tarna hinghean ná feadair sí pioc cad do dhéan- fadh sí léithi acht bheith 'á chaitheamh léithi, gur dhóigh léi go seasóghadh sí go deó í. Thóg sé isteach annsain a' tríomhadh hinghean agus d'fhiafhruig sé dhi cad do dhéanfadh sí leis. Dubhairt sí leis cad do dhéanfadh sí leis acht é chaitheamh 's a chnósach. Dubhairt sé go ndéanfadh sí sain an gnó annsain agus d'iarr sé ar a máthair annsain í mar bhean a mhic. Pósadh iad, agus an chéad lá chuadar amach ag obair, dubhairt an t-athair leis a' mac an bóthar a chur i ngirreacht do. Ní fheadair a' mac caidé an brígh bhí ag an athair agus ní dubhairt sé éinní agus chasadar a bhaile arís agus d'imthigheadar i mbáireach agus dubhairt a' t-athair arís: "A mhic ó, bí a' cuir a' bhóthair i ngirreacht dúinn" agus ní fheadair a' mac c'onnus, agus nuair a thánghadar a bhaile, d'fhia- fhruig a bhean cad do bhí 'á dtabhairt a bhaile agus dubhairt a fear léi gur'b é a athair adeir- eadh leis bheith a' cuir a' bhóthair i ngirreacht agus ná feadair sé féin cad do thugadh a bhaile annsain é. "Nuair imtheóghair-se i mbárach," ar sise, "agus nuair a déarfa sé leat an bóthar a chuir
i ngirreacht, tosnuig ag innsint sgéil fan bhóthair." Chomh maith d'imthigheadar chun cinn i mbárach agus chuadar i bhfeighil a' ghnótha agus dubhairt a' t-athair leis a' mac: "Ná bí choidhche gan cara mhná tighe agat." D'innis sé d'á mhnaoi cad dubhairt a' t-athair leis. Dubhairt sí leis [go mbeidís ag dul go Sasana chun cúirt do dhéanamh agus,] nuair a thiocfaidís chun a ndínnéir a dh'ithe, go bhfaghaidís uisge chun a lámha a nighe, a leogaint do'n Ghobán óg a lámh do chur 'san uisge agus a spreacadh do'n uisge do chaitheamh ortha, agus, nuair a gheobhadh sé an tubháile 'na láimh, buille do'n tubháile a thabhairt di (.i. do'n chailín a thabharfadh an tubháile chuige), agus bheith a' suirghe léithi agus a leogaint air gan é bheith pósta i n-éan-chor. D'imthigheadar annsain go Sasana a' déanamh cúirte do rígh mór a bhí i Sasana agus. nuair a bhí an chúirt críochnuighthe, d'innis a' cailín do'n Ghobán óg go rabhadar chun iad do chur chun báis. Labhair a' rí annsain, nuair a shamhluig sé an chúirt a bheith críoch- nuighthe, agus d'fhiafhruig sé a' raibh sé críoch- nuighthe. Dubhairt an Gobán go raibh acht aon ní amháin a bhí 'sa bhaile uaidh mar gur mhaith leis gan a leithéid de chúirt do bheith ag éan-duine uasal eile 'na dhiaidh. Dubhairt an Gobán ná faghadh éinne é acht a mhac féin agus mac a' ríogh agus dob' fheárr leis a' rígh ann- sain a mhac féin do chur d'á iarraidh 'ná mac an Ghobáin agus do chuir. Nuair a tháinigh sé ag triall ar bhean a' Ghobáin, dubhairt sé gur cuireadh a d'iarraidh "cam agus díreach" é agus dubhairt sí go raibh sé 'sa chófhra agus go raibh fhios aici gur dhear- mhadadar é. D'osgail sí a' cófhra agus do chuir sí cathaoir le hais a' chófhra. Dubhairt sí leis seasamh ar a' gcathaoir agus é thógaint, go raibh sé i n-íochtar a' chófhra, go raibh sí ag iomchur leinbh agus ná féadfadh a thógaint aníos. Sheasaimh sé ar a' gcathaoir agus, nuair a chrom sé dh'á lorg, thug sí a lámh leis agus chaith sí isteach é. "Fain-se annsain, a "cham"," ar sise, "nó go dtagaidh "díreach"." Thiomáin sí litir annsain chun a' ríogh a fear a leogaint a bhaile, go gcoinneoghadh sí féinig a mhac chun go dtagadh a fear féin. Leog sise mac an ríogh a bhaile nuair a tháinig a fear féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services