AN GOBÁN SAOR
An Gobán Saor do mhairbh
sé caora agus do chuir sé a
mhac a' díol an chroicinn.
Dubhairt sé le n-a mhac
gan a' croiceann a dhíol
go bhfaghadh sé an croi-
ceann 's a luacht.
D'imthigh sé dh'á dhíol agus ní bhfuair sé éinne an
lá sain do cheannuig é. An tarna lá do
bhuail cailín uime agus d'fhiafhruig sí dhe cad air
go ndíolfadh sé an croiceann. Dubhairt sé
gur'b ar a' gcroiceann 's a luacht. Stath
sí an olann de annsain agus thug sí do an felt
agus an méid ab' fhiú an olann. Nuair a tháinig
sé a bhaile annsain, d'fhiafhruig a athair de
cé cheannuig a' croiceann agus dubhairt sé gur
cailín i dtosach na sráide, inghean bain-
treabhaighe.
Do chuir an Gobán annsain gairm sgoile
amach chun dínnéir a bheith ann a leithéid sin
de lá agus thug sé cuireadh dínnéir do'n bhain-
treabhaigh agus d'á triúr inghean. Nuair a bhí
an dínnéir caithte aca, thug sé isteach 'sa'
rúm í [.i. an chéad inghean] agus thaiseán sé
feircín óir di. D'fhiafhruig sé dhi cad do
dhéanfadh sí leis, dá badh léi é. Dubhairt sí
ná feadair sí cad do dhéanfadh sí leis acht
bheith a' féachaint air rith an lae. Dubhairt
sé ná déanfadh sí an gnó, agus thug sé isteach
an tarna hinghean. Labhair sé leis an tarna
hinghin agus d'fhiafhruig sé dhi cad dó déanfadh
si leis, da badh léi é. Dubhairt a' tarna
hinghean ná feadair sí pioc cad do dhéan-
fadh sí léithi acht bheith 'á chaitheamh léithi, gur
dhóigh léi go seasóghadh sí go deó í. Thóg sé
isteach annsain a' tríomhadh hinghean agus
d'fhiafhruig sé dhi cad do dhéanfadh sí leis.
Dubhairt sí leis cad do dhéanfadh sí leis acht
é chaitheamh 's a chnósach. Dubhairt sé go
ndéanfadh sí sain an gnó annsain agus d'iarr
sé ar a máthair annsain í mar bhean a mhic.
Pósadh iad, agus an chéad lá chuadar amach
ag obair, dubhairt an t-athair leis a' mac an
bóthar a chur i ngirreacht do. Ní fheadair a'
mac caidé an brígh bhí ag an athair agus ní
dubhairt sé éinní agus chasadar a bhaile arís agus
d'imthigheadar i mbáireach agus dubhairt a'
t-athair arís: "A mhic ó, bí a' cuir a' bhóthair
i ngirreacht dúinn" agus ní fheadair a' mac
c'onnus, agus nuair a thánghadar a bhaile, d'fhia-
fhruig a bhean cad do bhí 'á dtabhairt a bhaile
agus dubhairt a fear léi gur'b é a athair adeir-
eadh leis bheith a' cuir a' bhóthair i ngirreacht
agus ná feadair sé féin cad do thugadh a bhaile
annsain é.
"Nuair imtheóghair-se i mbárach," ar sise,
"agus nuair a déarfa sé leat an bóthar a chuir
i ngirreacht, tosnuig ag innsint sgéil fan
bhóthair."
Chomh maith d'imthigheadar chun cinn i mbárach
agus chuadar i bhfeighil a' ghnótha agus dubhairt a'
t-athair leis a' mac:
"Ná bí choidhche gan cara mhná tighe agat."
D'innis sé d'á mhnaoi cad dubhairt a'
t-athair leis. Dubhairt sí leis [go mbeidís
ag dul go Sasana chun cúirt do dhéanamh agus,]
nuair a thiocfaidís chun a ndínnéir a dh'ithe,
go bhfaghaidís uisge chun a lámha a nighe, a
leogaint do'n Ghobán óg a lámh do chur 'san
uisge agus a spreacadh do'n uisge do chaitheamh
ortha, agus, nuair a gheobhadh sé an tubháile 'na
láimh, buille do'n tubháile a thabhairt di (.i.
do'n chailín a thabharfadh an tubháile chuige),
agus bheith a' suirghe léithi agus a leogaint air gan
é bheith pósta i n-éan-chor.
D'imthigheadar annsain go Sasana a'
déanamh cúirte do rígh mór a bhí i Sasana agus.
nuair a bhí an chúirt críochnuighthe, d'innis a'
cailín do'n Ghobán óg go rabhadar chun iad
do chur chun báis. Labhair a' rí annsain,
nuair a shamhluig sé an chúirt a bheith críoch-
nuighthe, agus d'fhiafhruig sé a' raibh sé críoch-
nuighthe. Dubhairt an Gobán go raibh acht
aon ní amháin a bhí 'sa bhaile uaidh mar gur
mhaith leis gan a leithéid de chúirt do bheith
ag éan-duine uasal eile 'na dhiaidh. Dubhairt
an Gobán ná faghadh éinne é acht a mhac féin
agus mac a' ríogh agus dob' fheárr leis a' rígh ann-
sain a mhac féin do chur d'á iarraidh 'ná mac
an Ghobáin agus do chuir.
Nuair a tháinigh sé ag triall ar bhean a'
Ghobáin, dubhairt sé gur cuireadh a d'iarraidh
"cam agus díreach" é agus dubhairt sí go raibh sé
'sa chófhra agus go raibh fhios aici gur dhear-
mhadadar é.
D'osgail sí a' cófhra agus do chuir sí cathaoir
le hais a' chófhra. Dubhairt sí leis seasamh
ar a' gcathaoir agus é thógaint, go raibh sé
i n-íochtar a' chófhra, go raibh sí ag iomchur
leinbh agus ná féadfadh a thógaint aníos.
Sheasaimh sé ar a' gcathaoir agus, nuair a chrom
sé dh'á lorg, thug sí a lámh leis agus chaith sí
isteach é.
"Fain-se annsain, a "cham"," ar sise, "nó
go dtagaidh "díreach"."
Thiomáin sí litir annsain chun a' ríogh a
fear a leogaint a bhaile, go gcoinneoghadh
sí féinig a mhac chun go dtagadh a fear féin.
Leog sise mac an ríogh a bhaile nuair a
tháinig a fear féin.