Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Toirtín Dhomhnaillín.
Title
Sgéalaidheacht. Toirtín Dhomhnaillín.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Ua Ruaidhrí, Seaghán
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TOIRTÍN DHOMNAILLÍN. Sgéilín leanbaidhe - le h-aghaidh na bPáisdí. Bhí caillichín ann fad ó nach raibh do chlainn aici acht aon mhalrach beag amhain a dtugadar Domhnaillín air. Bhí an mháthair ag dul amach lá, agus rinnidh sí toirtín milis do Dhomhnaillín agus chuir sí síos é, agus dubhairt sí leis aire mhaith do tabhairt do'n tigh go bfilleadh sí, agus gan an toirtín do leigean a dhóghadh, acht a ithe chomh luath a's bheadh sé réidh. Gheall Domhnaillín sin a dhéanadh, 's ní rabh an mháthair a bhfad imthigh'e nuair do ghlaoidh an toirtín amach - "Tiompuigh me anois, a Dhomhnaillín, tá an taobh seo bruitthidh."
"Tiompoghad," arsa Domhnaillín, 's thiom- puigh sé é. 'Réis tamaillín beag eile ghlaoidh sé amach arís "Tóig mé a Dhomhnaillín, táim réidh anois 's tá me dho mo dhóghadh." "Tóigfead," arsa Domhnaillín, 's rug sé air an tlú le na thógbháil, act d'éirigh an toirtin é fhéin ó'n ngreidil 's amach leis ar an urlár 'na sheasadh agus ag déanadh ar an doras. Chuaidh Domhaillín ar an dorus roimhe agus an tlú i n-a láimh ag bagairt air, acht roithigh an toirtín amach eadair a dhá chois agus síos an casán leis, a' glaoidheach "Slán leat, a Dhomhnaillín." "Mo chuid tubaiste leat," arsa Domh- naillín, agus chaith an tlú leis, acht níor bhain sé cleite as. Chuaidh an toirtín amach ar an mbóthar mór, 'réis sin agus bhí sé ag roithigheacht roimhe gur casadh buidhean daoine uaisle air. "Go mbeannuighe Dia dhuit, a thoirtín," ars' iad-san. "Go mbeannuighe Dia 's Muire daoibh-se, a dhaoine uaisle," ar sé. "Ca fhad a dtanaic tú i ndiu?" ar siad. "Thanaic mé ó shean-mhnaoi agus a mac, 's rachad uaibh-se, má thig liom," ars' an toirtín. Ruitheadar 'na dhiaidh 's chaiteadar a gcuid maidí láimhe agus a gcuid hataí leis, acht níor bhaineadar cleite as an toirtín. Dh'imthigh sé roimhe annsin, 's níor bh'fhada gur casadh cóiste air agus é lán de mhná uaisle 'na suidhe ann. "Go mbeannuighe Dia dhuit, a thoirtín," ar siad. "Go mbeannuighe Dia 's Muire dhaoibh, a mhnáibh uaisle," ar sé. "Ca fhad a dtanaic tú i ndhiu?" ar siad- san leis. "Thanaic mé ó shean-mhnaoi 's a mac - ó lán a' bhóthair de dhaoine uaisle agus rachad uaibh-se, má's féidir liom," ar sé. Ruitheadar 'na dhiaidh, 's chaitheadar a gcuid boinéidí 's a gcuid lamhainní leis acht thug an toirtín na cosa leis uatha. D'imthigh se leis arís gur tharla dho dul thar teach sgoile, 's na sgoláirí ag tigheacht amach as. "Go mbeannuighe Dia dhuit, a thoirtín," ar siad leis. "Go mbeannuighe Dia 's Muire daoibh, a sgoláirí," ar sé. "Ca fhad a dtanaicir i ndiu?" ar siad. "Thanaiceas ó shean-mhnaoi 's a mac - ó lán a' bhóthair de dhaoine uaisle - ó lán cóiste de mhná móra - agus rachad uaibh-se, má fhéadaim." Ruitheadar 's chaitheadar a gcuid leabhraibh 'na dhiaidh acht níor bhaineadar cleite as an toirtín. Súd ar siubhal leis arís gur casadh air meitheal mhór de fhir oibre agus bheannuigheadar dhó ar an chaoi chéadna. "Ca fhad a dtanaicir i ndiu?" ar siad. "Thanaic mé ó shean-mhnaoi 's a mac - ó lán bóthair de dhaoine uaisle - ó lán cóiste de mhná móra - ó lán sgoile de sgolairí, 's rachad uaibh-se, má's féidir liom." Chaitheadar a gcuid ramhain 's sluas- aidíbh leis acht níor bhaineadar cleite as an toirtín. Le giorracht ar an sgeul chuaidh sé ó bhuidhin saighdhiúirí 's ó mhórán eile mar a' gcéadna, go dtanaic sé go bruach aibhne do ghabh trasna an bhóthair gan droichead ag dul thairis, agus bhí sionach 'na shuidhe ar bhórd na h-átha ag amharc ar an uisge. Dhearc an sionach ar an toirtín agus cidh gur mór an dúil do chuir sé ann níor leig air fein é. Faoi dheireadh d'fhiafhruigh an toirtín de cé an chaoi a rachaidís thar an áth.
"Má théigheann tú ar mo dhruim-se, snámh- faidh me anonn leat," arsa an sionach. "Rachad," ars' an toirtín, 's chuaidh sé 'marchuigheacht ar an sionach 's shuidh sé thiar ar a mhása. "a, tá me nimhneach ins an áit sin," ars' an sionach - "suidh níos fuide aniar orm." "Suidhfead," ar sé, a's theann sé isteach go lár a dhroma. "Ó, tá ball nimhneach annsin orm, teann aniar níos fuide." "Teannfad," ars' an toirtín, 's shuidh sé suas ar bhaic a mhuineáil. "a, tá me nimhneach 'san áit sin, suidh suas níos fuide orm," ars' an sionach. Chuaid an toirtín ar chúl a chinn acht dubhairt an sionach go rabh sé 'ghá ghortughadh 'san áit sin, 's go mb'fhearr dhó suidhe 'san éadan air. Do shuidh an toirtín ar a éadan, 's dubhairt an sionach go ndeunfadh sin, d'fhosgail sé a bheul 's fuair sé greim ar an toirtín. Shuidh se síos 's d'ith sé é go sásta agus chuir sin deireadh le toirtín Dhomhnaillín, agus críoch ar mo sgeilín-se. Ní rabh me acht sé bliadhna nuair do chualas an sgéilín seo. Budh é "cáicín" dubhairt an buachaill beag d'innis é acht budh toirtín thugamar-ní ar "cáicín" an tráth sain. Is anann "mná móra" 's mná uaisle san áit úd. "Nimhneach" an focal coitchíonnta = sore (Béarla) i leabaidh "tinn" = sick. "Gortughad" = a hurt, hurting. An é sionach an ceartas? Do chonaiceas sionnach ar uairibh, acht budh é sionach dubhramar-ní. SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ. 187 Abbey-road, Barrow, Beáltaine 4adh, 1902.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services