Sgéilín leanbaidhe - le h-aghaidh na bPáisdí.
Bhí caillichín ann fad ó nach raibh
do chlainn aici acht aon mhalrach
beag amhain a dtugadar
Domhnaillín air.
Bhí an mháthair ag
dul amach lá,
agus rinnidh sí toirtín milis
do Dhomhnaillín agus chuir
sí síos é, agus dubhairt sí
leis aire mhaith do
tabhairt do'n tigh go bfilleadh sí, agus gan an
toirtín do leigean a dhóghadh, acht a ithe chomh
luath a's bheadh sé réidh.
Gheall Domhnaillín sin a dhéanadh, 's ní
rabh an mháthair a bhfad imthigh'e nuair do
ghlaoidh an toirtín amach -
"Tiompuigh me anois, a Dhomhnaillín, tá
an taobh seo bruitthidh."
"Tiompoghad," arsa Domhnaillín, 's thiom-
puigh sé é.
'Réis tamaillín beag eile ghlaoidh sé amach
arís "Tóig mé a Dhomhnaillín, táim réidh
anois 's tá me dho mo dhóghadh."
"Tóigfead," arsa Domhnaillín, 's rug sé
air an tlú le na thógbháil, act d'éirigh an
toirtin é fhéin ó'n ngreidil 's amach leis ar
an urlár 'na sheasadh agus ag déanadh ar an
doras.
Chuaidh Domhaillín ar an dorus roimhe agus an
tlú i n-a láimh ag bagairt air, acht roithigh
an toirtín amach eadair a dhá chois agus síos an
casán leis, a' glaoidheach "Slán leat, a
Dhomhnaillín."
"Mo chuid tubaiste leat," arsa Domh-
naillín, agus chaith an tlú leis, acht níor bhain
sé cleite as.
Chuaidh an toirtín amach ar an mbóthar
mór, 'réis sin agus bhí sé ag roithigheacht roimhe
gur casadh buidhean daoine uaisle air.
"Go mbeannuighe Dia dhuit, a thoirtín,"
ars' iad-san.
"Go mbeannuighe Dia 's Muire daoibh-se,
a dhaoine uaisle," ar sé.
"Ca fhad a dtanaic tú i ndiu?" ar siad.
"Thanaic mé ó shean-mhnaoi agus a mac, 's
rachad uaibh-se, má thig liom," ars' an
toirtín. Ruitheadar 'na dhiaidh 's chaiteadar
a gcuid maidí láimhe agus a gcuid hataí leis,
acht níor bhaineadar cleite as an toirtín.
Dh'imthigh sé roimhe annsin, 's níor bh'fhada
gur casadh cóiste air agus é lán de mhná uaisle
'na suidhe ann.
"Go mbeannuighe Dia dhuit, a thoirtín,"
ar siad.
"Go mbeannuighe Dia 's Muire dhaoibh, a
mhnáibh uaisle," ar sé.
"Ca fhad a dtanaic tú i ndhiu?" ar siad-
san leis.
"Thanaic mé ó shean-mhnaoi 's a mac -
ó lán a' bhóthair de dhaoine uaisle agus rachad
uaibh-se, má's féidir liom," ar sé.
Ruitheadar 'na dhiaidh, 's chaitheadar a gcuid
boinéidí 's a gcuid lamhainní leis acht thug
an toirtín na cosa leis uatha.
D'imthigh se leis arís gur tharla dho dul
thar teach sgoile, 's na sgoláirí ag tigheacht
amach as.
"Go mbeannuighe Dia dhuit, a thoirtín,"
ar siad leis.
"Go mbeannuighe Dia 's Muire daoibh,
a sgoláirí," ar sé.
"Ca fhad a dtanaicir i ndiu?" ar siad.
"Thanaiceas ó shean-mhnaoi 's a mac - ó
lán a' bhóthair de dhaoine uaisle - ó lán
cóiste de mhná móra - agus rachad uaibh-se,
má fhéadaim."
Ruitheadar 's chaitheadar a gcuid leabhraibh
'na dhiaidh acht níor bhaineadar cleite as an
toirtín.
Súd ar siubhal leis arís gur casadh air
meitheal mhór de fhir oibre agus bheannuigheadar
dhó ar an chaoi chéadna.
"Ca fhad a dtanaicir i ndiu?" ar siad.
"Thanaic mé ó shean-mhnaoi 's a mac -
ó lán bóthair de dhaoine uaisle - ó lán
cóiste de mhná móra - ó lán sgoile de
sgolairí, 's rachad uaibh-se, má's féidir
liom." Chaitheadar a gcuid ramhain 's sluas-
aidíbh leis acht níor bhaineadar cleite as an
toirtín.
Le giorracht ar an sgeul chuaidh sé ó
bhuidhin saighdhiúirí 's ó mhórán eile mar a'
gcéadna, go dtanaic sé go bruach aibhne do
ghabh trasna an bhóthair gan droichead ag dul
thairis, agus bhí sionach 'na shuidhe ar bhórd na
h-átha ag amharc ar an uisge. Dhearc an
sionach ar an toirtín agus cidh gur mór an dúil
do chuir sé ann níor leig air fein é. Faoi
dheireadh d'fhiafhruigh an toirtín de cé an
chaoi a rachaidís thar an áth.
"Má théigheann tú ar mo dhruim-se, snámh-
faidh me anonn leat," arsa an sionach.
"Rachad," ars' an toirtín, 's chuaidh sé
'marchuigheacht ar an sionach 's shuidh sé thiar
ar a mhása.
"a, tá me nimhneach ins an áit sin," ars'
an sionach - "suidh níos fuide aniar orm."
"Suidhfead," ar sé, a's theann sé isteach
go lár a dhroma.
"Ó, tá ball nimhneach annsin orm, teann
aniar níos fuide."
"Teannfad," ars' an toirtín, 's shuidh sé
suas ar bhaic a mhuineáil.
"a, tá me nimhneach 'san áit sin, suidh
suas níos fuide orm," ars' an sionach.
Chuaid an toirtín ar chúl a chinn acht
dubhairt an sionach go rabh sé 'ghá ghortughadh
'san áit sin, 's go mb'fhearr dhó suidhe 'san
éadan air. Do shuidh an toirtín ar a éadan,
's dubhairt an sionach go ndeunfadh sin,
d'fhosgail sé a bheul 's fuair sé greim ar
an toirtín. Shuidh se síos 's d'ith sé é go
sásta agus chuir sin deireadh le toirtín
Dhomhnaillín, agus críoch ar mo sgeilín-se.
Ní rabh me acht sé bliadhna nuair do chualas an
sgéilín seo. Budh é "cáicín" dubhairt an buachaill
beag d'innis é acht budh toirtín thugamar-ní ar
"cáicín" an tráth sain. Is anann "mná móra"
's mná uaisle san áit úd. "Nimhneach" an focal
coitchíonnta = sore (Béarla) i leabaidh "tinn" = sick.
"Gortughad" = a hurt, hurting. An é sionach an
ceartas? Do chonaiceas sionnach ar uairibh, acht
budh é sionach dubhramar-ní.
SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.
187 Abbey-road, Barrow,
Beáltaine 4adh, 1902.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11