Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rothaidheacht faoi Chonnamara
Title
Rothaidheacht faoi Chonnamara
Author(s)
Ua Connaolla, Mícheál,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Rothaidheacht faoi Chonnamara (Gaedhilg na h-Aráin) Mícheál Ua Connaolla do sgríobh Tráthnóna Domhnach Cásga taréis mo dhínéir do bhuaileas síos go d-tí mo chara Seághan Uí Neachtain a chómhnuidheas i sráid na croise san g-cathair seo (.i. i nGaillimh) le go d-tiucfamuis a' rothaidheacht. Ní raibh acht an focal ar mo bheul 'na thaobh nuair a dúbhairt Seághan go d-tiucfadh go fonnmhar, óir mar mé féin bidheann sé astigh ar feadh na seachtmhuine. Do ghluai- seamar orrainn agus amach linn.
Chuadhamar síar Bóthar-na-Trágha, agus níor stopamar de'n seársa sin go ndeachamar go Beárna, baile beag trí mhíle as Gaillimh. Ar feadh an achair sin níor labhra- mar focal le n-a chéile ná le duine ar bith eile acht Gaedhilge. Bhí daoine go leór ag teacht i d-teannta a chéile ins an mbaile beag seo, mar bhí Pádraic ua Céirín agus a shluagh le cruinniughadh a bheith aca an tráth- nóna sin, óir bhí sé a' cur isteach ar a bheith 'na stuiróir ar an g-Condae. Ní dheárnamar aon mhoill anso, acht siar linn mar bhídheamar nuadhaidhe ag an áer bhreágh folláin bhí ag teacht ó'n bhfairrge, go h-áirighthe ó bhí cleachtadh againn air ariamh. Ba gheárr go rabhamar timchioll naoi míle as Gaillimh, 'gus ó thárla go raibh sé deireannach san lá nuair a ghluaiseamar, bhí deireannas na h-oidhche ag teannadh linn. Bhí mo chara a' cuimhniughadh ar filleadh ar ais. Chuimhnigh mé féin go m-béidheadh an siopa dúnta lá 'r na mhárach (Luan Casga). "A Sheághain," arsa mise, "is beag a chuirfeadh eidir mé agus a dhul siar go Spidéul anocht agus fanacht ann go maidin, agus a dhul síar faoi na sleubthta amárach ó thárla an lá 'na shaoire agam." "Tá go maith", arsa Seághan, "bíodh do chómhairle féin agad." Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Tar éis tamall cainte do dheunadh i dtaoibh an aistir, dúbhairt mé leis innsint san mbaile nach mbéidhinn ar ais an oidhche sin. Dubhramar slán agus beannacht le n-a chéile ansin; soir leisean agus siar liomsa. Níor chomhnaigh mise go ndeachaidh mé go Cnoc, baile 'tá timchioll dhá mhíle taobh shiar de'n Spidéul. Cé casfaidhe ansin liom acht mo cháirde, Donnchadh ua Doinneadh agus Mac uí Mhacain, máighstrí sgoile an Spidéil agus an Chnoic, agus cáirde mhaithe i gcúis na Gaedhilge. Tá gach duine aca 'ghá múnadh ins an sgoil agus i g-cumhan- tóiridhe mar an g-ceudna. Bhí cruinniughadh mór san gCnoc an lá seo. Bhí óráideacha Gaedhilge ann, agus caint bhríoghmhar, bhlasda leis sin. Thug Mícheál ua Loighin óráid Ghaedhilge uaidh a chuirfeadh áilleacht ar do chroidhe. Nuair a bhí sé réidh chluisfeá na daoine ag rádh "sin an chaint a bhfuil an craicion uirthe." Is casaid mhaith de'n Ghaedhilg é Michéal. Tar éis tamall cainte do bheith againn d'innis mé dhóibh an t-aistir a bhí rún agam do dheunadh. Dubhairt Mac Ui Dhoinneadh liom fánacht leisean an oidhche sin go d-tiucfadh sé síar i n-aonfheacht liom lá 'r na mhárach. Ghlac mé buidheachas leis agus dubhras, "is é mo charaid a déarfadh liom é," agus cuadhamar go dtí an teach. Bhí bean an tighe an- fháilteamhuil rómham go deimhin agus cuir cumaoin orm chomh maith agus dhá m-béadh aithne aice orm ariamh. Chaitheamar an chuid eile de'n oidhche sin go súgach, sultmhar. Ag an deich a chlog lá 'r mhárach chuaidh mé féin agus an Maighistir amach agus dubhairt sé go dtiucfamuis chomh fada le Carra' Ruadh, baile tá timchioll fiche míle ó'n Spidéul, acht nuair a shroitheamar é sin, ní raibh muid sásta, nó go n-deachamar ceathair nó cúig de mhíltibh taobh shiar de, agus dálta an lae roimhe níor labh- ramar focal acht Gaedhilg. Ag teach sgoile an Tulla (Tully N.S.) ar an mbealach siar, casadh Mícheál Ua Loighin linn (an fear a thráchtas ar cheana). Sheasamar ag caint leis ar feadh tamaill. Ba ghearr go d-táinig na páisdí amach as an sgoil. Bhí timchioll trí fichid daoibh ann eidir bhuachaillibh agus cailínibh beaga, agus deirimse leat gur b'shin í an áit a raibh an siosga agus an chaismirt; go daimhin agus go dearbhtha cuirfeadh sé bród ar chroidhe Éireannach ar bith a bhéadh ag éisteacht leis na bpáisdí sin; cuid aca deich mbliadhna d'aois nó mar sin, ag innseacht a sgéil d'á chéile a d-teanga dúthchais ár d-tíre. Tá Gaedhilge mhaith bhlasda ag oide na sgoile sin, acht ní bhídheann sé 'gá múnadh san sgoil is clóis dam. Séamus ua Cuílleánn is ainm dó. Bhídheamar 'gá rádh le chéile nach gcaillfidhe an Ghaedhilge go deo san g-ceantar sin. (Tuilleadh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services