Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rothaidheacht faoi Chonnamara

Title
Rothaidheacht faoi Chonnamara
Author(s)
Ua Connaolla, Mícheál,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Rothaidheacht faoi Chonnamara
(Gaedhilg na h-Aráin)



Mícheál Ua Connaolla do sgríobh



Tráthnóna Domhnach Cásga taréis mo dhínéir do
bhuaileas síos go d-tí mo chara Seághan Uí Neachtain a
chómhnuidheas i sráid na croise san g-cathair seo (.i. i
nGaillimh) le go d-tiucfamuis a' rothaidheacht. Ní raibh
acht an focal ar mo bheul 'na thaobh nuair a dúbhairt
Seághan go d-tiucfadh go fonnmhar, óir mar mé féin
bidheann sé astigh ar feadh na seachtmhuine. Do ghluai-
seamar orrainn agus amach linn.


L. 115


Chuadhamar síar Bóthar-na-Trágha, agus níor stopamar
de'n seársa sin go ndeachamar go Beárna, baile beag
trí mhíle as Gaillimh. Ar feadh an achair sin níor labhra-
mar focal le n-a chéile ná le duine ar bith eile acht
Gaedhilge. Bhí daoine go leór ag teacht i d-teannta
a chéile ins an mbaile beag seo, mar bhí Pádraic ua
Céirín agus a shluagh le cruinniughadh a bheith aca an tráth-
nóna sin, óir bhí sé a' cur isteach ar a bheith 'na stuiróir
ar an g-Condae.



Ní dheárnamar aon mhoill anso, acht siar linn mar
bhídheamar nuadhaidhe ag an áer bhreágh folláin bhí ag
teacht ó'n bhfairrge, go h-áirighthe ó bhí cleachtadh againn
air ariamh. Ba gheárr go rabhamar timchioll naoi míle
as Gaillimh, 'gus ó thárla go raibh sé deireannach san lá
nuair a ghluaiseamar, bhí deireannas na h-oidhche ag
teannadh linn. Bhí mo chara a' cuimhniughadh ar filleadh
ar ais. Chuimhnigh mé féin go m-béidheadh an siopa
dúnta lá 'r na mhárach (Luan Casga). "A Sheághain,"
arsa mise, "is beag a chuirfeadh eidir mé agus a dhul siar
go Spidéul anocht agus fanacht ann go maidin, agus a dhul
síar faoi na sleubthta amárach ó thárla an lá 'na shaoire
agam." "Tá go maith", arsa Seághan, "bíodh do
chómhairle féin agad." Bhí go maith agus ní raibh go h-olc.
Tar éis tamall cainte do dheunadh i dtaoibh an aistir,
dúbhairt mé leis innsint san mbaile nach mbéidhinn ar
ais an oidhche sin. Dubhramar slán agus beannacht le n-a
chéile ansin; soir leisean agus siar liomsa.



Níor chomhnaigh mise go ndeachaidh mé go Cnoc, baile
'tá timchioll dhá mhíle taobh shiar de'n Spidéul. Cé
casfaidhe ansin liom acht mo cháirde, Donnchadh ua
Doinneadh agus Mac uí Mhacain, máighstrí sgoile an
Spidéil agus an Chnoic, agus cáirde mhaithe i gcúis na Gaedhilge.
Tá gach duine aca 'ghá múnadh ins an sgoil agus i g-cumhan-
tóiridhe mar an g-ceudna.



Bhí cruinniughadh mór san gCnoc an lá seo. Bhí
óráideacha Gaedhilge ann, agus caint bhríoghmhar, bhlasda
leis sin. Thug Mícheál ua Loighin óráid Ghaedhilge uaidh
a chuirfeadh áilleacht ar do chroidhe.



Nuair a bhí sé réidh chluisfeá na daoine ag rádh "sin
an chaint a bhfuil an craicion uirthe." Is casaid mhaith
de'n Ghaedhilg é Michéal. Tar éis tamall cainte do
bheith againn d'innis mé dhóibh an t-aistir a bhí rún
agam do dheunadh. Dubhairt Mac Ui Dhoinneadh liom
fánacht leisean an oidhche sin go d-tiucfadh sé síar i
n-aonfheacht liom lá 'r na mhárach. Ghlac mé buidheachas
leis agus dubhras, "is é mo charaid a déarfadh liom é," agus
cuadhamar go dtí an teach. Bhí bean an tighe an-
fháilteamhuil rómham go deimhin agus cuir cumaoin orm
chomh maith agus dhá m-béadh aithne aice orm ariamh.
Chaitheamar an chuid eile de'n oidhche sin go súgach,
sultmhar.



Ag an deich a chlog lá 'r mhárach chuaidh mé féin
agus an Maighistir amach agus dubhairt sé go dtiucfamuis
chomh fada le Carra' Ruadh, baile tá timchioll fiche míle
ó'n Spidéul, acht nuair a shroitheamar é sin, ní raibh
muid sásta, nó go n-deachamar ceathair nó cúig de
mhíltibh taobh shiar de, agus dálta an lae roimhe níor labh-
ramar focal acht Gaedhilg. Ag teach sgoile an Tulla
(Tully N.S.) ar an mbealach siar, casadh Mícheál Ua
Loighin linn (an fear a thráchtas ar cheana). Sheasamar
ag caint leis ar feadh tamaill. Ba ghearr go d-táinig
na páisdí amach as an sgoil. Bhí timchioll trí fichid
daoibh ann eidir bhuachaillibh agus cailínibh beaga, agus
deirimse leat gur b'shin í an áit a raibh an siosga agus an
chaismirt; go daimhin agus go dearbhtha cuirfeadh sé bród
ar chroidhe Éireannach ar bith a bhéadh ag éisteacht leis
na bpáisdí sin; cuid aca deich mbliadhna d'aois nó mar
sin, ag innseacht a sgéil d'á chéile a d-teanga dúthchais
ár d-tíre. Tá Gaedhilge mhaith bhlasda ag oide na
sgoile sin, acht ní bhídheann sé 'gá múnadh san sgoil
is clóis dam. Séamus ua Cuílleánn is ainm dó.
Bhídheamar 'gá rádh le chéile nach gcaillfidhe an Ghaedhilge
go deo san g-ceantar sin.



(Tuilleadh)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services