Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn.
Title
Sgéalaidheacht. Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Beirn, Pádraig. Mín na Gualainne i nG
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGEAL CHUCHULAINN AG CUAN CÁRN. Chuaidh Cúchulainn go Cuan Cárn. Ní thug sé a airm ná a éideadh leis acht bior cuilinn bhí leis i n-a láimh. Chuir sé a Laoghaire agus a charbad timcheall agus a chuid arm agus éididh ins an charbad. Ní fada bhí sé 'na sheasamh ag an chuan go dtainic bean uasal i gcoite bheag. Chuir sé ceist uirthi cia aca do uaislibh ná do anuais- libh an domhain í. Dubhairt sí gur nighean (= inghean) do Rígh na Antoile bhí innti, agus go dtug rudaire gaisgidh searc agus síor-ghrádh dí go bhfuair sé í le pósadh: "Oidhche mo bhainse agus mo phósta," ars' ise, "thainic an Cítheach Árd, mac Ríogh na bhFear Borb, agus d'árduigh sé leis mé i gclonóig a sgéithe. Chuir mé fá gheasa agus fá dhíomdha na bliadhna é gan bean luighe a dheanamh díom 'fhad is thiocfadh liom gaisgidheach ar bith eile ar bhruinn thall an domhain fhághail a throidfeadh é. Chuala mé iomrádh ar Chúchu- lainn; smaoi'tigh mé gur tusa an fear." Ní rabh faill ag Cúchulainn a rádh cia aca is é ná nach é go dtainic an Cítheach Árd, mac Ríogh na bhFear Borb. Chuir sé ladhar a choise isteach i mbríste Chúchulainn gur chaith sé i n-áirde ins na fiormailtí é. Bhí torn-chleas ag Cúchulainn, dhá leigfidhe amach ins an spéir thuas é, go dtiocfadh sé ar a dhá chois ar an talamh. Nuair a fuair sé a theacht chuige féin annsin, bhí an Cítheach Árd amuigh ar an tsoitheach agus an bhean uasal leis. Bhí Cúchulainn buadhartha nach rabh arm ná éideadh aige leis an fhathach a throid. Chaith sé urchar do'n bhior cuilinn air agus bhuail sé é faoi'n asgall. Bhris sé trí hasnacha agus chuir sé trí bholguim fola amach. "Bheirim breathnughadh, a stócaigh," ars' an fathach, "má haostar ort, go gcuirfe tú
fearg ar dhuine ínnteach go fóill, agus fágfa mise do mhúnadh ar dhuine ínnteach eile; b'fhéidir nach dtiocfa tú trasna orm-sa choidhche aríst." Bhí fearg ar Chúchulainn, agus stróc sé a chuid éadaigh féin, mar nach rabh arm ná éideadh aige leis an fhathach a throid. Chuaidh sé 'un a' bhaile tárrnochttha. Ghlac sé a leabaidh ar acht gan éirghe a choidhche bráthach, cion is nach rabh a chuid arm ná éididh aige leis an fhathach a throid. Thainic Laoghaire agus an carbad annsin. Fuair sé cuid éadaigh a mhaighistir strócthaí. Thiomáin sé na beathaigh go géar gasta 'un a' bhaile. D'fhiafruigh díobhtha: "A' bhfaca sibh mo mhaighistir Cúchulainn?" Dubhairt siad go dtainic sé tá tamall ó shoin tárrnochttha 'un a' bhaile go rabh sé 'na luighe ar leabaidh ar tí gan éirghe go bhfághadh sé bás. Chuaidh an Laoghaire isteach annsin 'eanns' ar a mhaighistir Cúchulainn : "A mhaighistir a b'fhearr a bhí ag duine riamh, goidé seo thainic ort?" D'innis Cúchulainn dó goidé d'éirigh dó ag Cuan Cárn: "Tá mé ar tí luighe ar a' leabaidh seo go bhfágha mé bás." "Ná deán sin, a mhaighistir, acht éirigh 'do sheasamh. Cuireamuid biadh sheacht mbliadhan 'steach ar a' Bhric-mharcaigh ná go gcuirea- muid an domhan i bhfáinne ná go bhfághmuid a' Cítheach Árd go mbaine tú sásadh do mhasla as." Thóg siad annsin a seóltaí beaga bocói- deacha bacóideacha coimhide cóimhdhíreach', ag éisdeacht le lupadáin, le lapadáin, le saghaitbheach na bhfaoileann fionn ag dul amach go fíor-ghlinnte an aodhair, nár fhág siad táirnge gan síneadh, rópa gan suathadh, maide rámhaidhe gan ró-bhriseadh, 'cuir i gcéill agus gur bh'iad fhéin caisleán an chogaidh, fear ollmhuighe gach catha, clann an ríogh leis an raogh-mhnaoi, culaith dhíbeartha na nGall- óglach, gur stiuir siad an long isteach ag cuan ceangail ins an áit nach rabh siad ariamh aroimhe. Cheangail siad an long annsin agus thonaic siad cúirt agus caisleán ríogh. Ní fhaca siad oiread fear ariamh aroimhe agus thonaic siad annsin. Bhí buaidh ar Chúchulainn nach bhfaca sé cúirt ná caisleán ríogh riamh go gcaitheadh sé é fhéin a theint agus a pháilliún a dheánamh thuas os cionn caisleáin an ríogh. Tharraing siad croinn as an talamh, chuir siad rinn ar a mbun agus snaídhm ar a mbárr gur chumhduigh siad suas é le sgraithe caonaigh gur bhuail siad suas sponc agus teine chreasa go dtearn siad teinidh dóibh fhéin. Chaith siad biadh agus d'ól siad deoch. A ráidhtigh Cúchulainn: "A Laoghaire, coimheád thusa go gcodlaidh mise tamall, agus coimheádfa mise tamall duit-se ar ball." Thonaic an rí an toit thuas ins an teint: "Ní'l 'fhios agam cia na beadaidhe an- bheadaidhe chuir suas a dteint os cionn champa an ríogh. Gabhadh triúr agaibh suas agus tugaigidh anuas gaibhte iad sin. Mur' dtigidh siad libh anuas, bainigidh díobhtha an cionn." Chuaidh triúr aca suas [agus dubhairt siad le Laoghaire]: "Abair le do mhaighistir a theacht amach go dtéidh tú fhéin agus do mhaighistir síos gaibhthe, ná mur' dtéidhidh, bainfear an cionn díobh." "An é sin a rabh de ghnaithe ag teacht agaibh?" arsa Laoghaire. "'Sé," arsa iad-san. Rug Laoghaire ar a chraoiseach [agus ar] a chloidheamh. Bhain sé an cionn de bheirt aca.
Bhain sé a chuid éadaigh do'n tríomhadh fear agus chuir sé cinn na beirte eile anuas ar a mhuin. Ghlac sé fuip annsin agus sgiúr sé anuas go dtí campa an ríogh é ag innse do'n rígh gur buachaill an fhir thuas chuir anuas é agus dhá chionn a chomrádaidhe leis ar a mhuin. "Gabhadh dáréag agaibh suas," arsa 'n rí, "agus tabhraigidh anuas gaibhte iad." D'imthigh dháréag aca suas le príosúnaigh a dheanamh díobhtha. Nuair a thonaic Laoghaire ag teacht iad, bheir sé ar a chloidheamh, agus bhain sé an cionn de dheich gclaigne aca agus bhain sé a gcuid éadaigh do'n bheirt eile; chuir sé cúig cinn, mar déartha, ar dhruim ghach aon dhuine do'n bheirt. Ghlac sé an fhuip annsin agus sgiúr sé anuas iad go campa an ríogh. Nuair a thonaic an rí goidé bhí an buachaill ábalta a dheánamh, thug sé órdughadh d'á rabh ins an champa uili-g' a dhul suas go ndeánadh siad príosúnaigh díobhtha. Nuair a thonaic Laoghaire an t-iomlán ag teacht, d'aithin sé go mbéadh barraidheacht os a choinne. Mhusgail sé Cúchulainn. D'éirigh Cúchulainn 'na sheasamh. Thug sé sracadh ar a chloidheamh. Thug sé sgrábóg ar a shúla. "Bhfuil siad ag teacht?" a ráidhtigh Cúchulainn. "Táid siad chugainn aníos annsoin," arsa Laoghaire. Chuaidh Cúchulainn amach fá choinne thall i n-a n-airicis. "Goidé tá tú a dheánamh, a mhaighistir?" arsa Laoghaire. "Ná deán sin, a mhaighistir; seasuigh thall annsin taobh thall de'n charraig sin thall, agus seasacha mise i bhfos annseo. An fear imeachas ort-sa ceapfa mise é, agus an fear imeachas orm-sa ceapfa tusa é, go dtéimid fríobhtha, fúbhtha agus tharstú, go ndeánamuid trí chárnán díobhtha, cárnán d'á gcinn, cárnán d'á gcuim, agus cárnán d'á gcuid arm agus éididh." "Luighim faoi m'airm," a ráidhtigh Cúchu- lainn, "a Laoghaire, nach bhfuair mé fear mo chomhairleacha comh maith leat." Tainic siad 'un thosaigh. Bhí triúr fathach ar thoiseach na bhfear a rabh lorgadán iarainn ar ghualainn ghach aon dhuine acú a rabh buille 'gus sáthadh agus catch 'em davy air. Thúsuigh Cúchulainn agus Laoghaire orthú go dteacha siad fríobhtha, fúbhtha agus tharstú, mar rachadh seabhac fríd ailt ná préachán geárr fríd sgaifte cearc, go dtear' siad trí cárnáin díobhtha, cárnán d'á gcinn, cárnán d'a gcuim agus cárnán d'á gcuid airm agus éididh go dtainic siad go dtí an sean-rí é fhéin go dtug siad ceangal na gcúig gcaol air go dúr daingean dócamhlach. "Sgaoiligidh mé," arsa 'n rí, "agus gheánfa me báillidh agus péidse dhíbh le bheith 'cruinniughadh isteach áirdchíos na ríoghachta chugam." "Do dhona agus do dhothairne ort!" a raidh- tigh Cúchulainn; "goidé an fáth a mbéam- uistinne 'ar mbáillídhe ná 'ar bpéidsí agad? Céib' ar bith a dheánathá-sa le bheith 'do bháillídh agus 'do phéidse agam-sa, ní sgaoilfe mé thú," a ráidhtigh Cúchulainn, "go n-innse tú damh goidé an t-ádhbhar a rabh oiread fear cruinnighthe agad." "Well, tá mé ag glacadh isteach fear le seacht mbliadhna," a ráidhtigh an rí, "fá choinne dhul go hÉirinn, go marbhmuid an fear atá annsin, Conall Cearnach; bhain se an cionn dem' athair mór agus dem' athair fhéin." A ráidhtigh Cúchulainn: "Sin duine muin- teardha damh-sa, agus bhéarfa mé thusa gaibhte ceangailte go mbaine se an cionn díot fhéin mar an gcéadna." "Guidhim thú, a ghaisgidhigh ab' fhearr a thonaic me ariamh," a ráidhtigh an rí, "agus ná
deán sin liom. 'Á bhfeiceadh an fear sin mé, 'sé teicheadh mo chos nach dtabhairfeadh as damh!" "Well, sgaoilfe me thú," a ráidhtigh Cúchulainn. Thug an rí isteach iad ar dhaighneacht na cúirte. Bhí seacht ndoirse ar thaobh na sráide de'n chúirt a dtiocfadh le marcach gan tuirlinnt theacht isteach orthú. Thainic an biadh i n-eanad a chaithte, deoch i n-eanad a hólta, an t-ór i n-eanad a phronnadh, ceóltaí sídhe 'gus orgáin fríd an chúirt go dtainic moch lae agus luath éirghe gréine lá har n-a bhárach. Thug a' rí uisge agus tabhaill go dtí gach éan-fhear acú gur nigh siad a n-aghaidh agus a lámha. Fuair siad a mbric- feásta annsin. I ndéidh a mbricfeásta a ráidhtigh Cúchulainn leis a' rígh: - "Mharbh mé do chuid fear uilig indé; má tá ní ar bith 'sa' domhan ag cuir buaidheartha ort, réidhteacha mise duid sol a n-imthighe me." "Ní'l ní ar bith 'sa' domhan ag cuir buaidh- eartha orm," a ráidhtigh an rí, "acht nighean amháin a bhí agam. Thug fathach draoidheachta grádh dí. Mar nach bhfuigheadh se í le pósadh, rinn se péist dí le draoidheachta, agus tá sí 'na luighe ar a' loch thiar ar íochtar a' bhaile. Ní thiocfadh an draoidheachta bhaint dí, mur' bhfághthaoi gaisgidheach iongantach rachadh amach ar a' loch agus bhéarfadh trí póga dí ar thóin an locha. I ndéidh sin 's uilig a dheánamh, ní bhéidheadh gar ann; thiocfadh fathach na draoidh- eachta ort agus mhuir'feadh se thú. Ní thainic a'n fhear ariamh slán o n-a lámha." "Caillfear mise leis," a ráidhtigh Cúchu- lainn, "ná saorthacha mé do nighean." Chaith Cúchulainn de a chuid éadaigh. D'imthigh sé amach 'sa' loch. Thainic sé ar a' phéist 'na codladh agus thug sé trí póga dhí ar thóin a' locha. Thuit a'n draoidheachta dí, thainic sí leis ar uachtar an uisge ar ghreim bárr bosa agus hoult coise go dtug sé isteach i. Bhí sí tárrnochttha; chuir sé a chlóca thart 'na timcheall go dtug sé isteach 'un na cúirte í. Chuir sí a culaith éadaigh fhéin uirthí. Bhí cuma uirthí annsin comh maith agus bhí ariamh. A ráidhtigh an rí le Cúchulainn: "Measaim nach bhfuil a'n bhean go fóill agat. Geobha tú mo nighean-sa le pósadh agus iomlán mo ríoghachta." A ráidhtigh Cúchulainn: "Go rabh céad maith agat. Níor chuir mé buaidhreadh mná orm ariamh. 'Sé an obair atá agam troid le fathaigh, 'seasamh ceart do bhaintreacha 's do dhíleachtaí." A ráidhtigh an rí: "An misde damh a fhiafraighe cá bhfuil do thoisg ná do shíor- imtheacht ag dul?" "Ní misde go dearbhtha," a ráidhtigh Cúchulainn: "Bhí mé aon uair amháin ag Cuan Cárn. Thainic bean uasal isteach chugam i gcoite bheag ag Cuan Cárn. D'innis sí damh gur'b í nighean ríogh na Antoile 'sa' Domhan Thoir í. Oidhche a bainse 's a pósta ar a' rudaire gaisgidh thainic a' Cítheach Árd, mac ríogh na bhFear Borb, 'd'árduigh se leis mé i gclonóig a sgéithe,' ars' ise, 'chuir mé fá gheasa fá dhíomdha na bliadhna é, a' laoch ba mheasa agus ba mheaithtí 'ná é fhéin, a chionn, a chosa agus a choimheád beatha bhaint de, gan bean luighe a dheanamh díom fad agus gheobhainn gaisgidheach ar bith ar bhruinn thall an domhain a throid- feadh é. Chuala mé iomrádh ar Chúchulainn i n-Éirinn; smaoi'tigh mé gur tusa an fear." Ní rabh faill agam innse dí cia 'cú budh mé ná nach mé go dtainic a' Cítheach Árd, mac ríogh na bhFear Borb orm, rug sé ar a' mhnaoi uasal agus chuir sé faoi n'asgaill í. Chuir se ladhar mór a choise isteach i bhforc mo bhríste, chaith se i n-áirde mé ins na fiormailtí.
Thainic me ar mo dhá chois ar a' talamh. Bhí sé amuigh ar a luing ins an am sain. Bhí mé buaidheartha mar nach rabh arm agus éideadh agam a throidfeadh e. Chaith me urchar do'n bhior chuilinn a bhí in mo dhórn, bhuail mé faoi'n asgaill é, agus bhris mé trí hasnacha ann. Chuir se trí bholgam fola amach. "Bheirim breath- nughadh, a stócaigh," a ráidhtigh an fathach, "má haostar ort, go gcuirfe tú fearg ar dhuine innteacht go fóill; b'fhéidir nach dtiocfá trasna orm-sa choidhche aríst; fágfa me do mhúnadh ar dhuine innteach eile." Tá me anois ag cuartughadh a' Chíthigh Áird, mhac ríogh na bhFear Borb, ariamh ó shoin, agus ní'l fhios agam cá bhfuil sé ná cé bhfuighe mé é." "Is maith mar thárlaidh," a ráidhtigh an rí, "tá a ríoghthachta [ag] críochantacht liom-sa. Thig liom-sa," a ráidhtigh an rí, "do chuir ar an eolus, agus is fheárr duid pilleadh 'un a' bhaile; ní thainic aon fhear ariamh slán o n-a lámha." "Ní feárr liom mo shiubhal uilig 'ná fios fhághail cá bhfuil se," a ráidhtigh Cúchulainn. D'éirigh an ghaoth, táirneach agus splanncach, thainic an fathach anoir ionn i néal go rabh se i bhfogus dóibh; chaith se é fhéin amach as an néal agus a chlaidheamh mór clais-leathan cinn óir leis. "A Chúchulainn as Éirinn," a ráidhtigh an fathach, "Bhí se beadaidhe iomarcach agad baint do mo ghnaithe-sa. Bhéarfa mise ort nach duid is fheárrde. Tionntuigh anuas annseo ga mbaine me díod do chionn." "B'fheidir gur'b é do chionn fhéin a' chead chionn a thiocfadh anuas," a ráidhtigh Cúchu- lainn. Thoisigh an dís ar a chéile mar rabh dhá leómhan ann go dtear' siad bogach de'n chreagach agus creagach de'n bhogach, toibre glana fíoruisge i lár na gcloch glas; 'á dtigeadh éan beag ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gura' dh'amharc aeir agus iongantais ar a' dís a bhí ann a thiocfadh. Smaoi'tigh Cúchulainn gur bhocht an rud dó e fhéin fhághail marbh le fathach mór i dtír choimhigheach, thóg se a chroidhe suas i meangán a chléibh, thóg se a chlaidheamh agus bhain sé an cionn de'n fhathach. Thuit an fathach marbh. "'Nois," a ráidhtigh Cúchulainn leis an rígh, "tá do nighean-sa saor agat agus tá'n fathach marbh; is fheárr duid sin 'ná an méid fear a mharbh mise i ndé uaid." A ráidhtigh an rí: "Is fhearr liom é 'ná a mhíle oiread." Thaisean an rí dó an bealach i rachadh se go dtí an Cítheach Ard. D'fhág Cúchulainn slán agus beannacht aige. Shín leis i n-a thrí síomáin agus mar ruagaire reatha. D'innis an rí dó go raibh beirt dhearbhráithreach ag an Chítheach Árd taobh 'muigh de fhéin, an Garaidh Garbh-ghlúnach, mhac Ríogh na bhFear Borb agus an Dragún Teinntidhe, mac Ríogh na bhFear Borb. Shín Cúchulainn leis annsin go rabh sé ag cuaille comhraic an chead fhir. Bhuail se buille ar an chuaille comhraic. Thainic an fathach mór amach: "'Dtig libh fios nó eólus a thabhairt damh cia an fathach a bhuail an buille ar mo chuaille comhraic?" "Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn; "gur mise an fear a bhuail e agus go mbuailfinn a leithid eile a bhuille ort-sa go hárd- acfhainneach i mullaigh na claigne." Thoisigh an dís ar a chéile, an fathach agus Cúchulainn, agus bhí an bheirt cómh maith ag dhá chlaidheamh agus tráthnóna nach rabh aon dheór fhola le ceachtar acú. A ráidhtigh an fathach: "Tá me 'g iarraidh fhosadh comhraic ort go dtí maidin i mbárach. Gabh fhéin agus do bhuachaill isteach ins an teach fholamh annsin thiar." Stad an troid. Chuaidh an fathach 'un a
chaisleáin. Chuaidh Cúchulainn agus Laoghaire go dtí an teach folamh go maidin. Le héirghe gréine lá har n-a bhárach chuaidh Cúchulainn amach, bhuail sé buille ar an chuaille chomhraic nach gcualaidh an fathach a leithid ariamh aroimhe. "A Chúchulainn," a ráidhtigh an fathach, "tá margáil deánta agam-sa i ndiú; ní'l fhios agam an seasacha tusa dó: Gan duine ar bith againn buille an duine eile cheapadh ná chosnamh go dtí an oidhche." "Tá me sásta," a ráidhtigh Cúchulainn. Thoisigh an dís ar a chéile. Ní luighfeadh teinidh ar an fhathach agus ní dheargfadh arm air leis an draoidhtheacht. Gach aon bhuille 'a mbuaileadh sé ar Chúchulainn, théidheadh sé isteach go dtí an chnámh ann. "Tá me 'g iarraidh fhosadh comhraic ort," a ráidhtigh Cúchulainn. "Bhéarfa mé sin duid," a ráidhtigh an fathach; "Ná himthigh le do chionn go hÉirinn go bhfágha mise a bhaint díod i mbárach." "Ní imeachaidh," a ráidhtigh Cúchulainn. Chuaidh an fathach isteach 'un a chaisleáin. Chuaidh Cúchulainn isteach 'un a' tighe. "Beir ar do chlaidheamh," a ráidhtigh Cúchulainn le Laoghaire, "agus bain díom mo chionn agus imthigh go hÉirinn leis, sol a rabh sé le rádh ag fathach i dtír choimhightheach gur bhain se díom mo chionn." "Cha dteánaim," a ráidhtigh Laoghaire, "acht troidfe me an fathach i mbárach agus anóirthear agus ghach lá go mí ó 'ndiú; cuirfe mé thusa faoi léigheas." Leis sin fhéin buaileadh buille ar an dorus. "Cia siud ag an dorus?" a ráidhtigh Cúchulainn. "Mise Fuidí Faidí as Éirinn." "Gur'b é feadhrom do bheatha agus do shláinte as Éirinn, a Fhuidí Faidí; ní rabh me riamh i gcruadh-chás cómh mór is tá me." Thug Fuidí Faidí a' luibh gharbh ghlas as a phóca. Chumail se do chneadhacha Chúchulainn í. D'fhág se slán folláin e. "A Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí, "rinn tú margáil amaideach leis an fhathach. Bhí an fear sin ag fathach draoidhtheachta seacht mbliadhna go dtug fabhairt dó fhéin le huisge draoidhtheachta. Níor chuimhnigh se an t-uisge a chur suas ar a dhruim agus ní mhuirbhfe tú é acht mur n-aimsighe tú ins an druim é. A' dara fathach mar an gcéadna, fuair se fabhairt do dh'uisge na draoidh- theachta; níor chuimhnigh se a chur suas ar phollán a shróna. An tríomhadh fathach, fuair se fabhairt do dh'uisge na draoidhtheachta mar an gcéadna; níor chuimhnigh se a chur suas isteach i bpoll a chluaise. Cuimhnigh ar na háiteacha ná ní bhfuighe tú iad a choidhche. Anois, a Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí, "am ar bith ar maith leat a' t-uisge fhághail, fágfa mise 'do sheasamh ionn i ndam uisge thú. Nuair atchífeas an fathach go bhfuil biseach ort i mbárach, éireacha sé i n-áirde mar rabh a' préachán dubh ann lé theacht anuas ort. Fágfa mise triúr chloinne Thuath Dé Danann le trí fuipeannaí bhuail- feas anuas 'un talaimh e. Slán agus beannacht agad, a Chúchulainn. Caithfe mise codladh anocht ar shléibhte garbha Conallacha i gCon- dae na nGall faoi mhaidin." Shín leis. Níor chodluigh Cúchulainn a'n néal go maidin lé theacht ar an fhathach go luath ar maidin. 'Á luas 'ar éirigh an ghrian, d'éirigh Cúchulainn, chuaidh se go dtí an cuaille comhraic, bhuail se buille air nár fhág se searrach i gcapall ná uan i gcaoraigh ná páisde i mnaoi ná gamhan i mboin fríd an ríoghacht nár chraith se. A ráidhtigh an fathach le n-a mhnaoi: "Má's é siud Cúchulainn i ndiú ag mo chuaille comhraic, tá eagla orm go dtuitfidh fear
innteach againn le láimh an fhir eile, agus b'fhéidir gur mise an fear," Thainic an fathach amach annsoin: - "Tá biseach ort, a Chúchulainn." "Tá," a ráidhtigh Cúchulainn. "A' dtroidfiomuid," a ráidhtigh an fathach, "mar throid muid i ndé?" "Ní throidfidh," a ráidhtigh Cúchulainn; "buailfe mise agus coiseona me. Troid thusa mar is mian leat." Thoisigh an fathach agus Cúchulainn ar a chéile mar rabh dhá leómhan ann. Thanaic (chonnaic) an fathach nach ndeánfadh se maith le Cúchulainn. D'éirigh se i n-áirde mar rabh préachán ann lé theacht anuas le goin bháis agus mharbhtha ar Chúchulainn. D'amhairc Cúchul- ainn suas agus thanaic se an triúr os a chionn le trí fuipeannaí gur bhain siad ceó cluimh- righe as a chorp gur chuir siad anuas 'un talaimh é. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an t-uisge fhághail. Fuair se e fhéin 'na sheasamh i n-uisge. Sgaoil se an gath leis gur chuir sé isteach aige n-a dhruim e gur shroich se suas ocht n-ailt déag ar chnámh a dhroma gur thuit an fathach marbh. Bhain se de a chionn. A ráidhtigh Cúchulainn: "A Laoghaire, cuir gamhnach dharach isteach ar a' chluais agus amach ar a' chluais eile, caith a' cionn ar do dhruim is siubhail leat, 'tarraint ar a' darna fear." Chuaidh siad go dtí cuaille comhraic an darna fir. Bhuail Cúchulainn buille ar an chuaille comhraic. Thainic an fathach amach. "'Dtig libh fios ná eólus a thabhairt damh cia an fathach a bhuail an buille ar mo chuaille comhraic nach gcuala me ariamh a roimhe a leithid eile buailte?" "Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn, "gur mise an fear a bhuail e." "Goidé mar fuair tú isteach thaire o mo dhearbhráthair?" "A' n-aithneochthá cionn do dhearbhráthar? A Laoghaire, caith anuas an cionn." "'Sé sin cionn mo dhearbhráthar," a ráidh- tigh an fathach; "bhéarfa mise ort nach duid is fhearrde!" Thoisigh an dís ar a chéile. Ba ghoirid gur éirigh an fathach i n-áirde i n-a phréachán dhubh. Thainic an triúr a bhí thuas air le n-a gcuid fuipeannaí gur bhuail siad anuas 'un talaimh é. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an t-uisge fhághail. Fuair se é, 'na sheasamh i n-uisge, is sgaoil se leis an gath isteach ar poll a shróna agus amach ar mhullaigh a chlaigne gur thuit an fathach marbh. Chaith Cúchulainn de an cionn is d'fhág se annsin iad. Shín siad leóbhtha annsin ag tarraint ar bhun na gnaithe, sin an Cítheach Árd. Nuair a thainic siad fá dhá mhíle do chaisleán an fhathaigh sin, ní thiocfadh leis a chos a leagan ar talamh acht i mullaigh corp fir. Ins an chionn ab' fhuidhe uadh de'n ár chuala sé caoineadh mná. Dhruid se léithe. Nuair a thanaic sí é ag teacht, rinne sí muthughadh gáire. A ráidhtigh Cúchulainn leis an mhnaoi: "Goidé fáth do ghola ná do gháire?" "'Sé fáth mo ghola, an méid de dh'fhir mhaithe a thainic liom a chruinniughadh. Tá a ndeireadh marbh annseo agus tá siad 'na luighe marbh annseo anois. 'Sé fáth mo gháire, chuaidh me a'n uair amháin go hÉirinn 'eanns' ar Chúchulainn. Smaoi'tigh mé, nuair a thanaic mé thusa gur tú an fear. 'S mé a' bhean bhocht agus b'fheárr damh gan d'fhaiceáil ariamh!" "Cá bhfuil a' fathach anois?" do ráidhtigh Cúchulainn. "Tá se 'sa' tsruthán adaidh thall, 'nighe de deireadh na fola. Tá se le mise thabhairt 'un a' chaisleáin le bean luighe a dheanamh díom."
"Cuirfe mise moill air go fóill," a ráidhtigh Cúchulainn. Bheir Cúchulainn ar chloich. Chaith se urchar de'n chloich amach as crann tábhaill. Bhuail se an fathach faoi'n asgaill. Chaith se ar a leath-ghlúin 'sa' tsruthán e, agus chuir se trí bholgam fola amach. Thóg an fathach an chloch chéadna agus chaith se í anoir ar ais as a dhórn. Bhuailfeadh sí Cúchulainn [acht] go bhfuair se í cheapadh leis an chrann tábhaill chéadna a chuir se uirri. D'imthigh an fathach isteach 'un a' chaisleáin go dteacha se faoi n-a chuid arm agus éididh. Thoisigh se agus Cúchulainn ar a chéile mar rabh dhá leómhan ann. Ba ghoirid a bhí siad ag troid gur éirigh an fathach mar rabh préachán dubh ann lé theacht anuas air lé goin bháis agus mharbhtha. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an t-uisge bheith aige. Fuair se e 'na sheasamh 'san uisge agus leig se an gath leis ar dhruim an uisge. Reath an gath isteach ar an a chluais agus amach ar an chluais eile. Thuit an fathach marbh. Chaith Cúchulainn de an cionn. Bhí an bhean saor. Chuaidh siad isteach 'un an chaisleáin go dtug siad leóbhtha an méid seóidí agus péarlaí bhí 'sa' chaisleán. Thug siad annsoin leóbhtha an bhean go dteacha siad go dtí an long, an Bhreac- mharcach, gur thóg siad a seóltaí beaga bocóideacha bacóideacha coimhde coimhdhír- eacha 'g dul i mbárr na gcrann, ag éisdeacht le lupadáin, le lapadáin, le gutha na róntach, le séitbheach na bhfaoileann fionn 'g dul amach go fíor-ghlinnte an aodhair, nar fhág siad táirnge gan síneadh, rópa gan suathadh, maide rámha gan ró-bhriseadh, 'cuir i gcéill agus gur bh'iad féin leómhantaí na troide, maca riog leis an raogh-mhnaoi, fear sgiúrtha mharcacha, ollmhuigh'e gach fathaigh, culaith dhíbeartha na nGall-óglach gur stríoc siad an long isteach ins an Domhan Thoir faoi chaisleán Ríogh na Antoile go dtug se suas a nighean slán sábháilte dó. Chuir Rí na hAntoile sgéala 'eanns' ar an rudaire gaisgidh theacht, go rabh an bhean annsin fá n-a choinne. Thainic an rudaire gaisgidh annsin. Ní rabh bean ar bith aige ó d'imthigh se. Pósadh annsin an lánamhain. Rinn siad bainis a mhair lá 'gus bliadhain, go mb'fheárr an lá deireannach 'ná an chead lá. Bhí mise ar an bhainis. Fuair mé stocaí bainne reamhair, bróga gloine agus bríste páipeir. 'Teacht anuas an mhalaidh ud thall damh, thuit me, briseadh mo bhróga, dórtadh na stocaí, bhris me mo bhríste, thanaic me solus annseo agus tharraing me air.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services