SGEAL CHUCHULAINN AG CUAN CÁRN.
Chuaidh Cúchulainn go Cuan Cárn. Ní thug
sé a airm ná a éideadh leis acht bior cuilinn
bhí leis i n-a láimh. Chuir sé a Laoghaire agus a
charbad timcheall agus a chuid arm agus éididh ins
an charbad.
Ní fada bhí sé 'na sheasamh ag an chuan go
dtainic bean uasal i gcoite bheag. Chuir sé
ceist uirthi cia aca do uaislibh ná do anuais-
libh an domhain í. Dubhairt sí gur nighean
(= inghean) do Rígh na Antoile bhí innti, agus
go dtug rudaire gaisgidh searc agus síor-ghrádh
dí go bhfuair sé í le pósadh:
"Oidhche mo bhainse agus mo phósta," ars' ise,
"thainic an Cítheach Árd, mac Ríogh na bhFear
Borb, agus d'árduigh sé leis mé i gclonóig a
sgéithe. Chuir mé fá gheasa agus fá dhíomdha na
bliadhna é gan bean luighe a dheanamh díom
'fhad is thiocfadh liom gaisgidheach ar bith
eile ar bhruinn thall an domhain fhághail a
throidfeadh é. Chuala mé iomrádh ar Chúchu-
lainn; smaoi'tigh mé gur tusa an fear."
Ní rabh faill ag Cúchulainn a rádh cia aca
is é ná nach é go dtainic an Cítheach Árd,
mac Ríogh na bhFear Borb. Chuir sé ladhar
a choise isteach i mbríste Chúchulainn gur
chaith sé i n-áirde ins na fiormailtí é. Bhí
torn-chleas ag Cúchulainn, dhá leigfidhe amach
ins an spéir thuas é, go dtiocfadh sé ar a
dhá chois ar an talamh. Nuair a fuair sé a
theacht chuige féin annsin, bhí an Cítheach Árd
amuigh ar an tsoitheach agus an bhean uasal leis.
Bhí Cúchulainn buadhartha nach rabh arm ná
éideadh aige leis an fhathach a throid. Chaith
sé urchar do'n bhior cuilinn air agus bhuail sé é
faoi'n asgall. Bhris sé trí hasnacha agus chuir
sé trí bholguim fola amach.
"Bheirim breathnughadh, a stócaigh," ars'
an fathach, "má haostar ort, go gcuirfe tú
fearg ar dhuine ínnteach go fóill, agus fágfa
mise do mhúnadh ar dhuine ínnteach eile;
b'fhéidir nach dtiocfa tú trasna orm-sa
choidhche aríst."
Bhí fearg ar Chúchulainn, agus stróc sé a chuid
éadaigh féin, mar nach rabh arm ná éideadh
aige leis an fhathach a throid. Chuaidh sé 'un
a' bhaile tárrnochttha. Ghlac sé a leabaidh
ar acht gan éirghe a choidhche bráthach, cion is
nach rabh a chuid arm ná éididh aige leis an
fhathach a throid.
Thainic Laoghaire agus an carbad annsin.
Fuair sé cuid éadaigh a mhaighistir strócthaí.
Thiomáin sé na beathaigh go géar gasta 'un
a' bhaile. D'fhiafruigh díobhtha:
"A' bhfaca sibh mo mhaighistir Cúchulainn?"
Dubhairt siad go dtainic sé tá tamall ó
shoin tárrnochttha 'un a' bhaile go rabh sé 'na
luighe ar leabaidh ar tí gan éirghe go bhfághadh
sé bás.
Chuaidh an Laoghaire isteach annsin 'eanns'
ar a mhaighistir Cúchulainn :
"A mhaighistir a b'fhearr a bhí ag duine
riamh, goidé seo thainic ort?"
D'innis Cúchulainn dó goidé d'éirigh dó
ag Cuan Cárn:
"Tá mé ar tí luighe ar a' leabaidh seo go
bhfágha mé bás."
"Ná deán sin, a mhaighistir, acht éirigh 'do
sheasamh. Cuireamuid biadh sheacht mbliadhan
'steach ar a' Bhric-mharcaigh ná go gcuirea-
muid an domhan i bhfáinne ná go bhfághmuid
a' Cítheach Árd go mbaine tú sásadh do
mhasla as."
Thóg siad annsin a seóltaí beaga bocói-
deacha bacóideacha coimhide cóimhdhíreach', ag
éisdeacht le lupadáin, le lapadáin, le
saghaitbheach na bhfaoileann fionn ag dul
amach go fíor-ghlinnte an aodhair, nár fhág
siad táirnge gan síneadh, rópa gan suathadh,
maide rámhaidhe gan ró-bhriseadh, 'cuir i
gcéill agus gur bh'iad fhéin caisleán an chogaidh,
fear ollmhuighe gach catha, clann an ríogh leis
an raogh-mhnaoi, culaith dhíbeartha na nGall-
óglach, gur stiuir siad an long isteach ag
cuan ceangail ins an áit nach rabh siad
ariamh aroimhe.
Cheangail siad an long annsin agus thonaic
siad cúirt agus caisleán ríogh. Ní fhaca siad
oiread fear ariamh aroimhe agus thonaic siad
annsin.
Bhí buaidh ar Chúchulainn nach bhfaca sé
cúirt ná caisleán ríogh riamh go gcaitheadh
sé é fhéin a theint agus a pháilliún a dheánamh
thuas os cionn caisleáin an ríogh.
Tharraing siad croinn as an talamh, chuir
siad rinn ar a mbun agus snaídhm ar a mbárr
gur chumhduigh siad suas é le sgraithe caonaigh
gur bhuail siad suas sponc agus teine chreasa
go dtearn siad teinidh dóibh fhéin. Chaith
siad biadh agus d'ól siad deoch. A ráidhtigh
Cúchulainn:
"A Laoghaire, coimheád thusa go gcodlaidh
mise tamall, agus coimheádfa mise tamall
duit-se ar ball."
Thonaic an rí an toit thuas ins an teint:
"Ní'l 'fhios agam cia na beadaidhe an-
bheadaidhe chuir suas a dteint os cionn
champa an ríogh. Gabhadh triúr agaibh suas
agus tugaigidh anuas gaibhte iad sin. Mur'
dtigidh siad libh anuas, bainigidh díobhtha an
cionn."
Chuaidh triúr aca suas [agus dubhairt siad le
Laoghaire]:
"Abair le do mhaighistir a theacht amach
go dtéidh tú fhéin agus do mhaighistir síos gaibhthe,
ná mur' dtéidhidh, bainfear an cionn díobh."
"An é sin a rabh de ghnaithe ag teacht
agaibh?" arsa Laoghaire.
"'Sé," arsa iad-san.
Rug Laoghaire ar a chraoiseach [agus ar] a
chloidheamh. Bhain sé an cionn de bheirt aca.
Bhain sé a chuid éadaigh do'n tríomhadh fear
agus chuir sé cinn na beirte eile anuas ar a
mhuin. Ghlac sé fuip annsin agus sgiúr sé
anuas go dtí campa an ríogh é ag innse
do'n rígh gur buachaill an fhir thuas chuir anuas
é agus dhá chionn a chomrádaidhe leis ar a mhuin.
"Gabhadh dáréag agaibh suas," arsa 'n
rí, "agus tabhraigidh anuas gaibhte iad."
D'imthigh dháréag aca suas le príosúnaigh
a dheanamh díobhtha. Nuair a thonaic Laoghaire
ag teacht iad, bheir sé ar a chloidheamh, agus bhain
sé an cionn de dheich gclaigne aca agus bhain
sé a gcuid éadaigh do'n bheirt eile; chuir
sé cúig cinn, mar déartha, ar dhruim ghach
aon dhuine do'n bheirt. Ghlac sé an fhuip
annsin agus sgiúr sé anuas iad go campa an
ríogh.
Nuair a thonaic an rí goidé bhí an buachaill
ábalta a dheánamh, thug sé órdughadh d'á
rabh ins an champa uili-g' a dhul suas go
ndeánadh siad príosúnaigh díobhtha.
Nuair a thonaic Laoghaire an t-iomlán ag
teacht, d'aithin sé go mbéadh barraidheacht
os a choinne. Mhusgail sé Cúchulainn.
D'éirigh Cúchulainn 'na sheasamh. Thug sé
sracadh ar a chloidheamh. Thug sé sgrábóg
ar a shúla.
"Bhfuil siad ag teacht?" a ráidhtigh
Cúchulainn.
"Táid siad chugainn aníos annsoin," arsa
Laoghaire.
Chuaidh Cúchulainn amach fá choinne thall
i n-a n-airicis.
"Goidé tá tú a dheánamh, a mhaighistir?"
arsa Laoghaire. "Ná deán sin, a mhaighistir;
seasuigh thall annsin taobh thall de'n charraig
sin thall, agus seasacha mise i bhfos annseo.
An fear imeachas ort-sa ceapfa mise é,
agus an fear imeachas orm-sa ceapfa tusa é,
go dtéimid fríobhtha, fúbhtha agus tharstú, go
ndeánamuid trí chárnán díobhtha, cárnán d'á
gcinn, cárnán d'á gcuim, agus cárnán d'á
gcuid arm agus éididh."
"Luighim faoi m'airm," a ráidhtigh Cúchu-
lainn, "a Laoghaire, nach bhfuair mé fear
mo chomhairleacha comh maith leat."
Tainic siad 'un thosaigh. Bhí triúr fathach
ar thoiseach na bhfear a rabh lorgadán
iarainn ar ghualainn ghach aon dhuine acú
a rabh buille 'gus sáthadh agus catch 'em davy
air. Thúsuigh Cúchulainn agus Laoghaire orthú
go dteacha siad fríobhtha, fúbhtha agus tharstú,
mar rachadh seabhac fríd ailt ná préachán
geárr fríd sgaifte cearc, go dtear' siad
trí cárnáin díobhtha, cárnán d'á gcinn,
cárnán d'a gcuim agus cárnán d'á gcuid airm
agus éididh go dtainic siad go dtí an sean-rí
é fhéin go dtug siad ceangal na gcúig
gcaol air go dúr daingean dócamhlach.
"Sgaoiligidh mé," arsa 'n rí, "agus gheánfa me
báillidh agus péidse dhíbh le bheith 'cruinniughadh
isteach áirdchíos na ríoghachta chugam."
"Do dhona agus do dhothairne ort!" a raidh-
tigh Cúchulainn; "goidé an fáth a mbéam-
uistinne 'ar mbáillídhe ná 'ar bpéidsí agad?
Céib' ar bith a dheánathá-sa le bheith 'do
bháillídh agus 'do phéidse agam-sa, ní sgaoilfe
mé thú," a ráidhtigh Cúchulainn, "go n-innse
tú damh goidé an t-ádhbhar a rabh oiread
fear cruinnighthe agad."
"Well, tá mé ag glacadh isteach fear le
seacht mbliadhna," a ráidhtigh an rí, "fá
choinne dhul go hÉirinn, go marbhmuid an
fear atá annsin, Conall Cearnach; bhain se
an cionn dem' athair mór agus dem' athair
fhéin."
A ráidhtigh Cúchulainn: "Sin duine muin-
teardha damh-sa, agus bhéarfa mé thusa gaibhte
ceangailte go mbaine se an cionn díot
fhéin mar an gcéadna."
"Guidhim thú, a ghaisgidhigh ab' fhearr a
thonaic me ariamh," a ráidhtigh an rí, "agus ná
deán sin liom. 'Á bhfeiceadh an fear sin
mé, 'sé teicheadh mo chos nach dtabhairfeadh
as damh!"
"Well, sgaoilfe me thú," a ráidhtigh
Cúchulainn.
Thug an rí isteach iad ar dhaighneacht na
cúirte. Bhí seacht ndoirse ar thaobh na
sráide de'n chúirt a dtiocfadh le marcach
gan tuirlinnt theacht isteach orthú. Thainic
an biadh i n-eanad a chaithte, deoch i n-eanad
a hólta, an t-ór i n-eanad a phronnadh,
ceóltaí sídhe 'gus orgáin fríd an chúirt go
dtainic moch lae agus luath éirghe gréine lá
har n-a bhárach. Thug a' rí uisge agus tabhaill go
dtí gach éan-fhear acú gur nigh siad a
n-aghaidh agus a lámha. Fuair siad a mbric-
feásta annsin. I ndéidh a mbricfeásta a
ráidhtigh Cúchulainn leis a' rígh: -
"Mharbh mé do chuid fear uilig indé; má
tá ní ar bith 'sa' domhan ag cuir buaidheartha
ort, réidhteacha mise duid sol a n-imthighe
me."
"Ní'l ní ar bith 'sa' domhan ag cuir buaidh-
eartha orm," a ráidhtigh an rí, "acht nighean
amháin a bhí agam. Thug fathach draoidheachta
grádh dí. Mar nach bhfuigheadh se í le pósadh,
rinn se péist dí le draoidheachta, agus tá sí 'na
luighe ar a' loch thiar ar íochtar a' bhaile. Ní
thiocfadh an draoidheachta bhaint dí, mur'
bhfághthaoi gaisgidheach iongantach rachadh amach
ar a' loch agus bhéarfadh trí póga dí ar thóin an
locha. I ndéidh sin 's uilig a dheánamh, ní
bhéidheadh gar ann; thiocfadh fathach na draoidh-
eachta ort agus mhuir'feadh se thú. Ní thainic
a'n fhear ariamh slán o n-a lámha."
"Caillfear mise leis," a ráidhtigh Cúchu-
lainn, "ná saorthacha mé do nighean."
Chaith Cúchulainn de a chuid éadaigh.
D'imthigh sé amach 'sa' loch. Thainic sé ar a'
phéist 'na codladh agus thug sé trí póga dhí
ar thóin a' locha. Thuit a'n draoidheachta dí,
thainic sí leis ar uachtar an uisge ar ghreim
bárr bosa agus hoult coise go dtug sé isteach i.
Bhí sí tárrnochttha; chuir sé a chlóca thart 'na
timcheall go dtug sé isteach 'un na cúirte í.
Chuir sí a culaith éadaigh fhéin uirthí. Bhí
cuma uirthí annsin comh maith agus bhí ariamh.
A ráidhtigh an rí le Cúchulainn:
"Measaim nach bhfuil a'n bhean go fóill
agat. Geobha tú mo nighean-sa le pósadh agus
iomlán mo ríoghachta."
A ráidhtigh Cúchulainn: "Go rabh céad
maith agat. Níor chuir mé buaidhreadh mná
orm ariamh. 'Sé an obair atá agam troid
le fathaigh, 'seasamh ceart do bhaintreacha 's
do dhíleachtaí."
A ráidhtigh an rí: "An misde damh a
fhiafraighe cá bhfuil do thoisg ná do shíor-
imtheacht ag dul?"
"Ní misde go dearbhtha," a ráidhtigh
Cúchulainn: "Bhí mé aon uair amháin ag
Cuan Cárn. Thainic bean uasal isteach
chugam i gcoite bheag ag Cuan Cárn.
D'innis sí damh gur'b í nighean ríogh na
Antoile 'sa' Domhan Thoir í. Oidhche a
bainse 's a pósta ar a' rudaire gaisgidh
thainic a' Cítheach Árd, mac ríogh na bhFear
Borb, 'd'árduigh se leis mé i gclonóig a
sgéithe,' ars' ise, 'chuir mé fá gheasa fá
dhíomdha na bliadhna é, a' laoch ba mheasa agus
ba mheaithtí 'ná é fhéin, a chionn, a chosa agus a
choimheád beatha bhaint de, gan bean luighe a
dheanamh díom fad agus gheobhainn gaisgidheach
ar bith ar bhruinn thall an domhain a throid-
feadh é. Chuala mé iomrádh ar Chúchulainn i
n-Éirinn; smaoi'tigh mé gur tusa an fear."
Ní rabh faill agam innse dí cia 'cú budh mé
ná nach mé go dtainic a' Cítheach Árd, mac
ríogh na bhFear Borb orm, rug sé ar a' mhnaoi
uasal agus chuir sé faoi n'asgaill í. Chuir se
ladhar mór a choise isteach i bhforc mo bhríste,
chaith se i n-áirde mé ins na fiormailtí.
Thainic me ar mo dhá chois ar a' talamh. Bhí
sé amuigh ar a luing ins an am sain. Bhí mé
buaidheartha mar nach rabh arm agus éideadh agam
a throidfeadh e. Chaith me urchar do'n bhior
chuilinn a bhí in mo dhórn, bhuail mé faoi'n
asgaill é, agus bhris mé trí hasnacha ann. Chuir
se trí bholgam fola amach. "Bheirim breath-
nughadh, a stócaigh," a ráidhtigh an fathach, "má
haostar ort, go gcuirfe tú fearg ar dhuine
innteacht go fóill; b'fhéidir nach dtiocfá
trasna orm-sa choidhche aríst; fágfa me do
mhúnadh ar dhuine innteach eile." Tá me
anois ag cuartughadh a' Chíthigh Áird, mhac ríogh
na bhFear Borb, ariamh ó shoin, agus ní'l fhios
agam cá bhfuil sé ná cé bhfuighe mé é."
"Is maith mar thárlaidh," a ráidhtigh an rí,
"tá a ríoghthachta [ag] críochantacht liom-sa.
Thig liom-sa," a ráidhtigh an rí, "do chuir ar
an eolus, agus is fheárr duid pilleadh 'un a'
bhaile; ní thainic aon fhear ariamh slán o n-a
lámha."
"Ní feárr liom mo shiubhal uilig 'ná fios
fhághail cá bhfuil se," a ráidhtigh Cúchulainn.
D'éirigh an ghaoth, táirneach agus splanncach,
thainic an fathach anoir ionn i néal go rabh se
i bhfogus dóibh; chaith se é fhéin amach as an
néal agus a chlaidheamh mór clais-leathan cinn
óir leis.
"A Chúchulainn as Éirinn," a ráidhtigh an
fathach, "Bhí se beadaidhe iomarcach agad
baint do mo ghnaithe-sa. Bhéarfa mise ort
nach duid is fheárrde. Tionntuigh anuas
annseo ga mbaine me díod do chionn."
"B'fheidir gur'b é do chionn fhéin a' chead
chionn a thiocfadh anuas," a ráidhtigh Cúchu-
lainn.
Thoisigh an dís ar a chéile mar rabh dhá
leómhan ann go dtear' siad bogach de'n
chreagach agus creagach de'n bhogach, toibre glana
fíoruisge i lár na gcloch glas; 'á dtigeadh
éan beag ó íochtar an domhain go huachtar
an domhain gura' dh'amharc aeir agus iongantais
ar a' dís a bhí ann a thiocfadh. Smaoi'tigh
Cúchulainn gur bhocht an rud dó e fhéin
fhághail marbh le fathach mór i dtír choimhigheach,
thóg se a chroidhe suas i meangán a chléibh,
thóg se a chlaidheamh agus bhain sé an cionn de'n
fhathach. Thuit an fathach marbh.
"'Nois," a ráidhtigh Cúchulainn leis an rígh,
"tá do nighean-sa saor agat agus tá'n fathach
marbh; is fheárr duid sin 'ná an méid fear
a mharbh mise i ndé uaid."
A ráidhtigh an rí: "Is fhearr liom é 'ná a
mhíle oiread."
Thaisean an rí dó an bealach i rachadh se go
dtí an Cítheach Ard. D'fhág Cúchulainn slán
agus beannacht aige. Shín leis i n-a thrí síomáin
agus mar ruagaire reatha. D'innis an rí dó go
raibh beirt dhearbhráithreach ag an Chítheach Árd
taobh 'muigh de fhéin, an Garaidh Garbh-ghlúnach,
mhac Ríogh na bhFear Borb agus an Dragún
Teinntidhe, mac Ríogh na bhFear Borb. Shín
Cúchulainn leis annsin go rabh sé ag cuaille
comhraic an chead fhir. Bhuail se buille ar
an chuaille comhraic. Thainic an fathach mór
amach:
"'Dtig libh fios nó eólus a thabhairt damh
cia an fathach a bhuail an buille ar mo chuaille
comhraic?"
"Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn; "gur
mise an fear a bhuail e agus go mbuailfinn a
leithid eile a bhuille ort-sa go hárd-
acfhainneach i mullaigh na claigne."
Thoisigh an dís ar a chéile, an fathach agus
Cúchulainn, agus bhí an bheirt cómh maith ag dhá
chlaidheamh agus tráthnóna nach rabh aon dheór fhola
le ceachtar acú.
A ráidhtigh an fathach: "Tá me 'g iarraidh
fhosadh comhraic ort go dtí maidin i mbárach.
Gabh fhéin agus do bhuachaill isteach ins an teach
fholamh annsin thiar."
Stad an troid. Chuaidh an fathach 'un a
chaisleáin. Chuaidh Cúchulainn agus Laoghaire go
dtí an teach folamh go maidin.
Le héirghe gréine lá har n-a bhárach chuaidh
Cúchulainn amach, bhuail sé buille ar an
chuaille chomhraic nach gcualaidh an fathach a
leithid ariamh aroimhe.
"A Chúchulainn," a ráidhtigh an fathach, "tá
margáil deánta agam-sa i ndiú; ní'l fhios
agam an seasacha tusa dó: Gan duine ar
bith againn buille an duine eile cheapadh ná
chosnamh go dtí an oidhche."
"Tá me sásta," a ráidhtigh Cúchulainn.
Thoisigh an dís ar a chéile. Ní luighfeadh
teinidh ar an fhathach agus ní dheargfadh arm air
leis an draoidhtheacht. Gach aon bhuille 'a
mbuaileadh sé ar Chúchulainn, théidheadh sé
isteach go dtí an chnámh ann.
"Tá me 'g iarraidh fhosadh comhraic ort,"
a ráidhtigh Cúchulainn.
"Bhéarfa mé sin duid," a ráidhtigh an
fathach; "Ná himthigh le do chionn go hÉirinn
go bhfágha mise a bhaint díod i mbárach."
"Ní imeachaidh," a ráidhtigh Cúchulainn.
Chuaidh an fathach isteach 'un a chaisleáin.
Chuaidh Cúchulainn isteach 'un a' tighe.
"Beir ar do chlaidheamh," a ráidhtigh
Cúchulainn le Laoghaire, "agus bain díom mo
chionn agus imthigh go hÉirinn leis, sol a rabh sé
le rádh ag fathach i dtír choimhightheach gur
bhain se díom mo chionn."
"Cha dteánaim," a ráidhtigh Laoghaire, "acht
troidfe me an fathach i mbárach agus anóirthear
agus ghach lá go mí ó 'ndiú; cuirfe mé thusa
faoi léigheas."
Leis sin fhéin buaileadh buille ar an dorus.
"Cia siud ag an dorus?" a ráidhtigh
Cúchulainn.
"Mise Fuidí Faidí as Éirinn."
"Gur'b é feadhrom do bheatha agus do shláinte
as Éirinn, a Fhuidí Faidí; ní rabh me riamh
i gcruadh-chás cómh mór is tá me."
Thug Fuidí Faidí a' luibh gharbh ghlas as a
phóca. Chumail se do chneadhacha Chúchulainn
í. D'fhág se slán folláin e.
"A Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí,
"rinn tú margáil amaideach leis an fhathach.
Bhí an fear sin ag fathach draoidhtheachta
seacht mbliadhna go dtug fabhairt dó fhéin
le huisge draoidhtheachta. Níor chuimhnigh se
an t-uisge a chur suas ar a dhruim agus ní
mhuirbhfe tú é acht mur n-aimsighe tú ins an
druim é. A' dara fathach mar an gcéadna,
fuair se fabhairt do dh'uisge na draoidh-
theachta; níor chuimhnigh se a chur suas ar
phollán a shróna. An tríomhadh fathach, fuair
se fabhairt do dh'uisge na draoidhtheachta mar
an gcéadna; níor chuimhnigh se a chur suas
isteach i bpoll a chluaise. Cuimhnigh ar na
háiteacha ná ní bhfuighe tú iad a choidhche.
Anois, a Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí,
"am ar bith ar maith leat a' t-uisge fhághail,
fágfa mise 'do sheasamh ionn i ndam uisge
thú. Nuair atchífeas an fathach go bhfuil
biseach ort i mbárach, éireacha sé i n-áirde
mar rabh a' préachán dubh ann lé theacht
anuas ort. Fágfa mise triúr chloinne
Thuath Dé Danann le trí fuipeannaí bhuail-
feas anuas 'un talaimh e. Slán agus beannacht
agad, a Chúchulainn. Caithfe mise codladh
anocht ar shléibhte garbha Conallacha i gCon-
dae na nGall faoi mhaidin." Shín leis.
Níor chodluigh Cúchulainn a'n néal go
maidin lé theacht ar an fhathach go luath ar
maidin. 'Á luas 'ar éirigh an ghrian, d'éirigh
Cúchulainn, chuaidh se go dtí an cuaille
comhraic, bhuail se buille air nár fhág se
searrach i gcapall ná uan i gcaoraigh ná
páisde i mnaoi ná gamhan i mboin fríd an
ríoghacht nár chraith se.
A ráidhtigh an fathach le n-a mhnaoi: "Má's
é siud Cúchulainn i ndiú ag mo chuaille
comhraic, tá eagla orm go dtuitfidh fear
innteach againn le láimh an fhir eile, agus b'fhéidir
gur mise an fear,"
Thainic an fathach amach annsoin: -
"Tá biseach ort, a Chúchulainn."
"Tá," a ráidhtigh Cúchulainn.
"A' dtroidfiomuid," a ráidhtigh an fathach,
"mar throid muid i ndé?"
"Ní throidfidh," a ráidhtigh Cúchulainn;
"buailfe mise agus coiseona me. Troid thusa
mar is mian leat."
Thoisigh an fathach agus Cúchulainn ar a chéile
mar rabh dhá leómhan ann. Thanaic (chonnaic)
an fathach nach ndeánfadh se maith le
Cúchulainn. D'éirigh se i n-áirde mar rabh
préachán ann lé theacht anuas le goin bháis
agus mharbhtha ar Chúchulainn. D'amhairc Cúchul-
ainn suas agus thanaic se an triúr os a chionn
le trí fuipeannaí gur bhain siad ceó cluimh-
righe as a chorp gur chuir siad anuas 'un
talaimh é. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith
leis an t-uisge fhághail. Fuair se e fhéin
'na sheasamh i n-uisge. Sgaoil se an gath
leis gur chuir sé isteach aige n-a dhruim e
gur shroich se suas ocht n-ailt déag ar chnámh
a dhroma gur thuit an fathach marbh. Bhain
se de a chionn.
A ráidhtigh Cúchulainn: "A Laoghaire, cuir
gamhnach dharach isteach ar a' chluais agus amach
ar a' chluais eile, caith a' cionn ar do dhruim
is siubhail leat, 'tarraint ar a' darna fear."
Chuaidh siad go dtí cuaille comhraic an
darna fir. Bhuail Cúchulainn buille ar an
chuaille comhraic. Thainic an fathach amach.
"'Dtig libh fios ná eólus a thabhairt damh
cia an fathach a bhuail an buille ar mo
chuaille comhraic nach gcuala me ariamh
a roimhe a leithid eile buailte?"
"Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn, "gur
mise an fear a bhuail e."
"Goidé mar fuair tú isteach thaire o mo
dhearbhráthair?"
"A' n-aithneochthá cionn do dhearbhráthar?
A Laoghaire, caith anuas an cionn."
"'Sé sin cionn mo dhearbhráthar," a ráidh-
tigh an fathach; "bhéarfa mise ort nach duid
is fhearrde!"
Thoisigh an dís ar a chéile. Ba ghoirid gur
éirigh an fathach i n-áirde i n-a phréachán dhubh.
Thainic an triúr a bhí thuas air le n-a gcuid
fuipeannaí gur bhuail siad anuas 'un talaimh
é. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an
t-uisge fhághail. Fuair se é, 'na sheasamh i
n-uisge, is sgaoil se leis an gath isteach ar
poll a shróna agus amach ar mhullaigh a chlaigne
gur thuit an fathach marbh. Chaith Cúchulainn
de an cionn is d'fhág se annsin iad.
Shín siad leóbhtha annsin ag tarraint ar
bhun na gnaithe, sin an Cítheach Árd. Nuair
a thainic siad fá dhá mhíle do chaisleán an
fhathaigh sin, ní thiocfadh leis a chos a leagan
ar talamh acht i mullaigh corp fir. Ins an
chionn ab' fhuidhe uadh de'n ár chuala sé
caoineadh mná. Dhruid se léithe. Nuair
a thanaic sí é ag teacht, rinne sí muthughadh
gáire.
A ráidhtigh Cúchulainn leis an mhnaoi:
"Goidé fáth do ghola ná do gháire?"
"'Sé fáth mo ghola, an méid de dh'fhir
mhaithe a thainic liom a chruinniughadh. Tá a
ndeireadh marbh annseo agus tá siad 'na luighe
marbh annseo anois. 'Sé fáth mo gháire,
chuaidh me a'n uair amháin go hÉirinn 'eanns'
ar Chúchulainn. Smaoi'tigh mé, nuair a
thanaic mé thusa gur tú an fear. 'S mé a'
bhean bhocht agus b'fheárr damh gan d'fhaiceáil
ariamh!"
"Cá bhfuil a' fathach anois?" do ráidhtigh
Cúchulainn.
"Tá se 'sa' tsruthán adaidh thall, 'nighe de
deireadh na fola. Tá se le mise thabhairt
'un a' chaisleáin le bean luighe a dheanamh
díom."
"Cuirfe mise moill air go fóill," a
ráidhtigh Cúchulainn.
Bheir Cúchulainn ar chloich. Chaith se urchar
de'n chloich amach as crann tábhaill. Bhuail
se an fathach faoi'n asgaill. Chaith se ar a
leath-ghlúin 'sa' tsruthán e, agus chuir se trí
bholgam fola amach. Thóg an fathach an chloch
chéadna agus chaith se í anoir ar ais as a dhórn.
Bhuailfeadh sí Cúchulainn [acht] go bhfuair se
í cheapadh leis an chrann tábhaill chéadna a
chuir se uirri. D'imthigh an fathach isteach 'un
a' chaisleáin go dteacha se faoi n-a chuid
arm agus éididh.
Thoisigh se agus Cúchulainn ar a chéile mar
rabh dhá leómhan ann. Ba ghoirid a bhí siad
ag troid gur éirigh an fathach mar rabh
préachán dubh ann lé theacht anuas air lé
goin bháis agus mharbhtha. Smaoi'tigh Cúchulainn
gur mhaith leis an t-uisge bheith aige. Fuair
se e 'na sheasamh 'san uisge agus leig se an gath
leis ar dhruim an uisge. Reath an gath
isteach ar an a chluais agus amach ar an chluais
eile. Thuit an fathach marbh. Chaith Cúchulainn
de an cionn. Bhí an bhean saor. Chuaidh
siad isteach 'un an chaisleáin go dtug siad
leóbhtha an méid seóidí agus péarlaí bhí 'sa'
chaisleán.
Thug siad annsoin leóbhtha an bhean go
dteacha siad go dtí an long, an Bhreac-
mharcach, gur thóg siad a seóltaí beaga
bocóideacha bacóideacha coimhde coimhdhír-
eacha 'g dul i mbárr na gcrann, ag éisdeacht
le lupadáin, le lapadáin, le gutha na
róntach, le séitbheach na bhfaoileann fionn
'g dul amach go fíor-ghlinnte an aodhair,
nar fhág siad táirnge gan síneadh, rópa gan
suathadh, maide rámha gan ró-bhriseadh, 'cuir
i gcéill agus gur bh'iad féin leómhantaí na
troide, maca riog leis an raogh-mhnaoi,
fear sgiúrtha mharcacha, ollmhuigh'e gach
fathaigh, culaith dhíbeartha na nGall-óglach
gur stríoc siad an long isteach ins an
Domhan Thoir faoi chaisleán Ríogh na Antoile
go dtug se suas a nighean slán sábháilte dó.
Chuir Rí na hAntoile sgéala 'eanns' ar
an rudaire gaisgidh theacht, go rabh an bhean
annsin fá n-a choinne. Thainic an rudaire
gaisgidh annsin. Ní rabh bean ar bith aige ó
d'imthigh se. Pósadh annsin an lánamhain.
Rinn siad bainis a mhair lá 'gus bliadhain, go
mb'fheárr an lá deireannach 'ná an chead lá.
Bhí mise ar an bhainis. Fuair mé stocaí
bainne reamhair, bróga gloine agus bríste
páipeir. 'Teacht anuas an mhalaidh ud thall
damh, thuit me, briseadh mo bhróga, dórtadh
na stocaí, bhris me mo bhríste, thanaic me
solus annseo agus tharraing me air.