Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An t-Oireachtas. A thuarasgbháil.
Title
An t-Oireachtas. A thuarasgbháil.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN t-OIREACHTAS. Tá an seiseadh hOireachtas thorainn. Ba mhór an t-Oireachtas é. B'é an an t-Oireachtas ba mhó bhí i n-Éirinn riamh go fóil. Fíor-fheis cheóil agus seanchais do bhí ann ó thús go deireadh. Bhí' sé ar siubhal nó ar bun beagnach rith na seachtmhaine ó mhoch Dia Máirt go dtí mall Dia hAoine .i. ó'n bhficheadh lá de'n Bhealtaine go dtí an tríomhadh lá fichead de'n mhí chéadna. Bhí cuirmeacha an cheóil agus an tseanchais ann tráthnóna Dia Máirt agus Dia Céadaoine, agus Dia Dhardaoin do rinneadh an cleas céadna acht gurab iad na comórta- saidhthe do chuaidh suas ar an árdán. Nár shocair sásta do'n té bhí ann ag éisdeacht gach oidhche? Ní chualamar locht d'á fhághail ar na cuirmeachaibh acht an iomarca ceóil a bheith d'á spreagadh, agus má's locht síor-spreagadh an cheóil bhinn Ghaedhealaigh, ní mór an locht é go deimhin. Is ceart do bhí Éire bheag agus Éire mhór 'san Oireachtas so. Ní gann do ghnodhuigh gach cúigeadh na duaiseanna, nó dá n-abraimís, is ceart do rugadar craobhacha an aonaigh leó. Tá an Mhumha, agus go mór mór Baile Mhúirne, ar thosach, agus tuairim le dá fhichid ceann i n-aghaidh an chéid beirthe aici. Má's i ndiaidh na Mumhan atá Laighin, ní har deireadh thiar atá siad, acht le n-a sálaibh, agus timcheall is cúig cinn déag ar fhichid as an gcéad buaidhte aca. Maidir le Connachta, is ag músgailt as a suan atáid annsúd agus sé cinn déag nó mar sin as an gcéad de dhuaiseannaibh gnodhuighthe aca. Má's ar deireadh atá Ulaidh agus seacht gcinn as an gcéad nó fá'n tuairim sin bainte aca, ní locht orra é agus a thréine atá an Ghalldacht i n-íochtar na tíre. Ní baoghal nach rug gach éan-chúige a cion féin de'n chliú léi, agus fiú na ndeóraidhe i Sasanaibh, rugadar a trí de dhuaiseannaibh leó anonn. I dtaobh na gComórtas Liteardha, is ceart na cúigí do chur 'san eagar so: An Mhumha, a 56 i n-aghaidh an chéid; Connachta, a 24 i n-aghaidh an chéid agus Laighin agus Ulaidh i n-ionanntas le n-a chéile agus a 10 as an gcéad ag dul dóibh (do gach cúige). Is ceólmhar an Laighneach, a n-abair an sean-fhocal. Ní fhidir sinn an fíor an rádh é, acht ní bréag dhúinn go rug Laighin beagnach gach a raibh de dhuaiseannaibh ceóil le saothrughadh. Bhí biseach mhór ar na hiomaidhthibh i mbliadhna. Bhí breis mhór agus seacht gcéad cloigeann de chomortasaidhthibh ag cur chuca, agus mór-chuid aca so ar fheabhas na cúise, go háirithe an dream do thug fá na comórtasaibh liteardha. Do chuir a trí de na cúigíbh, .i. an Mhumha, Laighin agus Connachta chum comórtas na láimhsgríbhinn agus rug iomaidhtheóir gach cúige aca an duais. Ní bhfuarthas eán-láimhsgríbhinn ó Chúige Uladh. Is iongantach é seo agus a fhairsinge do sgríobhthaoi iad i n-uachtar na cúige tá céad go leith bliadhain ó shoin nó fá'n tuairim sin. B'í seo an chéad uair ar ceistnigheadh na hamhrán- aidhthe agus na buidhne ceóil i dtaobh eóluis focal na n-amhrán do ghabhadar. Ba mhithid é, acht má's i n-an- tráth do tháinig, nach feárr go mall 'ná go bráth? Is mór an coradh ceóil seo do thiomairg Roibeárd Ua Duibhir faoi chomhair an Oireachtais .i. Coradh an Oireachtais. Is breagh agus is cliste thugadar "Dia libh, a laochradh Gaoidheal" agus "Is truagh gan mise i Sasana" uatha. Bhí fear faisnéise an Freeman's Journal 'san éagcóir go mór i leith an chéad chinn, mar is é Aonghus mac Doighre Uí Dhálaigh do cheap é le linn Fiacha mhic Aodha mhic Sheagháin mhic Réamainn Uí Bhroin de Ghabhail Raghnaill. Dia Sathairn roimh an Oireachtas 'sé rud do bhí ar bun "An tSídheóg agus an Tincéir" do thabhairt os comhair teachtairí an Oireachtais agus daoine nach iad. Do rinne An Craoibhín Aoibhinn a chion féin de'n obair go ríogh-mhaith go fiú goile maithe agus flosg an domhain a bheith air chum an bhídh, toisg an fhuaicht do chur air, is dócha. Is sár-mhaith an cailín Sinéad Ní Fhlannagáin do bhí 'na sídeóig dhreachamhail dhrith- leannaigh ins an aisde seo. Rinne sí an gnó go hálainn. Bhí an lá sathach fuar, agus ma bhí, ní dhearna sé éin-díoghbháil do na haisdeoiríbh. I ngarrdha Sheóirse Uí Mhórdha i n-Áit Éile do bhí an rud so ar siubhal.
Oidhche Dia Luain, sin é, Luan Cinncíse, do bhí céilidh ar bun i dTigh Árd-Mhéire Bhaile Átha Cliath. Bhí an t-Árd-Mhéire, .i. Tadhg Ó hÚrdail, go fial fairsing flaitheamhail romhainn. Do chuir sé fearadh na fáilte roimh mór-chuid de'n druing chuartaidheachta as Gaedh- ilg. Bhí ceól agus caoimhneas, caidreamh agus comhluadar, ól agus aoibhneas, aisde agus árd-shuairceas, rás agus rinnce agus a lán de rudaíbh nach iad le fághail ann. Do chruinnigh Árd-fheis an Chonnartha i gceann a chéile ar maidin Dia Máirt a bhí chugainn i Halla Cruinn na Rotunda. Is ann do léigheadh mion-tuairisg na hÁrd- fheise do bailigheadh i n-uraidh, agus tuarasgbhála bliadhna na n-oifigeach, agus is ann fós do ceapadh na fo-choistí faoi chomhair an Chóruighthe, an Teagaisg Choitchionnta, Oireachtais na hAithbhliadhna, etc.. Dob' fhíor-úsáideach agus dob' fhoghainteach na fo-choistí seo do cheapadh. D'á gcionn so an aimsir gan ró-sgaipeadh. Imtheacht na hÁrd-fheise d'á ndruim gan cur i bhfad ná i bhfuaire. Córughadh an Chonnartha socair uaidh gan troid gan toirmeasg. Bhí an t-aith-thionól de'n Árd-fheis ann Dia hAoine bhí chugainn, do mhair rith an lae ó'n deich a chlog ar maidin go leathuair d'éis a haondéag is- toidhche. Bhí tuarasgbháil gach fo-choiste os a chomhair seo; ní mór an t-athrughadh do cuireadh ionnta agus 'pé athrughadh do cuireadh, ní gan feabhsughadh bhíodar d'á bhárr. Is fíor-mhaith a dtáinig as an Árd-fheis seo do Chonnradh na Gaedhilge. Is feáirrde agus is treiside, is daingnide agus is buainide an Connradh é. Tá an Coiste Gnótha ar bun daingean docht anois. Triocha fear (nó deichneabhar is fiche) atá ann feasda, a leath toghtha ó Bhaile Átha Cliath agus ó chomharsnacht Bhaile Átha Cliath (.i. fiche míle nó fá fhiche míle de) agus a leath eile ó na craobhachaibh atá taobh amuigh de cheann- tar Bhaile Átha Cliath agus tar lear. Na fir is déidhean- aighe do luaidheamair, gheobhaidh siad costas nó cáin a mbeathadh agus a n-aoidheachta i mBaile Átha Cliath, ag riar an tionóil dóibh, .i. oiread le deich bpunt 'sa' bhliadhain. Tá so do réir chóra agus chirt. Is éigean leath an Choiste do bheith 'na gcomhnaidhe i mBaile Átha Cliath nó i n-aice dhó, óir "caithfear fuineadh i n-aice na mine," agus rud eile, dá olcas é Árd-chathair na hÉireann, agus é nach mór i bpoll duibh- eagáin Ghalldachta, 'na dhiaidh sin agus uile, is é sgathán Éireann uile é, nó dá n-abramaís ar nós an fhile, 'sé "sgathán na Fódhla" é. Fiú an dubh-Albanaigh ins na bailtibh i bhfad síos úd, Béalfeirsde agus Doire Choluim Chille, baineann sé lán a dhá shúl as imtheachtaibh Bhaile Átha Cliath, agus má's é sin do'n fhear mustarach mórdhálach so, nach amhlaidh badh mhó 'ná sain beann an Ghaedhil air do bhí 'na dhaor nó 'na thráill go dtí le fíor-ghoirid, agus, dar ndóigh, ní saor intinn agus ní mór meanma fós é. Acht an nídh atá 'na dhearbh agus 'na dheimhin ag an saoghal mór i n-Éirinn, cá maitheas dúinne bheith d'á phlé? Súile na hÉireann ar Bhaile Átha Cliath. Tá súil againn, ámh, nach díomhaoin a bheas an cúig dhuine dhéag atá 'na gcomhnaidhe i dtaobh amuigh de cheanntar na hárd-chathrach, acht go mbeidh siad i láthair chum a ndeagh-chomhairle do thabhairt comh minic agus is féidir. Fear feidhmeamhail foghanta is eadh Séamus Ó Dubhghaill darab ionad comhnuidhthe Doire Choluim Chille. Is breagh na fir iad An t-Athair Ó Laoigh, Seaghán Suédmean, Pádraig Ó Séaghdha, Seaghán Mag Fhloinn, Peadar Mag Fhionnlaoigh, Uilliam Ó Riain, An t-Athair Mac Consaidín, Mac Uí Eachthigheirnn, An t-Athair Mac Conshnámha agus Tadhg Ó Sgannail. Tá an córughadh nua fá chló Béarla i gClaidheamh na seachtmhaine seo thorainn. Cuirfimíd-ne i gcló Gaedh- ilge é an ath-uair, má leigthear dúinn sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services