Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-Oireachtas. A thuarasgbháil.

Title
An t-Oireachtas. A thuarasgbháil.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN t-OIREACHTAS.



Tá an seiseadh hOireachtas thorainn. Ba mhór an
t-Oireachtas é. B'é an an t-Oireachtas ba mhó bhí
i n-Éirinn riamh go fóil. Fíor-fheis cheóil agus seanchais
do bhí ann ó thús go deireadh. Bhí' sé ar siubhal nó ar
bun beagnach rith na seachtmhaine ó mhoch Dia Máirt go
dtí mall Dia hAoine .i. ó'n bhficheadh lá de'n Bhealtaine
go dtí an tríomhadh lá fichead de'n mhí chéadna. Bhí
cuirmeacha an cheóil agus an tseanchais ann tráthnóna
Dia Máirt agus Dia Céadaoine, agus Dia Dhardaoin do
rinneadh an cleas céadna acht gurab iad na comórta-
saidhthe do chuaidh suas ar an árdán. Nár shocair
sásta do'n té bhí ann ag éisdeacht gach oidhche? Ní
chualamar locht d'á fhághail ar na cuirmeachaibh acht an
iomarca ceóil a bheith d'á spreagadh, agus má's locht
síor-spreagadh an cheóil bhinn Ghaedhealaigh, ní mór an
locht é go deimhin.



Is ceart do bhí Éire bheag agus Éire mhór 'san Oireachtas
so. Ní gann do ghnodhuigh gach cúigeadh na duaiseanna,
nó dá n-abraimís, is ceart do rugadar craobhacha an
aonaigh leó. Tá an Mhumha, agus go mór mór Baile
Mhúirne, ar thosach, agus tuairim le dá fhichid ceann
i n-aghaidh an chéid beirthe aici. Má's i ndiaidh na
Mumhan atá Laighin, ní har deireadh thiar atá siad,
acht le n-a sálaibh, agus timcheall is cúig cinn déag ar
fhichid as an gcéad buaidhte aca. Maidir le Connachta,
is ag músgailt as a suan atáid annsúd agus sé cinn
déag nó mar sin as an gcéad de dhuaiseannaibh
gnodhuighthe aca. Má's ar deireadh atá Ulaidh agus seacht
gcinn as an gcéad nó fá'n tuairim sin bainte aca, ní
locht orra é agus a thréine atá an Ghalldacht i n-íochtar
na tíre. Ní baoghal nach rug gach éan-chúige a cion
féin de'n chliú léi, agus fiú na ndeóraidhe i Sasanaibh,
rugadar a trí de dhuaiseannaibh leó anonn.



I dtaobh na gComórtas Liteardha, is ceart na cúigí
do chur 'san eagar so: An Mhumha, a 56 i n-aghaidh an
chéid; Connachta, a 24 i n-aghaidh an chéid agus Laighin agus
Ulaidh i n-ionanntas le n-a chéile agus a 10 as an gcéad
ag dul dóibh (do gach cúige).



Is ceólmhar an Laighneach, a n-abair an sean-fhocal.
Ní fhidir sinn an fíor an rádh é, acht ní bréag dhúinn
go rug Laighin beagnach gach a raibh de dhuaiseannaibh
ceóil le saothrughadh.



Bhí biseach mhór ar na hiomaidhthibh i mbliadhna. Bhí
breis mhór agus seacht gcéad cloigeann de chomortasaidhthibh
ag cur chuca, agus mór-chuid aca so ar fheabhas na cúise,
go háirithe an dream do thug fá na comórtasaibh
liteardha. Do chuir a trí de na cúigíbh, .i. an Mhumha,
Laighin agus Connachta chum comórtas na láimhsgríbhinn agus
rug iomaidhtheóir gach cúige aca an duais. Ní bhfuarthas
eán-láimhsgríbhinn ó Chúige Uladh. Is iongantach é seo
agus a fhairsinge do sgríobhthaoi iad i n-uachtar na cúige
tá céad go leith bliadhain ó shoin nó fá'n tuairim sin.



B'í seo an chéad uair ar ceistnigheadh na hamhrán-
aidhthe agus na buidhne ceóil i dtaobh eóluis focal na
n-amhrán do ghabhadar. Ba mhithid é, acht má's i n-an-
tráth do tháinig, nach feárr go mall 'ná go bráth?



Is mór an coradh ceóil seo do thiomairg Roibeárd
Ua Duibhir faoi chomhair an Oireachtais .i. Coradh an
Oireachtais. Is breagh agus is cliste thugadar "Dia libh,
a laochradh Gaoidheal" agus "Is truagh gan mise i
Sasana" uatha. Bhí fear faisnéise an Freeman's
Journal 'san éagcóir go mór i leith an chéad chinn, mar
is é Aonghus mac Doighre Uí Dhálaigh do cheap é le linn
Fiacha mhic Aodha mhic Sheagháin mhic Réamainn Uí Bhroin
de Ghabhail Raghnaill.



Dia Sathairn roimh an Oireachtas 'sé rud do bhí ar
bun "An tSídheóg agus an Tincéir" do thabhairt os
comhair teachtairí an Oireachtais agus daoine nach iad.
Do rinne An Craoibhín Aoibhinn a chion féin de'n
obair go ríogh-mhaith go fiú goile maithe agus flosg an
domhain a bheith air chum an bhídh, toisg an fhuaicht do
chur air, is dócha. Is sár-mhaith an cailín Sinéad Ní
Fhlannagáin do bhí 'na sídeóig dhreachamhail dhrith-
leannaigh ins an aisde seo. Rinne sí an gnó go
hálainn. Bhí an lá sathach fuar, agus ma bhí, ní dhearna
sé éin-díoghbháil do na haisdeoiríbh. I ngarrdha Sheóirse
Uí Mhórdha i n-Áit Éile do bhí an rud so ar siubhal.


L. 82


Oidhche Dia Luain, sin é, Luan Cinncíse, do bhí
céilidh ar bun i dTigh Árd-Mhéire Bhaile Átha Cliath. Bhí
an t-Árd-Mhéire, .i. Tadhg Ó hÚrdail, go fial fairsing
flaitheamhail romhainn. Do chuir sé fearadh na fáilte
roimh mór-chuid de'n druing chuartaidheachta as Gaedh-
ilg. Bhí ceól agus caoimhneas, caidreamh agus comhluadar,
ól agus aoibhneas, aisde agus árd-shuairceas, rás agus rinnce agus
a lán de rudaíbh nach iad le fághail ann.



Do chruinnigh Árd-fheis an Chonnartha i gceann a chéile
ar maidin Dia Máirt a bhí chugainn i Halla Cruinn na
Rotunda. Is ann do léigheadh mion-tuairisg na hÁrd-
fheise do bailigheadh i n-uraidh, agus tuarasgbhála bliadhna
na n-oifigeach, agus is ann fós do ceapadh na fo-choistí
faoi chomhair an Chóruighthe, an Teagaisg Choitchionnta,
Oireachtais na hAithbhliadhna, etc.. Dob' fhíor-úsáideach
agus dob' fhoghainteach na fo-choistí seo do cheapadh. D'á
gcionn so an aimsir gan ró-sgaipeadh. Imtheacht na
hÁrd-fheise d'á ndruim gan cur i bhfad ná i bhfuaire.
Córughadh an Chonnartha socair uaidh gan troid gan
toirmeasg. Bhí an t-aith-thionól de'n Árd-fheis ann
Dia hAoine bhí chugainn, do mhair rith an lae ó'n deich
a chlog ar maidin go leathuair d'éis a haondéag is-
toidhche. Bhí tuarasgbháil gach fo-choiste os a chomhair
seo; ní mór an t-athrughadh do cuireadh ionnta agus 'pé
athrughadh do cuireadh, ní gan feabhsughadh bhíodar d'á
bhárr. Is fíor-mhaith a dtáinig as an Árd-fheis seo
do Chonnradh na Gaedhilge. Is feáirrde agus is
treiside, is daingnide agus is buainide an Connradh
é. Tá an Coiste Gnótha ar bun daingean docht anois.
Triocha fear (nó deichneabhar is fiche) atá ann feasda,
a leath toghtha ó Bhaile Átha Cliath agus ó chomharsnacht
Bhaile Átha Cliath (.i. fiche míle nó fá fhiche míle de) agus a
leath eile ó na craobhachaibh atá taobh amuigh de cheann-
tar Bhaile Átha Cliath agus tar lear. Na fir is déidhean-
aighe do luaidheamair, gheobhaidh siad costas nó cáin a
mbeathadh agus a n-aoidheachta i mBaile Átha Cliath, ag riar
an tionóil dóibh, .i. oiread le deich bpunt 'sa' bhliadhain.
Tá so do réir chóra agus chirt.



Is éigean leath an Choiste do bheith 'na gcomhnaidhe i
mBaile Átha Cliath nó i n-aice dhó, óir "caithfear
fuineadh i n-aice na mine," agus rud eile, dá olcas é
Árd-chathair na hÉireann, agus é nach mór i bpoll duibh-
eagáin Ghalldachta, 'na dhiaidh sin agus uile, is é sgathán
Éireann uile é, nó dá n-abramaís ar nós an fhile, 'sé
"sgathán na Fódhla" é. Fiú an dubh-Albanaigh ins na
bailtibh i bhfad síos úd, Béalfeirsde agus Doire Choluim
Chille, baineann sé lán a dhá shúl as imtheachtaibh Bhaile
Átha Cliath, agus má's é sin do'n fhear mustarach mórdhálach
so, nach amhlaidh badh mhó 'ná sain beann an Ghaedhil air
do bhí 'na dhaor nó 'na thráill go dtí le fíor-ghoirid, agus,
dar ndóigh, ní saor intinn agus ní mór meanma fós é.
Acht an nídh atá 'na dhearbh agus 'na dheimhin ag an saoghal
mór i n-Éirinn, cá maitheas dúinne bheith d'á phlé?
Súile na hÉireann ar Bhaile Átha Cliath.



Tá súil againn, ámh, nach díomhaoin a bheas an cúig
dhuine dhéag atá 'na gcomhnaidhe i dtaobh amuigh de
cheanntar na hárd-chathrach, acht go mbeidh siad i láthair
chum a ndeagh-chomhairle do thabhairt comh minic agus is
féidir. Fear feidhmeamhail foghanta is eadh Séamus
Ó Dubhghaill darab ionad comhnuidhthe Doire Choluim
Chille. Is breagh na fir iad An t-Athair Ó Laoigh,
Seaghán Suédmean, Pádraig Ó Séaghdha, Seaghán Mag
Fhloinn, Peadar Mag Fhionnlaoigh, Uilliam Ó Riain, An
t-Athair Mac Consaidín, Mac Uí Eachthigheirnn, An
t-Athair Mac Conshnámha agus Tadhg Ó Sgannail.



Tá an córughadh nua fá chló Béarla i gClaidheamh na
seachtmhaine seo thorainn. Cuirfimíd-ne i gcló Gaedh-
ilge é an ath-uair, má leigthear dúinn sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services