Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgríbhinní Úr-Nua. Poll Tighe Liabáin.
Title
Sgríbhinní Úr-Nua. Poll Tighe Liabáin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
POLL TIGHE LIABÁIN. [Do léigheadh an tráchtaín seo os comhair an chóimh- thionóil úd de'n Árd-chraoibh do cruinnigheadh an 16° lá de'n Aibreán, 1902.] Lá n-aon d'á rabhas i gceartlár Chontae na Midhe agus mé ag siubhal le hais na Bóinne, cia casfaidhe orm acht fear de bhunadh na contae sin a raibh mórán Gaedhilge aige.* Badh cheart dam a rádh annso gurab é dob' ainm dó so Brian Mac Seathfra. Tá sé ar thaobh na fírinne anois. D'éis tamaill dúinn ag caint le n-a chéile, thárla trácht ar amhránaibh eadrainn, agus dubhairt seisean go raibh amh- ráinín beag aige féin agus go ndéarfadh sé dham é, dá mbadh mhaith liom éisteacht leis. Dubhart-sa leis go n-éistfinn agus míle fáilte. Do chrom sé ar ghabháil fhuinn, agus seo é an t-amhrán do bhí aige: I. Dubhairt Frainc Máirtín nach bhfuighinn-se an tsláinte Mar' n-ólfainn sgárd mhór de'n fhuisgidh donn; Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis, Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom. II. Dá ndeangbhainn Héabóig ar greim adairce Go Poll Tighe Léabáin badh chuma liom; Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis, Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom. III. Fhad is mhaireas Réamann 's a threibh i n-éifeacht, 'S go deireadh an téarma béidh an báire liom; Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis, Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom. IV. Dar a bhfuil dhe bhric 's dhe bhréantaíbh ar thóin Loch' Bhreachmhuighe, 'S dar a bhfuil dhe ghréibhealaíbh ins an bhFrainnc, Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis, Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom. Ní túisge bhí an méid sin ráidhte aige 'ná d'innis sé dham nach raibh fhios aige cá raibh Poll Tighe Léabáin acht gurab é mheas sé gur bh'ionann é agus ifreann. Dubhairt sé, an té do chum an t-amhrán, gur bean a bhí innti a raib an-dúil 'san ól aici, gur Héabóig dob' ainm d'á boin, agus nár mhisde léi, dar leis, a bó do thiomáint go hifreann d'á mb' éigean di é. Bhí sin go maith agus ní raibh go holc. Ní mór an meas do bhí agam ar an amhrán, agus dar go dearbhtha ní mór le rádh é ar chor ar bith. 'Na dhiaidh sin agus uile, d'fhan ceist orm d'á dhruim agus dob' í an cheist í sin acht cá bhfuil Poll Tighe Léabáin agus is beag má bhí éan-tsúil agam le n-a fuasgailt. Bhíos fiosruightheach go leór 'na thaobh, acht má bhíos féin, is ró-mhaith do
thuigeas an t-am sain gur ar éigin do bhí éin-ghléas agam le fuasgailt na ceiste. Deirinn liom féin anois agus arís: Má's ainm ar ifreann Poll Tighe Léabáin, nach aisteach an t-ainm é? Acht b'fhéidir gur ar áit éigin 'sa' tír atá an t-ainm agus go mbeidh sé i ndán dam fós an cheist do réidhteach. Seal fada 'na dhiaidh sin, do chuadhas ar cuairt go dtí na Cealla Beaga i dTír Chonaill, agus is gairid do bhíos ann gur bhuail- eas an bóthar go Faithche Feannáin mar a gcomhnuigheann Seaghán Mac a' Bháird, duine aithnide do mhórán de Chonnrathóiríbh na hÉireann. Thárla im' shuidhe i n-a thigh mé, agus mé ag caint leis féin agus le n-a mhnaoi, agus lámh d'ár chuireas im' phóca caidé bhuailfeadh léi acht an leabhar agus an t-amhrán úd sgríobtha ann adubhramar romhainn. Do chromas ar é léigheadh agus nuair do thánag fhad le "Poll Tighe Léabáin", 'sé dubhart leó: "D'innis fear an amhráin dam gur bh'ionann Poll Tighe Léabáin agus ifreann." "Ní hionann go deimhin," arsa Seaghán Mac a' Bháird agus creidim go ndearna sé gáire; "Tá Poll Tighe Liabáin ins an chondae seo a bhfuil tú istigh innti, agus i ndeas do Mhálainn Bhig atá sé. Poll mór ins an charraig atá ann a dtig uisge na fairrge thríd go minic, go háirighte i n-am doininn." Ceapaim go ndubhairt sé Puinte an Liabáin, ámh. B'in é meas a mhná leis. Thug sí an tuarasgbháil chéadna ar an áit, acht shaoil sí gur Port a' Liabáin an chuma ar a gcuala sí an t-ainm. Deirim libh go raibh iongnadh agus áthas le chéile orm agus ní feasach mé cia aca ba mhó. B'fhéidir gurab é an t-áthas do chinn ar an iongnadh orm, go mór-mhór nuair dob' eólach dam nach raibh éan-ghábhadh le dul go hifreann, dá dtéidhthí ar cuairt go Poll Tighe Léabáin. Seal 'na dhiaidh sin, do bhíos i gContae Mhuineacháin agus mé ar mhullach an Chúil Fhuair, áit ar casadh mé i dtigh a raibh sean-fhear 'na chomhnaidhe ann ar bh'ainm dó Eóghan Mac a' Bháird. Má tá, Bhárdach eile bhí ann. Do chuala go raibh a lán amhrán ag an bhfear so - mo thruaighe! tá sé ar thaobh na fírinne anois agus tá cuid aca caillte, im' thuairim - agus do chaitheas an lá leó, 'gá síor-chur síos. Ní'l fhios agam caidé mar thárla, acht níor dhearmadas faisnéis do chur air fá Pholl Tighe Léabáin. Dubhairt sé gur mion minic do chuala sé "Go Poll Tighe Léabáin leat," acht ní raibh fhios aige acht a oiread le cúl a chinn cá raibh an áit. Sgathadh aimsire 'na dhiaidh sin arís, do thárla ath-uair i dTír Chonaill mé. I nDún na nGall do bhí mé ar tús agus mé i bhfochair Phádraig Uí Ghallchobhair, dlightheóir, agus Roibeáird Bárrchoill, dlightheóir eile ó Chruimghlinn i gContae Aontruim. Bhí Pádraig Ó Beirn, atá anois 'na chomhnaidhe 'sna Ceallaibh Beaga, tar éis teacht a bhaile ó'n Oileán Úr. Fuaras-sa agus Roibeárd Bárrchoill cuireadh croidheamhail uaidh-sean agus ó Sheaghán Mhac a' Báird fá dhul siar ar dhóigh go dtaisbeánfaidís an dúthaigh aniar dúinn. D'fhágamar Dún na nGall ar thraen na maidne, má's cuimhneach liom i gceart, agus i gceann uaire nó fá'n tuairim sin, do bhíomar ins na Ceallaibh, agus geallaim díbh nár bhfada gur chuir beirt furán ar bheirt eile agus fearadh na fáilte rómpa. Ar maidin lá ar n-a bhárach, d'éis ar gcéadlongadh do dhéanamh, do tháinig Pádraig Ó Beirn isteach ins an tigh ósda a raibh mise agus Bárrchoill ag baint fúinn ann, agus do bhuaileamar ar dtriúr amach ar chéidh na gCeall. Ní raibh fhios agam-sa acht oiread le cúl mo chinn caidé bhí 'n-ár
gcomhair, acht tháinig iongnadh an tsaoghail agus áthas mór orm, an tráth do leagas mo shúil ar bhád breágh seóil agus fuireann mhaith shásta innti, mar bhí, Seaghán Mhac Ghiolla Cháirr, an fear ar leis í agus beirt eile d'fhearaibh na gCeall. Níor bhfada dhúinn ag baint béal an chuain amach. Sgoith fir agus togha Gaedhilgeóra do bhí i bhfear an bháid. Is minic ba ghnáthach leis, do réir a chunntais, dul ar loingseóireacht go dtí na hoileáin fhairrge úd Chontae Mhuigheó, go mór-mhór go hInis Chaoi. Is mór do mhol sé canamhaint Inse Caoi agus d'innis sé dhúinn mórán focal do chuala sé ann, mar atá, "maide eólais" ar stiuir nó mar deirthear i dTír Chonaill "healmadóir," agus "maide tosaigh" agus "maide láir" agus "maide deiridh," etc., má's cumhain liom i gceart iad. Do leanamar do'n tseóltóireacht go dtí go rabhamar ag bun Sléibhe Liag agus geallaim díbh gur bhreagh an radharc é sin, mar is iongantach árd an cnoc é. Do chasamar ar ár n-ais annsin, agus is gairid gur bhuaileamar tír agus talamh i dTeileann. Is mór do thaitin an bhád- óireacht so liom agus ní raibh de mhíochomhgar innti acht brais bheag breóiteachta fairrge tháinig orm. Tar éis teacht fá thír dhúinn do chuamar ar ár n-aghaidh go lár sráide Theilinn, agus caidé is túisge chluinfinn ar an mbaile bhinn-Ghaedhilge seo acht bean dóigh- eamhail shlachtmhar i ndorus tighe agus í ag labhairt smid nó siollab de bhrúsgar Béarla le duine d'á cuid cloinne. Thugas achmhusán géar di ar an mball agus 'sé mheasaim gur chuireas sórt náire uirri. Tháinig fear an tighe dom' chomhair annsin, agus ó thárla go raibh fonn troda agus toirmisg orm, níor mhór dam achmhusán ba ghéire 'ná sin do thabhairt dó-san mar an gcéadna. "Nach mór an náire dhíbh," arsa mise, "bheith ag déanamh díchill ar an nGaedhilg. bhar dteanga féin agus teanga bhar seacht sinnsear romhaibh, do dhíbirt as an mbaile beag so? An é nach bhfuil fhios agaibh gur'b í an Ghaedhilg teanga na hÉireann?" "Tá fhios againn sin go maith," arsa 'n fear. "Má tá sin amhlaidh," arsa mise arís, "cad chuige nach leanann sibh di? Cad as nach labhrann sibh Gaedhilg leis na páistíbh? Is sibh-se, Gaedhilgeóirí na tíre, is cionntach le bhar dteangaidh bheith ag imtheacht as an saoghal mar tá sí." "Ní sinne is cionntach leis," ar seisean; "is ar na sgoltacha Gállta so badh cheart duit an locht d'fhágail agus ní orainne. Bíthear ag labhairt Ghaedhilge annso ghach aon lá de'n tseachtmhain, agus ní'l tachrán ar a' bhaile nach bhfuil neart agus tréan Gaedhilge aige." "Is maith liom sin a chluinsin uait," arsa mise agus do bhíos ag brath ar a thuilleadh 'rádh, go háirighthe ó bhí bunadh an bhaile uile go léir cruinn thart timcheall orainn fá'n tráth so. Fir agus mná ann, cailíní óga agus girrseacha, agus ní áirighim tachráin, mar is deimhin go raibh a lán de gach aon aos óg ann. Acht bhí Seaghán Mac a' Bháird d'éis teacht anoir ó na Ceallaibh fá'n taca so agus Pádraig Ó Beirn, ar bh'éigean dó imtheacht uainn go ceann tamaill, ar srochtain na sráide dhúinn, bhí sé d'éis teacht ar ais. Ba cheart dam a innsin cheana dhíbh gur fhág Pádraig Ó Beirn roinn d'á chuid féin, .i. mála briosgaí, im' láimh-se, ag imtheacht dó, 'gá iarraidh orm é choimeád go dtiocfadh sé ar ais. Nuair do ráinig sé im' sheilbh, ámh, níor mhór dam bheith fial fá chuid duine eile agus mar sin de do roinneas mór-chuid de na briosgaíbh ar na cailíníbh óga agus ar na girrseachaibh agus níor bhaoghal go ndearmód- fainn na tachráin nuair thiocfaidís im' ghoire nó im' ghaobhar. Bhí na cailíní faiteach go
leór ar tús, acht ba ghearr gur sgar an faitcheas leó, nuair do chonncadar, im' bhara- mhail, nach droch-dhuine do bhí ionnam. Bhí gach duine aca ag cniotáil ar lán a díchill, ag déanamh giosán le haghaidh an mhargaidh, agus dob' iongantach liom-sa luas gach péire dealgán aca. D'innis Pádraig Ó Beirn dam gur gnáthach leó bheith ag obair ar an gcuma sain Domhnach agus dálach go dtí go dtigidh na ceannuightheóirí fá dhéin na ngiosán. Do chuamar as sin go Bun Glas, aill árd atá ar Shliabh a Liag, agus ba bhreagh an radharc do fuaramar ar an bhfairrge nuair do shroicheamar í, agus d'éis teacht dúinn go Teileann agus é fhágáil fuaramar ósduigheacht na hoidhche ar an gCarraig (Carraig Buin a' Ghleanna an t-ainm iomlán, is dóigh liom). Ar maidin lá ar n-a bhárach d'fhágamar an Charraig agus chuamar go Sean-Ghleann Choluim Chille. Portach mór móna ar gach taobh dínn d'éis an Charraig d'fhágáil agus é fairsing go leór in gach éan-taobh, acht ag teacht comhgarach do'n Ghleann so dhúinn, ba bhreagh an radharc do bhí os ar gcoinne. Go deimhin agus go dearbhtha dhíbh, is iongantach an áit Sean-Ghleann Choluim Chille. Gleann domhain as cuimse atá ann, agus cnoc mór árd ar gach taobh de, agus tonnta na Fairrge Móire aniar an-chomhgarach dó. Ní hiong- nadh gur thóg Colum Cille cill d'á cheall- trachaibh annso. Innistear sgéal fá'n bhfear naomhtha so, nuair do díbreadh na deamhain as gach áit eile i nÉirinn, go bhfuaradar fasgadh agus dídean 'san tSean-Gleann go teacht dó féin 'san áit, agus is dócha gur ar a dtóir do bhí sé, agus annsin dob' éigean dóibh imtheacht leó béal a gcinn go Poll Tighe Léabáin, mar shamhluighim. Sin an fáth a ndubhairt file éigin i dTír Chonaill: - 'Nois, ó fuair tú faill Na deamhain a chur as Gleann A d'fhág siad gan chaill gan cháirde. D'fhanamar an oidhche sin i nGleann Choluim Chille agus ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair a bhí ithte agus ólta againn, caidé do-chífimís ag teacht fá n-ár gcoinne acht cárr seólta agus tiománaidhe i n-áirde air agus capall bríogh- mhar faoi. Bhí an Beirneach 'na sheasamh i n-aice liom. Bhíos fiosruightheach go leór agus d'fhiafruigheas de gan mórán moill: - "Cá bhfuilmíd ag dul i ndiu?" "Cá mbéidhmis ag dul acht go Poll Tighe Liabáin?" ar seisean, agus miongháire modha- mhail ar a chionnaighthibh; "bhí fhios agam nach mbeitheá sásta go deó na bhfeart gan é fheiceáil." A dhrólann na bhfeart! is annsain do tháinig an t-iongnadh agus an t-áthas orm. An áit seo go gcuala trácht air na bliadhanta ó shoin i gContae na Midhe le feicsint agam! An áit seo go bhfuil a ainm i mbéal gach aon Ghaedhilgeóra i n-íochtar na hÉir- eann dá fhaide é ó'n áit féin! An áit seo go mbíthear ag trácht air i dTír Chonaill féin agus 'dheamhan 'fhios cá bhfuil sé 'san domhan bhraonach! Lán mo dhá shúl do bhaint as Poll Tighe Léabáin agus gan mé ag dréim le n-a leithéid ar an mbóiminte ar chor ar bith! An t-ainm áite seo chuireas i gcéill dúinn séimhe agus sibhialtacht Gaedheal i bhfarradh 's Goill gur gnáthach leó duine do chur go háit éigin "atá níos teó cé fada í ó'n ngréin," amhail do sgríobh Pádraig Ó Beirn féin le linn é bheith 'san Oileán Úr, a dhearbhadh orm feasda gur fíor-ainm áite atá ann! Níor leigeas faic orm acht mo bhuidheachas do thabhairt do'n Bheirneach, mar ba cheart agus ba dhual dam. Níor bhfada dhúinn Málainn Mhór do chur dínn agus i gceann tamaill eile do shroicheamar Málainn Bheag. Do stad
an cárr os comhair tighe cinn tuighe. Deis mhaith air agus é fionnaolta go deas agus go glan taobh amuigh. Sráid fhairsing fhéarmhar os a chomhair amuigh. Mullach tuighe air nach raibh bun sifín amach air ná bárr sifín isteach air acht gach aon tsifín i n-a áit agus i n-a ionad féin. D'iarr Pádraig orainne .i. orm-sa agus ar Bhárchoill (ní raibh an Bhárdach linn an turus so) dul isteach i n-éinfheacht leis, agus do chuamar. Ní túisge bhíomar tar tairsigh ná chonncamar fear an tighe, bun- fhear a bhí istigh romhainn 'na sheasamh. Dearbh- ráthair do Phádraig do bhí ann agus chualas fós gur iúistís a péas é. Bhí teanga mhaith Gaedhilge aige, agus má bhí féin, ní gnáthach iúistís a péas gan sórt Béarla 'na phluic. Chuir sé céad fáilte romhainn, agus d'éis tamall beag do chaitheamh ag caint agus ag comhrádh le n-a chéile, do shuidheamar síos i n-éadan proinne, tae agus bunnóga agus arán agus an chuid eile de na rudaíbh is gnáthaighe caithtear i n-Éirinn, agus ní áirighim an t-im do-ghní tarsann do'n arán i ngach éan-áit. Nuair do fuaramar ár sáith de gach uile chineál, do chuamar amach agus cá mbeadh ár dtriall an feacht so acht siar go díreach go Poll Tighe Léabáin! Bhíos-sa agus Pádraig ar thoiseach agus dearbhráthair Phádraig agus Bárrchoill 'n-ár ndiaidh. Bhíos ag éisdeacht le caint Phádraig aireach go leór, acht má bhíos féin, ní bhfaghainn gan cluas eile chur orm le héisteacht le caint a dhearbhráthar comh maith, do thigeadh sí comh blasda comh saoráideach comh haibéil sin as a bhéal. Tuile gan tlás ab' eadh í agus tá eagla orm go raibh Bárrchoill bocht báidhte léi. Ní dóigh liom, dá mbeinn-se 'na chás, go mbeadh gach-re-seadh ar mo chumas ar éin-tslighe. Acht is ag rámhailligh atáim, agus b'fhéidir cuid agaibh-se ag rádh libh féin nach sroichfead Poll Tighe Léabáin go deó na ndeór, d'éis trí lá do chaitheamh leis an aistear ó fhágas Dún na nGall. Acht déanaidh foighid. Támaoid ag an bpoll mór anois, fá dheireadh thiar. Tá Pádraig Ó Beirn ag síneadh a láimhe i n-a airicis. "Sin Poll Tighe Liabáin duit anois," ar seisean; "nach mór an poll é?" adeir sé, agus miongháire mín miochair modhamhail macánta ar a chionnaighthibh agus a dhearbhadh ar a shúil é bheith lán-tsasta. "Is mór go deimhin," arsa mise; agus chím ag mo chosaibh agus os mo chomhair amach poll ádhbhal-mhór an-fhairsing uathbhásach osgailte uile-shluigtheach dubh diamhair domhain dorcha duibheagáin i lár na haille a bhfuilmíd 'n-ár seasamh uirri. Féar glas ag fás thart fá dtaoibh de ar gach éan-taobh. Bealach fir aonair ar an taobh atá os cionn na Fairrge Móire. Craos iongantach mór béal-fhos- gailte contabhairteach ar dearg-leathadh ag á bhárr 'n-ár n-aice agus é ag dul i gcumhainge agus i gcaoile ag á bhun go sroichidh sé tonnta na fairrge. Má téidhthear tamaillín geárr isteach 'sa' pholl, agus ní baoghal an méid sin, is féidir uachtar na fairrge d'fheicsint tríd an bpoll, fíoch agus fraoch air, agus dá n-abrainn, cuil mhór ar na tonntaibh tolgacha torannacha troma chum duine bháthadh tar fóir, dá mbeadh sé do mhí-ádh air dul le haill síos an poll. Ní hiongantach ó mhuintir Ghaedhealaigh Uladh agus Midhe duine do chur go dtí an poll so, nuair thig taom feirge ortha, mar níor bheó é tar éis dul le haill ar tús agus é phlúchadh agus a bháthadh 'sa' bhfairrge 'na dhiaidh. Ní baoghal nár bhaineas lán mo dhá shúl as Poll Tighe Léabáin fhad agus bhíos i n-a aice. D'fhágamar é annsin agus do shiubhlamar na hailltreacha agus thart fá na pollaibh diaidh i ndiaidh mar leanas: Na Puill Gharbha, An Searál, Cladach an Duine mhairbh, An Sgorán Buidhe, Poll a' Cholbha, Gob na hInnire, Tor
an Traoille, An Smailc, Log na Móna, An Uaig, Cladacha an Róin agus Poll na Móna. Do thaisbeán dearbhráthair an Bheirnigh dúinn léarsgáil ó lámhaibh forrachán an Ordanáis agus gach éan-áit díobh so fá chló glan uirri go fiú "Polteeleban," agus ní fhaca riamh ó shoin a mhacsamhail i mBaile Átha Cliath. Ní rabhas ar muir agus d'á chionn sin ní fhacas bun Puill Tighe Léabáin, acht do hinnseadh dam go raibh cuma ghráta nó suirn air. Poll séideáin is eadh Poll Tighe Léabáin go dtagann uisge na fairrge isteach ann i n-am doininn, a ndubhairt an Bhárdach cheana. Tigeann an t-uisge aníos agus déanann sé tuaim agus tormán agus tuargain le n-a linn sin, agus bíonn cubhar na dtonn dtréan d'á chur i n-aér 'na mhion-cheathannaibh. Is deas an baile beag Málainn Bheag. Tá sé 'san iargcúil i bhfad ó bhailtibh eile. Sliabh árd ar a chúlaibh agus an fhairrge os a chomhair. Tá an baile go hárd os cionn mara, agus ní dóigh liom go bhfuil de chuan nó de phort ann acht an Uaig. Is fairsing flúirseach créibhric ag fás ar na hailltrea- chaibh. 'Sí céard na n-áitreabhach iasgaireacht. Bhí duine amháin aca dar'b ainm Conall Mhag Fhionnlaoigh gur chuir a chuid súl iongantas orm. Súile glasa gléineacha b'eadh iad, agus do chualas go rabhadar ar son an t-iasg fheicsint fá uachtar na fhairrge, dá mbadh é an fód i mbeadh sé 'na sheasamh mullach na n-ailltreach féin! Is iomdha caoi i dtráchtthar ar Pholl Tighe Léabáin i Leith Chuinn, mar atá, "Gabh go Poll Tighe Léabáin;" "Cuirfe mé go Poll Tighe Léabáin thú, mar' bhfága tú m'amharc," "Truagh nach bhfuil tú thíos i bPoll Tighe Léabáin anois," agus c. I n-aice na háite féin tá cor beag san ainm, mar atá, Poll Tighe an Liabáin, sin é nuair nach mbíonn "Puinte" nó "Port a'" 'na thosach i n-áit "Poll Tighe." I dTír Chonaill féin ní heolach dóibh an áit; do casadh daoine orm i bhfíor-ghar do Mhálainn Bhig féin nár bh'eólach dóibh suidhiughadh na háite, cé gur mion minic do chuala siad an t-ainm. Is dócha gur i Málainn Bhig amháin atá eolas air. 'Sé an barrán nár sháruigh an cheist ar Sheaghán Mac a' Bháird, gur as Málainn Bhig a bhean, 'sí sin, deirbhshiúr Phádraig Uí Bheirn. Tá an ráidhteachas ag muintir Chonnacht comh maith. Dubhairt Conall Mhag Fhionn- laoig úd go gcuala sé fear siubhail ó'n gcúigeadh sin ag rádh uair amháin: "Go séididh an diabhal anonn go Poll Tighe Liabáin thú." Cuireann an rádh deireannach ag machtnamh mé. Tá trácht ar an diabhal ann. B'fhéidir nach raibh an Midheach úd i bhfad 'san éagcóir. Féadfaidhe gur sean-nheathán ainm Puill Tighe Liabáin agus nár bh'áit talmhaidhe é ar tús ar chor ar bith. An féidir gur bh'ionann Teach Liabáin agus ifreann nó Tartarus na nGaedheal bPágánta? D'á réir sin, dob' ionann Poll Tighe Liabáin agus geata an ifrinn úd. Is doiligh a rádh ciar bh'é Liabán. Dá mb'ionann Teach Liabáin agus ifreann na bPágánach, dob' ionann Liabán agus Bolcán, gobha ifrinn. Acht ní'l 'sa' méid seo acht buille fá dtuairim. 'Na dhiaidh sin agus uile, is cosmhail Liabán le Líobhadh nó Libun, mar atá sé i nGaedhilg Mhanann, ainm athar Luin, goba ríogh Lochlann ins an mBeirbhe do réir nheatháin éigin. Dá mbadh nheathán Poll Tighe Liabáin níor bh'iongnadh an t-ainm d'fhághail i n-áit éigin eile comh maith céadna agus is dálta mar sin atá an sgéal, mar inneósad-sa agus duine eile anois. POLL TIGHE LIABÁIN (THEAS). Dálta Muighe Tuireadh Thuaidh agus Muighe Tuireadh Theas, is éigean a admháil go bhfuil
Poll Tighe Liabáin Thuaidh agus Poll Tighe Liabáin Theas ann. Do chonncabhair go raibh eolus pearsanta agam féin ar Pholl Tighe Liabáin Thuaidh; ní'l d'eolus agam ar Pholl Tighe Liabáin Theas acht eolus léiginn agus litreach. 'Sí an uair do chuireas an sórt sain eoluis ar an áit theas, oidhche d'áirighthe d'ár léigh an Piarasach páipéar os bhar gcomhair roimh an Meitheamh i mbliadhain armhughadh i n-uraidh do bhí na focail-se 'nár ndiaidh i lár a pháipéir do dheismireacht aige ó Sheathrún Céitinn: "Leabaidh Dhiarmada Uí Dhuibhne agus Ghráinne ag Poll Tighe Liabáin i n-Uíbh Fiachrach Aidhne d'á ngoirthear Dúthaigh Sheachnasaigh indiu." Ní gábhadh dham a rádh go dtáinig iongnadh agus ollsacht orm nuair do chuala na focail ag teacht amach as béal an Phiarasaigh. Níor bhfada gur ghabhas ag á thóruigheacht oiread agus bhí sin ar mo chumas .i. tré leabhraibh agus litreachaibh. Ní dheachaidh dhíom iomrádh d'fhághail air i gceann de na Fiants úd Ailíse, bainríoghain Sasana, agus é litrighthe ar an gcuma so: Poltylebane. 'Sé an cunntas atá thíos ag an lucht eagair air ná é bheith i gceachtar de dhá chontae, mar atá, Contae an Chláir no Contae Thiobrad Árann, acht tomhas nó tuairim dob' eadh é sin. Ní'l sé i bhfad ó Chontae an Chláir, ámh. Acht is mithid damh-sa sgur anois, agus a leigean do dhuine i nDuthaigh Sheachnasaigh féin leanmhaint ar an sgéal ar a chuma féin. 'Sé is ainm dó ná Tomás Ó hEidhin, agus chugam-sa do chuir sé é i bhfreagra ar litir fhiosruighthe do chuireas chuige. Tá buidheachas mór agam air, mar is deimhin nach í an trioblóid a bhí ag déanamh buaidheartha dhó, acht síor-dhúil i rud do dhéanamh orm: poll tighe liabáin. "Bhí teach ag fear do mhuintir Liabáin isna sean aoisibh san áit a bhfuil an poll so anois. Sluigeadh síos an teach oidhche éigin, agus ní raibh a thuairisg le fagháil ar maidin. "Chomh fada agus d'fhéad mise déanamh amach, tá an poll so ar cheann do na pollaibh a ritheann abhainn an Ghuirt tríotha. Ní'l sé acht timcheall dhá chéad slat nó mar sin ó'n bPoll Dubh. Tá sé go díreach taobh istigh de chlaidhe an bhóthair atá ag rith treasna go ceann na h-abhann. Poll cruinn doimhin is eadh é. Tugtar Poll an Fheadha air anois. Acht maireann Poll Tighe Liabáin imeasg na ndaoineadh. Is beag seanduine isna ceanntaraibh atá timcheall ar an nGort nár airigh trácht ar Pholl Tighe Liabáin. Is iomdha duine d'innis dom go raibh sé i n-áit éigin i ngar do'n bPoll Dubh. Acht ní bhfuaireas acht beirt, buachaill óg agus sean- fhear, do bhí i n-ann innsint dom caidé 'n poll é. "Gan tú i bPoll Tighe Liabáin agus cloch ar do phíobán." "Tá sé chomh doimhin le Poll Tighe Liabáin." So iad an dá rádh do choinnigh beo an t-ainm imeasg na ndaoineadh nuair tugadh an t-ainm eile .i. Poll an Fheadha air. Da ndéanfadh duine aon phioc asan mbealach b'fhéidir go ndéarfaidhe leis "Gan tú i bPoll Tighe Liabáin agus cloch ar do phíobán." Déar- faidhe le poll doimhin ar bith "Tá sé chomh doimhin le Poll Tighe Liabáin." "Dubhairt an seanfhear a chuir síos domh- sa ar an bpoll so go gcuala sé féin gach a ndubhairt sé i n-a thaoibh ó sheanfhear eile do chomhnuigh i n-áit éigin i ngar do'n pholl. Dubhairt sé freisin nach é amháin gur chomh- nuigh an seanfhear san áit é féin acht gur chomhnuigh a athair agus a chuid sean-aithreach ann roimhe leis na ciantaibh. "Innsigheadh dom sgéilín beag deas ag baint le Poll Tighe Liabáin. Isna sean- aoisibh nuair bhí Naomh Pádraic ag dul thart
ag beannughadh na hÉireann agus ag tabhairt an chreidimh fhíre dár sinsearaibh, thuit amach go dtáinic sé féin agus Naomh Fiachain go Gort-a'-chárnáin, baile beag tuaithe atá ar bhruach Loch' Cútra. Nuair shroicheadar an áit bhí tuirse ortha agus shuidheadar síos ag leigean a sgíthe. Sul d'eirigheadar tharraing Naomh Pádraic brobh as an talamh. Ar an mball do bhrúcht tobairín fíor-uisge aníos 'san áit as ar tharraing sé an brobh. Chomh h-éasgaidh agus chonnaic Naomh Fiachain an t-uisge ag rith aníos, dubhairt sé le Naomh Pádraic, "Cia'n leigheas atá 'san uisge sin." "Tá leigheas ar an mbuinneach," arsa Naomh Pádraic. Tar 'éis so shiubhladar ar an uisge treasna go dtí Páirc an locha, áit atá ar an taoibh eile de'n Loch. Annso shuidheadar síos arís ag leigean a sgíthe. Sul d'fhágadar an áit so bheannuigh Naomh Fiachain slat. Sháith sé 'san talamh í, agus dubhairt sé go bhfásfadh sí suas i n-a crann mór iongantach, agus go bhfoileochadh sí ceath- ramha thalmhan. B'fhíor dhó. Leis an aimsir d'fhás an tslat suas i n-a crann mór iongantach agus d'foiligh sí ceathramha thalmhan. Siúinéaraidhe bocht do bhí 'san Liabánach agus thosuigh sé ag baint píosaidhe de'n chrann bheannuighthe so agus d'á gcur i n-úsáid i n-a chéird. Tá sé mar bhéal-oideas ag cuid de na sean-daoinibh gur mar gheall air so sluigeadh síos é féin agus a theach 'san oidhche agus nach raibh a dtuairisg le fagháil ar maidin. "Tá an tobairín do bhrúcht aníos 'san áit ar tharraing Naomh Pádraic an brobh i nGort- a'-chárnáin fós. Dubhradh liom go dtugtar tobar beannuighthe mar ainm air. Shíleas dul chomh fada leis an lá roimh Lá Nodlag acht níor éirigh liom. Bhí na bóithre ró- dhona. "Dubhairt fear do mo ainm agus do mo shloinneadh féin a chomhnuigheas i mBail' Uí Liagh liom gur airigh sé "Liabhán's Gulf" d'á thabhairt ar an bpoll a dtéigheann abhainn Bhail' Uí Liagh faoi thalamh ann. So é an poll a dtug an Reachtúire Soiléar láidir Bhail' Uí Liagh air." A fhad sin théid Tomás O hEidhin. Do chífidh sibh nach cinnte ar fad atá an tuairisg do chuir sé chugam ar Pholl Tighe Liabáin. Dob' fhéidir do cheachtar de dhá áit bheith 'na Pholl Tighe Liabáin roimh an am so. Acht deirim-se leis, an áit úd de'n cheachtar go bhfuil Leaba Dhiarmada agus Ghráinne ann gurab é Poll Tighe Liabáin i nDúthaigh Sheachnasaigh é, do réir mo bharamhla-sa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services