Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgríbhinní Úr-Nua. Poll Tighe Liabáin.

Title
Sgríbhinní Úr-Nua. Poll Tighe Liabáin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 66


POLL TIGHE LIABÁIN.



[Do léigheadh an tráchtaín seo os comhair an chóimh-
thionóil úd de'n Árd-chraoibh do cruinnigheadh an 16°
lá de'n Aibreán, 1902.]



Lá n-aon d'á rabhas i gceartlár Chontae
na Midhe agus mé ag siubhal le hais na
Bóinne, cia casfaidhe orm acht fear
de bhunadh na contae sin a raibh
mórán Gaedhilge aige.*
Badh cheart dam a rádh annso gurab é dob' ainm
dó so Brian Mac Seathfra. Tá sé ar thaobh na
fírinne anois. D'éis tamaill dúinn ag
caint le n-a chéile, thárla trácht ar amhránaibh
eadrainn, agus dubhairt seisean go raibh amh-
ráinín beag aige féin agus go ndéarfadh sé
dham é, dá mbadh mhaith liom éisteacht leis.
Dubhart-sa leis go n-éistfinn agus míle fáilte.
Do chrom sé ar ghabháil fhuinn, agus seo é an
t-amhrán do bhí aige:



I.
Dubhairt Frainc Máirtín nach bhfuighinn-se an tsláinte
Mar' n-ólfainn sgárd mhór de'n fhuisgidh donn;
Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.



II.
Dá ndeangbhainn Héabóig ar greim adairce
Go Poll Tighe Léabáin badh chuma liom;
Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.



III.
Fhad is mhaireas Réamann 's a threibh i n-éifeacht,
'S go deireadh an téarma béidh an báire liom;
Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.



IV.
Dar a bhfuil dhe bhric 's dhe bhréantaíbh ar thóin Loch'
Bhreachmhuighe,
'S dar a bhfuil dhe ghréibhealaíbh ins an bhFrainnc,
Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.



Ní túisge bhí an méid sin ráidhte aige 'ná
d'innis sé dham nach raibh fhios aige cá raibh
Poll Tighe Léabáin acht gurab é mheas sé
gur bh'ionann é agus ifreann. Dubhairt sé, an
té do chum an t-amhrán, gur bean a bhí innti
a raib an-dúil 'san ól aici, gur Héabóig
dob' ainm d'á boin, agus nár mhisde léi, dar
leis, a bó do thiomáint go hifreann d'á
mb' éigean di é. Bhí sin go maith agus ní raibh
go holc. Ní mór an meas do bhí agam ar
an amhrán, agus dar go dearbhtha ní mór le rádh
é ar chor ar bith. 'Na dhiaidh sin agus uile,
d'fhan ceist orm d'á dhruim agus dob' í an
cheist í sin acht cá bhfuil Poll Tighe Léabáin
agus is beag má bhí éan-tsúil agam le n-a
fuasgailt. Bhíos fiosruightheach go leór 'na
thaobh, acht má bhíos féin, is ró-mhaith do


L. 67


thuigeas an t-am sain gur ar éigin do bhí
éin-ghléas agam le fuasgailt na ceiste.
Deirinn liom féin anois agus arís: Má's ainm
ar ifreann Poll Tighe Léabáin, nach aisteach
an t-ainm é? Acht b'fhéidir gur ar áit
éigin 'sa' tír atá an t-ainm agus go mbeidh sé
i ndán dam fós an cheist do réidhteach.



Seal fada 'na dhiaidh sin, do chuadhas ar
cuairt go dtí na Cealla Beaga i dTír
Chonaill, agus is gairid do bhíos ann gur bhuail-
eas an bóthar go Faithche Feannáin mar
a gcomhnuigheann Seaghán Mac a' Bháird,
duine aithnide do mhórán de Chonnrathóiríbh
na hÉireann. Thárla im' shuidhe i n-a thigh mé,
agus mé ag caint leis féin agus le n-a mhnaoi, agus
lámh d'ár chuireas im' phóca caidé bhuailfeadh
léi acht an leabhar agus an t-amhrán úd sgríobtha
ann adubhramar romhainn. Do chromas ar
é léigheadh agus nuair do thánag fhad le "Poll
Tighe Léabáin", 'sé dubhart leó: "D'innis
fear an amhráin dam gur bh'ionann Poll
Tighe Léabáin agus ifreann."



"Ní hionann go deimhin," arsa Seaghán
Mac a' Bháird agus creidim go ndearna sé
gáire; "Tá Poll Tighe Liabáin ins an
chondae seo a bhfuil tú istigh innti, agus i ndeas
do Mhálainn Bhig atá sé. Poll mór ins an
charraig atá ann a dtig uisge na fairrge
thríd go minic, go háirighte i n-am doininn."



Ceapaim go ndubhairt sé Puinte an
Liabáin, ámh.



B'in é meas a mhná leis. Thug sí an
tuarasgbháil chéadna ar an áit, acht shaoil sí
gur Port a' Liabáin an chuma ar a gcuala
sí an t-ainm. Deirim libh go raibh iongnadh
agus áthas le chéile orm agus ní feasach mé cia aca
ba mhó. B'fhéidir gurab é an t-áthas do
chinn ar an iongnadh orm, go mór-mhór nuair
dob' eólach dam nach raibh éan-ghábhadh le dul
go hifreann, dá dtéidhthí ar cuairt go Poll
Tighe Léabáin.



Seal 'na dhiaidh sin, do bhíos i gContae
Mhuineacháin agus mé ar mhullach an Chúil Fhuair,
áit ar casadh mé i dtigh a raibh sean-fhear
'na chomhnaidhe ann ar bh'ainm dó Eóghan Mac
a' Bháird. Má tá, Bhárdach eile bhí ann.
Do chuala go raibh a lán amhrán ag an bhfear
so - mo thruaighe! tá sé ar thaobh na fírinne
anois agus tá cuid aca caillte, im' thuairim -
agus do chaitheas an lá leó, 'gá síor-chur síos.
Ní'l fhios agam caidé mar thárla, acht níor
dhearmadas faisnéis do chur air fá Pholl
Tighe Léabáin. Dubhairt sé gur mion minic
do chuala sé "Go Poll Tighe Léabáin leat,"
acht ní raibh fhios aige acht a oiread le cúl a
chinn cá raibh an áit.



Sgathadh aimsire 'na dhiaidh sin arís, do
thárla ath-uair i dTír Chonaill mé. I nDún
na nGall do bhí mé ar tús agus mé i bhfochair
Phádraig Uí Ghallchobhair, dlightheóir, agus
Roibeáird Bárrchoill, dlightheóir eile ó
Chruimghlinn i gContae Aontruim. Bhí
Pádraig Ó Beirn, atá anois 'na chomhnaidhe
'sna Ceallaibh Beaga, tar éis teacht a bhaile
ó'n Oileán Úr. Fuaras-sa agus Roibeárd
Bárrchoill cuireadh croidheamhail uaidh-sean
agus ó Sheaghán Mhac a' Báird fá dhul siar ar
dhóigh go dtaisbeánfaidís an dúthaigh aniar
dúinn.



D'fhágamar Dún na nGall ar thraen na
maidne, má's cuimhneach liom i gceart, agus
i gceann uaire nó fá'n tuairim sin, do
bhíomar ins na Ceallaibh, agus geallaim díbh nár
bhfada gur chuir beirt furán ar bheirt eile
agus fearadh na fáilte rómpa.



Ar maidin lá ar n-a bhárach, d'éis ar
gcéadlongadh do dhéanamh, do tháinig
Pádraig Ó Beirn isteach ins an tigh ósda
a raibh mise agus Bárrchoill ag baint fúinn ann,
agus do bhuaileamar ar dtriúr amach ar chéidh
na gCeall. Ní raibh fhios agam-sa acht
oiread le cúl mo chinn caidé bhí 'n-ár


L. 68


gcomhair, acht tháinig iongnadh an tsaoghail
agus áthas mór orm, an tráth do leagas mo
shúil ar bhád breágh seóil agus fuireann mhaith
shásta innti, mar bhí, Seaghán Mhac Ghiolla
Cháirr, an fear ar leis í agus beirt eile
d'fhearaibh na gCeall. Níor bhfada dhúinn
ag baint béal an chuain amach. Sgoith fir agus
togha Gaedhilgeóra do bhí i bhfear an bháid.
Is minic ba ghnáthach leis, do réir a chunntais,
dul ar loingseóireacht go dtí na hoileáin
fhairrge úd Chontae Mhuigheó, go mór-mhór
go hInis Chaoi. Is mór do mhol sé canamhaint
Inse Caoi agus d'innis sé dhúinn mórán focal
do chuala sé ann, mar atá, "maide eólais"
ar stiuir nó mar deirthear i dTír Chonaill
"healmadóir," agus "maide tosaigh" agus "maide
láir" agus "maide deiridh," etc., má's cumhain
liom i gceart iad. Do leanamar do'n
tseóltóireacht go dtí go rabhamar ag bun
Sléibhe Liag agus geallaim díbh gur bhreagh an
radharc é sin, mar is iongantach árd an
cnoc é. Do chasamar ar ár n-ais annsin,
agus is gairid gur bhuaileamar tír agus talamh
i dTeileann. Is mór do thaitin an bhád-
óireacht so liom agus ní raibh de mhíochomhgar
innti acht brais bheag breóiteachta fairrge
tháinig orm. Tar éis teacht fá thír dhúinn
do chuamar ar ár n-aghaidh go lár sráide
Theilinn, agus caidé is túisge chluinfinn ar an
mbaile bhinn-Ghaedhilge seo acht bean dóigh-
eamhail shlachtmhar i ndorus tighe agus í ag
labhairt smid nó siollab de bhrúsgar Béarla
le duine d'á cuid cloinne. Thugas achmhusán
géar di ar an mball agus 'sé mheasaim gur
chuireas sórt náire uirri. Tháinig fear an
tighe dom' chomhair annsin, agus ó thárla go
raibh fonn troda agus toirmisg orm, níor mhór
dam achmhusán ba ghéire 'ná sin do thabhairt
dó-san mar an gcéadna.



"Nach mór an náire dhíbh," arsa mise,
"bheith ag déanamh díchill ar an nGaedhilg.
bhar dteanga féin agus teanga bhar seacht
sinnsear romhaibh, do dhíbirt as an mbaile
beag so? An é nach bhfuil fhios agaibh gur'b
í an Ghaedhilg teanga na hÉireann?"



"Tá fhios againn sin go maith," arsa 'n
fear.



"Má tá sin amhlaidh," arsa mise arís,
"cad chuige nach leanann sibh di? Cad as
nach labhrann sibh Gaedhilg leis na páistíbh?
Is sibh-se, Gaedhilgeóirí na tíre, is cionntach
le bhar dteangaidh bheith ag imtheacht as an
saoghal mar tá sí."



"Ní sinne is cionntach leis," ar seisean;
"is ar na sgoltacha Gállta so badh cheart
duit an locht d'fhágail agus ní orainne. Bíthear
ag labhairt Ghaedhilge annso ghach aon lá
de'n tseachtmhain, agus ní'l tachrán ar a' bhaile
nach bhfuil neart agus tréan Gaedhilge aige."



"Is maith liom sin a chluinsin uait," arsa
mise agus do bhíos ag brath ar a thuilleadh 'rádh,
go háirighthe ó bhí bunadh an bhaile uile go
léir cruinn thart timcheall orainn fá'n
tráth so. Fir agus mná ann, cailíní óga agus
girrseacha, agus ní áirighim tachráin, mar is
deimhin go raibh a lán de gach aon aos óg
ann. Acht bhí Seaghán Mac a' Bháird d'éis
teacht anoir ó na Ceallaibh fá'n taca so agus
Pádraig Ó Beirn, ar bh'éigean dó imtheacht
uainn go ceann tamaill, ar srochtain na
sráide dhúinn, bhí sé d'éis teacht ar ais. Ba
cheart dam a innsin cheana dhíbh gur fhág
Pádraig Ó Beirn roinn d'á chuid féin, .i.
mála briosgaí, im' láimh-se, ag imtheacht dó,
'gá iarraidh orm é choimeád go dtiocfadh
sé ar ais. Nuair do ráinig sé im' sheilbh,
ámh, níor mhór dam bheith fial fá chuid duine
eile agus mar sin de do roinneas mór-chuid
de na briosgaíbh ar na cailíníbh óga agus ar na
girrseachaibh agus níor bhaoghal go ndearmód-
fainn na tachráin nuair thiocfaidís im' ghoire
nó im' ghaobhar. Bhí na cailíní faiteach go


L. 69


leór ar tús, acht ba ghearr gur sgar an
faitcheas leó, nuair do chonncadar, im' bhara-
mhail, nach droch-dhuine do bhí ionnam. Bhí
gach duine aca ag cniotáil ar lán a díchill,
ag déanamh giosán le haghaidh an mhargaidh,
agus dob' iongantach liom-sa luas gach péire
dealgán aca. D'innis Pádraig Ó Beirn
dam gur gnáthach leó bheith ag obair ar an
gcuma sain Domhnach agus dálach go dtí go
dtigidh na ceannuightheóirí fá dhéin na
ngiosán.



Do chuamar as sin go Bun Glas, aill árd
atá ar Shliabh a Liag, agus ba bhreagh an radharc
do fuaramar ar an bhfairrge nuair do
shroicheamar í, agus d'éis teacht dúinn go
Teileann agus é fhágáil fuaramar ósduigheacht
na hoidhche ar an gCarraig (Carraig Buin
a' Ghleanna an t-ainm iomlán, is dóigh
liom).



Ar maidin lá ar n-a bhárach d'fhágamar
an Charraig agus chuamar go Sean-Ghleann
Choluim Chille. Portach mór móna ar gach
taobh dínn d'éis an Charraig d'fhágáil agus é
fairsing go leór in gach éan-taobh, acht ag
teacht comhgarach do'n Ghleann so dhúinn,
ba bhreagh an radharc do bhí os ar gcoinne.
Go deimhin agus go dearbhtha dhíbh, is iongantach
an áit Sean-Ghleann Choluim Chille. Gleann
domhain as cuimse atá ann, agus cnoc mór
árd ar gach taobh de, agus tonnta na Fairrge
Móire aniar an-chomhgarach dó. Ní hiong-
nadh gur thóg Colum Cille cill d'á cheall-
trachaibh annso. Innistear sgéal fá'n bhfear
naomhtha so, nuair do díbreadh na deamhain
as gach áit eile i nÉirinn, go bhfuaradar
fasgadh agus dídean 'san tSean-Gleann go
teacht dó féin 'san áit, agus is dócha gur ar a
dtóir do bhí sé, agus annsin dob' éigean dóibh
imtheacht leó béal a gcinn go Poll Tighe
Léabáin, mar shamhluighim. Sin an fáth a
ndubhairt file éigin i dTír Chonaill: -



'Nois, ó fuair tú faill
Na deamhain a chur as Gleann
A d'fhág siad gan chaill gan cháirde.



D'fhanamar an oidhche sin i nGleann Choluim
Chille agus ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair a
bhí ithte agus ólta againn, caidé do-chífimís ag
teacht fá n-ár gcoinne acht cárr seólta agus
tiománaidhe i n-áirde air agus capall bríogh-
mhar faoi. Bhí an Beirneach 'na sheasamh
i n-aice liom. Bhíos fiosruightheach go leór
agus d'fhiafruigheas de gan mórán moill: -



"Cá bhfuilmíd ag dul i ndiu?"



"Cá mbéidhmis ag dul acht go Poll Tighe
Liabáin?" ar seisean, agus miongháire modha-
mhail ar a chionnaighthibh; "bhí fhios agam nach
mbeitheá sásta go deó na bhfeart gan é
fheiceáil."



A dhrólann na bhfeart! is annsain do
tháinig an t-iongnadh agus an t-áthas orm. An
áit seo go gcuala trácht air na bliadhanta
ó shoin i gContae na Midhe le feicsint
agam! An áit seo go bhfuil a ainm i mbéal
gach aon Ghaedhilgeóra i n-íochtar na hÉir-
eann dá fhaide é ó'n áit féin! An áit seo
go mbíthear ag trácht air i dTír Chonaill
féin agus 'dheamhan 'fhios cá bhfuil sé 'san
domhan bhraonach! Lán mo dhá shúl do bhaint
as Poll Tighe Léabáin agus gan mé ag dréim
le n-a leithéid ar an mbóiminte ar chor ar
bith! An t-ainm áite seo chuireas i gcéill
dúinn séimhe agus sibhialtacht Gaedheal i bhfarradh
's Goill gur gnáthach leó duine do chur go
háit éigin "atá níos teó cé fada í ó'n
ngréin," amhail do sgríobh Pádraig Ó Beirn
féin le linn é bheith 'san Oileán Úr, a
dhearbhadh orm feasda gur fíor-ainm áite
atá ann!



Níor leigeas faic orm acht mo bhuidheachas
do thabhairt do'n Bheirneach, mar ba cheart
agus ba dhual dam. Níor bhfada dhúinn Málainn
Mhór do chur dínn agus i gceann tamaill eile
do shroicheamar Málainn Bheag. Do stad


L. 70


an cárr os comhair tighe cinn tuighe. Deis
mhaith air agus é fionnaolta go deas agus go glan
taobh amuigh. Sráid fhairsing fhéarmhar os
a chomhair amuigh. Mullach tuighe air nach
raibh bun sifín amach air ná bárr sifín isteach
air acht gach aon tsifín i n-a áit agus i n-a
ionad féin. D'iarr Pádraig orainne .i.
orm-sa agus ar Bhárchoill (ní raibh an Bhárdach
linn an turus so) dul isteach i n-éinfheacht
leis, agus do chuamar. Ní túisge bhíomar tar
tairsigh ná chonncamar fear an tighe, bun-
fhear a bhí istigh romhainn 'na sheasamh. Dearbh-
ráthair do Phádraig do bhí ann agus chualas fós
gur iúistís a péas é. Bhí teanga mhaith
Gaedhilge aige, agus má bhí féin, ní gnáthach
iúistís a péas gan sórt Béarla 'na phluic.
Chuir sé céad fáilte romhainn, agus d'éis
tamall beag do chaitheamh ag caint agus ag
comhrádh le n-a chéile, do shuidheamar síos i
n-éadan proinne, tae agus bunnóga agus arán agus
an chuid eile de na rudaíbh is gnáthaighe
caithtear i n-Éirinn, agus ní áirighim an t-im
do-ghní tarsann do'n arán i ngach éan-áit.



Nuair do fuaramar ár sáith de gach uile
chineál, do chuamar amach agus cá mbeadh ár
dtriall an feacht so acht siar go díreach
go Poll Tighe Léabáin! Bhíos-sa agus Pádraig
ar thoiseach agus dearbhráthair Phádraig agus
Bárrchoill 'n-ár ndiaidh. Bhíos ag éisdeacht
le caint Phádraig aireach go leór, acht má
bhíos féin, ní bhfaghainn gan cluas eile chur
orm le héisteacht le caint a dhearbhráthar
comh maith, do thigeadh sí comh blasda comh
saoráideach comh haibéil sin as a bhéal.
Tuile gan tlás ab' eadh í agus tá eagla orm
go raibh Bárrchoill bocht báidhte léi. Ní
dóigh liom, dá mbeinn-se 'na chás, go mbeadh
gach-re-seadh ar mo chumas ar éin-tslighe.
Acht is ag rámhailligh atáim, agus b'fhéidir cuid
agaibh-se ag rádh libh féin nach sroichfead
Poll Tighe Léabáin go deó na ndeór, d'éis
trí lá do chaitheamh leis an aistear ó fhágas
Dún na nGall. Acht déanaidh foighid.
Támaoid ag an bpoll mór anois, fá
dheireadh thiar. Tá Pádraig Ó Beirn ag
síneadh a láimhe i n-a airicis.



"Sin Poll Tighe Liabáin duit anois," ar
seisean; "nach mór an poll é?" adeir sé, agus
miongháire mín miochair modhamhail macánta
ar a chionnaighthibh agus a dhearbhadh ar a shúil é
bheith lán-tsasta.



"Is mór go deimhin," arsa mise; agus chím
ag mo chosaibh agus os mo chomhair amach poll
ádhbhal-mhór an-fhairsing uathbhásach osgailte
uile-shluigtheach dubh diamhair domhain dorcha
duibheagáin i lár na haille a bhfuilmíd 'n-ár
seasamh uirri. Féar glas ag fás thart fá
dtaoibh de ar gach éan-taobh. Bealach fir
aonair ar an taobh atá os cionn na Fairrge
Móire. Craos iongantach mór béal-fhos-
gailte contabhairteach ar dearg-leathadh ag
á bhárr 'n-ár n-aice agus é ag dul i gcumhainge
agus i gcaoile ag á bhun go sroichidh sé tonnta
na fairrge. Má téidhthear tamaillín geárr
isteach 'sa' pholl, agus ní baoghal an méid sin, is
féidir uachtar na fairrge d'fheicsint tríd
an bpoll, fíoch agus fraoch air, agus dá n-abrainn,
cuil mhór ar na tonntaibh tolgacha torannacha
troma chum duine bháthadh tar fóir, dá mbeadh
sé do mhí-ádh air dul le haill síos an poll.
Ní hiongantach ó mhuintir Ghaedhealaigh Uladh agus
Midhe duine do chur go dtí an poll so, nuair
thig taom feirge ortha, mar níor bheó é tar
éis dul le haill ar tús agus é phlúchadh agus a bháthadh
'sa' bhfairrge 'na dhiaidh.



Ní baoghal nár bhaineas lán mo dhá shúl as
Poll Tighe Léabáin fhad agus bhíos i n-a aice.
D'fhágamar é annsin agus do shiubhlamar na
hailltreacha agus thart fá na pollaibh diaidh i
ndiaidh mar leanas: Na Puill Gharbha, An
Searál, Cladach an Duine mhairbh, An Sgorán
Buidhe, Poll a' Cholbha, Gob na hInnire, Tor


L. 71


an Traoille, An Smailc, Log na Móna, An
Uaig, Cladacha an Róin agus Poll na Móna.
Do thaisbeán dearbhráthair an Bheirnigh dúinn
léarsgáil ó lámhaibh forrachán an Ordanáis agus
gach éan-áit díobh so fá chló glan uirri go
fiú "Polteeleban," agus ní fhaca riamh ó shoin a
mhacsamhail i mBaile Átha Cliath. Ní rabhas
ar muir agus d'á chionn sin ní fhacas bun Puill
Tighe Léabáin, acht do hinnseadh dam go
raibh cuma ghráta nó suirn air. Poll
séideáin is eadh Poll Tighe Léabáin go
dtagann uisge na fairrge isteach ann i
n-am doininn, a ndubhairt an Bhárdach cheana.
Tigeann an t-uisge aníos agus déanann sé
tuaim agus tormán agus tuargain le n-a linn sin,
agus bíonn cubhar na dtonn dtréan d'á chur i
n-aér 'na mhion-cheathannaibh.



Is deas an baile beag Málainn Bheag.
Tá sé 'san iargcúil i bhfad ó bhailtibh eile.
Sliabh árd ar a chúlaibh agus an fhairrge os a
chomhair. Tá an baile go hárd os cionn
mara, agus ní dóigh liom go bhfuil de chuan nó
de phort ann acht an Uaig. Is fairsing
flúirseach créibhric ag fás ar na hailltrea-
chaibh. 'Sí céard na n-áitreabhach iasgaireacht.
Bhí duine amháin aca dar'b ainm Conall Mhag
Fhionnlaoigh gur chuir a chuid súl iongantas
orm. Súile glasa gléineacha b'eadh iad, agus
do chualas go rabhadar ar son an t-iasg
fheicsint fá uachtar na fhairrge, dá mbadh é
an fód i mbeadh sé 'na sheasamh mullach na
n-ailltreach féin!



Is iomdha caoi i dtráchtthar ar Pholl Tighe
Léabáin i Leith Chuinn, mar atá, "Gabh go
Poll Tighe Léabáin;" "Cuirfe mé go Poll
Tighe Léabáin thú, mar' bhfága tú m'amharc,"
"Truagh nach bhfuil tú thíos i bPoll Tighe
Léabáin anois," agus c. I n-aice na háite féin
tá cor beag san ainm, mar atá, Poll Tighe
an Liabáin, sin é nuair nach mbíonn "Puinte"
nó "Port a'" 'na thosach i n-áit "Poll
Tighe." I dTír Chonaill féin ní heolach dóibh
an áit; do casadh daoine orm i bhfíor-ghar
do Mhálainn Bhig féin nár bh'eólach dóibh
suidhiughadh na háite, cé gur mion minic do
chuala siad an t-ainm. Is dócha gur i
Málainn Bhig amháin atá eolas air. 'Sé an
barrán nár sháruigh an cheist ar Sheaghán Mac
a' Bháird, gur as Málainn Bhig a bhean, 'sí
sin, deirbhshiúr Phádraig Uí Bheirn.



Tá an ráidhteachas ag muintir Chonnacht
comh maith. Dubhairt Conall Mhag Fhionn-
laoig úd go gcuala sé fear siubhail ó'n
gcúigeadh sin ag rádh uair amháin: "Go
séididh an diabhal anonn go Poll Tighe
Liabáin thú."



Cuireann an rádh deireannach ag machtnamh
mé. Tá trácht ar an diabhal ann. B'fhéidir
nach raibh an Midheach úd i bhfad 'san éagcóir.
Féadfaidhe gur sean-nheathán ainm Puill
Tighe Liabáin agus nár bh'áit talmhaidhe é ar tús
ar chor ar bith. An féidir gur bh'ionann
Teach Liabáin agus ifreann nó Tartarus na
nGaedheal bPágánta? D'á réir sin, dob'
ionann Poll Tighe Liabáin agus geata an ifrinn
úd. Is doiligh a rádh ciar bh'é Liabán. Dá
mb'ionann Teach Liabáin agus ifreann na
bPágánach, dob' ionann Liabán agus Bolcán,
gobha ifrinn. Acht ní'l 'sa' méid seo acht
buille fá dtuairim. 'Na dhiaidh sin agus uile,
is cosmhail Liabán le Líobhadh nó Libun, mar
atá sé i nGaedhilg Mhanann, ainm athar Luin,
goba ríogh Lochlann ins an mBeirbhe do réir
nheatháin éigin. Dá mbadh nheathán Poll
Tighe Liabáin níor bh'iongnadh an t-ainm
d'fhághail i n-áit éigin eile comh maith céadna
agus is dálta mar sin atá an sgéal, mar
inneósad-sa agus duine eile anois.



POLL TIGHE LIABÁIN (THEAS).



Dálta Muighe Tuireadh Thuaidh agus Muighe
Tuireadh Theas, is éigean a admháil go bhfuil


L. 72


Poll Tighe Liabáin Thuaidh agus Poll Tighe
Liabáin Theas ann. Do chonncabhair go raibh
eolus pearsanta agam féin ar Pholl Tighe
Liabáin Thuaidh; ní'l d'eolus agam ar Pholl
Tighe Liabáin Theas acht eolus léiginn agus
litreach.



'Sí an uair do chuireas an sórt sain
eoluis ar an áit theas, oidhche d'áirighthe d'ár
léigh an Piarasach páipéar os bhar gcomhair
roimh an Meitheamh i mbliadhain armhughadh
i n-uraidh do bhí na focail-se 'nár ndiaidh
i lár a pháipéir do dheismireacht aige ó
Sheathrún Céitinn: "Leabaidh Dhiarmada Uí
Dhuibhne agus Ghráinne ag Poll Tighe Liabáin i
n-Uíbh Fiachrach Aidhne d'á ngoirthear Dúthaigh
Sheachnasaigh indiu." Ní gábhadh dham a rádh
go dtáinig iongnadh agus ollsacht orm nuair
do chuala na focail ag teacht amach as béal
an Phiarasaigh. Níor bhfada gur ghabhas ag á
thóruigheacht oiread agus bhí sin ar mo chumas .i.
tré leabhraibh agus litreachaibh. Ní dheachaidh dhíom
iomrádh d'fhághail air i gceann de na Fiants
úd Ailíse, bainríoghain Sasana, agus é litrighthe
ar an gcuma so: Poltylebane. 'Sé an
cunntas atá thíos ag an lucht eagair air ná
é bheith i gceachtar de dhá chontae, mar atá,
Contae an Chláir no Contae Thiobrad Árann,
acht tomhas nó tuairim dob' eadh é sin.
Ní'l sé i bhfad ó Chontae an Chláir, ámh. Acht
is mithid damh-sa sgur anois, agus a leigean do
dhuine i nDuthaigh Sheachnasaigh féin leanmhaint
ar an sgéal ar a chuma féin. 'Sé is ainm
dó ná Tomás Ó hEidhin, agus chugam-sa do
chuir sé é i bhfreagra ar litir fhiosruighthe do
chuireas chuige. Tá buidheachas mór agam
air, mar is deimhin nach í an trioblóid a bhí
ag déanamh buaidheartha dhó, acht síor-dhúil
i rud do dhéanamh orm:



poll tighe liabáin.



"Bhí teach ag fear do mhuintir Liabáin
isna sean aoisibh san áit a bhfuil an poll so
anois. Sluigeadh síos an teach oidhche éigin,
agus ní raibh a thuairisg le fagháil ar maidin.



"Chomh fada agus d'fhéad mise déanamh amach,
tá an poll so ar cheann do na pollaibh a
ritheann abhainn an Ghuirt tríotha. Ní'l sé
acht timcheall dhá chéad slat nó mar sin ó'n
bPoll Dubh. Tá sé go díreach taobh istigh
de chlaidhe an bhóthair atá ag rith treasna go
ceann na h-abhann. Poll cruinn doimhin is
eadh é. Tugtar Poll an Fheadha air anois.
Acht maireann Poll Tighe Liabáin imeasg
na ndaoineadh. Is beag seanduine isna
ceanntaraibh atá timcheall ar an nGort
nár airigh trácht ar Pholl Tighe Liabáin. Is
iomdha duine d'innis dom go raibh sé i n-áit
éigin i ngar do'n bPoll Dubh. Acht ní
bhfuaireas acht beirt, buachaill óg agus sean-
fhear, do bhí i n-ann innsint dom caidé 'n
poll é.



"Gan tú i bPoll Tighe Liabáin agus cloch ar
do phíobán." "Tá sé chomh doimhin le Poll
Tighe Liabáin." So iad an dá rádh do choinnigh
beo an t-ainm imeasg na ndaoineadh nuair
tugadh an t-ainm eile .i. Poll an Fheadha air.
Da ndéanfadh duine aon phioc asan mbealach
b'fhéidir go ndéarfaidhe leis "Gan tú i bPoll
Tighe Liabáin agus cloch ar do phíobán." Déar-
faidhe le poll doimhin ar bith "Tá sé chomh
doimhin le Poll Tighe Liabáin."



"Dubhairt an seanfhear a chuir síos domh-
sa ar an bpoll so go gcuala sé féin gach a
ndubhairt sé i n-a thaoibh ó sheanfhear eile do
chomhnuigh i n-áit éigin i ngar do'n pholl.
Dubhairt sé freisin nach é amháin gur chomh-
nuigh an seanfhear san áit é féin acht gur
chomhnuigh a athair agus a chuid sean-aithreach ann
roimhe leis na ciantaibh.



"Innsigheadh dom sgéilín beag deas ag
baint le Poll Tighe Liabáin. Isna sean-
aoisibh nuair bhí Naomh Pádraic ag dul thart


L. 73


ag beannughadh na hÉireann agus ag tabhairt
an chreidimh fhíre dár sinsearaibh, thuit amach
go dtáinic sé féin agus Naomh Fiachain go
Gort-a'-chárnáin, baile beag tuaithe atá ar
bhruach Loch' Cútra. Nuair shroicheadar an
áit bhí tuirse ortha agus shuidheadar síos ag
leigean a sgíthe. Sul d'eirigheadar tharraing
Naomh Pádraic brobh as an talamh. Ar an
mball do bhrúcht tobairín fíor-uisge aníos
'san áit as ar tharraing sé an brobh. Chomh
h-éasgaidh agus chonnaic Naomh Fiachain an
t-uisge ag rith aníos, dubhairt sé le Naomh
Pádraic, "Cia'n leigheas atá 'san uisge sin."
"Tá leigheas ar an mbuinneach," arsa Naomh
Pádraic. Tar 'éis so shiubhladar ar an
uisge treasna go dtí Páirc an locha, áit
atá ar an taoibh eile de'n Loch. Annso
shuidheadar síos arís ag leigean a sgíthe.
Sul d'fhágadar an áit so bheannuigh Naomh
Fiachain slat. Sháith sé 'san talamh í, agus
dubhairt sé go bhfásfadh sí suas i n-a crann
mór iongantach, agus go bhfoileochadh sí ceath-
ramha thalmhan. B'fhíor dhó. Leis an aimsir
d'fhás an tslat suas i n-a crann mór
iongantach agus d'foiligh sí ceathramha
thalmhan. Siúinéaraidhe bocht do bhí 'san
Liabánach agus thosuigh sé ag baint píosaidhe de'n
chrann bheannuighthe so agus d'á gcur i n-úsáid
i n-a chéird. Tá sé mar bhéal-oideas ag
cuid de na sean-daoinibh gur mar gheall air
so sluigeadh síos é féin agus a theach 'san oidhche
agus nach raibh a dtuairisg le fagháil ar maidin.



"Tá an tobairín do bhrúcht aníos 'san áit
ar tharraing Naomh Pádraic an brobh i nGort-
a'-chárnáin fós. Dubhradh liom go dtugtar
tobar beannuighthe mar ainm air. Shíleas
dul chomh fada leis an lá roimh Lá Nodlag
acht níor éirigh liom. Bhí na bóithre ró-
dhona.



"Dubhairt fear do mo ainm agus do mo
shloinneadh féin a chomhnuigheas i mBail' Uí
Liagh liom gur airigh sé "Liabhán's Gulf" d'á
thabhairt ar an bpoll a dtéigheann abhainn
Bhail' Uí Liagh faoi thalamh ann. So é an
poll a dtug an Reachtúire Soiléar láidir
Bhail' Uí Liagh air."



A fhad sin théid Tomás O hEidhin. Do
chífidh sibh nach cinnte ar fad atá an tuairisg
do chuir sé chugam ar Pholl Tighe Liabáin.
Dob' fhéidir do cheachtar de dhá áit bheith 'na
Pholl Tighe Liabáin roimh an am so. Acht
deirim-se leis, an áit úd de'n cheachtar go
bhfuil Leaba Dhiarmada agus Ghráinne ann gurab
é Poll Tighe Liabáin i nDúthaigh Sheachnasaigh
é, do réir mo bharamhla-sa.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services