Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Do chrúthuigh Dia an fear dorcha agus an fear fhionn ar a dheilbh féin, siúd a's go bhfuil cneas dorcha ar dhuine acu agus cneas fionn ar an nduine eile. Deir daoine dá mbéadh ár sinnsear-na ar chrios nó ar dhearg-lár an domhain go mbéadh ár gcroiceanna dorcha, go mbéadh stuthanna gruaige, cosmhail le h-olann fillte dubh orainn coingcíní nó sróna leathana orainn, agus pusa
reamhra, agus go n-eireóchadh an t-atharughadh sain ó theas na gréine; mar, dar leó so, is tré chlaon-roinn (climate) an domhain atá cuid de'n chinidh daonna buidhe agus cuid aca crón, nó dorcha, nó fionn. Bíodh sin mar atá sé, tá aon nídh amháin soiléir go leor damhsa - acht treoir mé, a léightheoir má táim ar fán - níor thug Rí na cruinne ughdarás do threibh ar bith fíneachas treibhe eile do shladadh, agus smacht agus buannacht do chur ortha d'á n-aindheóin. "An maith leat na fir fionna?" ar duine éigin leis an bhfear ndorcha. "Gan amhras is maith", do ráidh an fear dorcha, "is mar mhaithe liomsa thángádar annso." "Agus ní ghoilleann úrnuighthe an mhinistir ort is dócha." "Ní ghoillid, réidhtighid go mór liom", ar an fear dorcha, "tá cion ag an ministir orm. Beireann sé barróg orm ar uairibh le h-iomad ceana, síneann sé a lámh dheas suas go reanna nimhe mar a bhfuil an Spioraid Geal, agus bíonn greim leir an láimh eile aige ar mo sparán. Ó, is maith an fear an ministir." Cia dubhairt gur fear gan chéill, gan inntinn, an fear dorcha! Aithnigheann sé go dian mhaith an fimi- neach - fear béil-mhilis an chroidhe dhuibh. Sgríobh file go bhfuil teist mhór air nár thuill, rotha-seama nó abhrán amadáin an lá fá dheireadh go ngairmthear "ualach" nó "eire na bhfear bhfionn" air agus is é bhrígh an abhráin sin go bhfuil sé mar gheasaibh ortha-san eólachas do bhronnadh ar gách treibh nách bhfuil a gcneasa fionn. Do sheasuigheas féin ar chaladh catharach tamall ó shoin; b'fhéidir gurab i Sasana atá an chathair úd agus b'fhéidir nách eadh, acht pé i nÉirinn é bhí long gaile ar tí triall chum mara, a last i n-eaghair aici i gcóir na bhfear ndorcha, cúig bhoscaí fairsinge lán de bhioblaibh, móirsheisear ministrí, agus ualach soitheach de shaghas uisge beathadh go nglaodhtar "biotáille Gearmánach" air. Is cosmhail le lasair é le h-ól, mar déantar as súgh scagaithe ghránlaigh lobhtha é agus as potátaí dúbha, brúighte. Is blasamhail an rud neimh seachas an deoch úd, gearann sí píoba na brághad agus sgannán an ghoile agus cuireann sé an duine ar buile. Go bhfóiridh Dia ar an bhfear ndorcha! Gheobhaidh sé ólachán i dteannta eólachais ó'n bhfear bhfionn agus - gcead a' chuideachta - aicídí agus droch-chleachda eile ná lámh- famaois do luaidheadh annso. Sin é an saghas eólachais is gnáthach leis an bhfear ndorcha d'fhágháil ó lucht marguidheachta na seóid agus an óir. Tá na h-Amerio- cánaigh ar tí beagáin de do bhronnadh ar an Filipíníbh acht níor éirigh leo fós go maith. Ba mhór liom na hAmeriocánaigh roimis seo, agus is dócha go raibh báidh againn go léir leó, acht táid ag leanamhaint i slíghe an sgriosdóra go fonnmhar. Is iomdha fear maith i nAmeiriocá go bhfuil náire agus aithis air i dtaoibh an Riaghaltas do bheith ag cur cogaidh ar na Filipíníbh agus is deárthach go mbainfear bárr-thuisleadh as an Uachdarán Mhac Fhionnlaoigh ins an togha atá le teacht. Shaoiligh sé féin agus a chabharthóirí gur dream meathta na Filipínigh agus nách raibh aige acht iad do sgaipeadh ar nós scata caorach. Tá a mhalairt de sgéal acu indiu. Is iomdha fear tréan go chaillea- dar an tseachtmhain seo ghabh thart i gcath Ghingua. Is soth liom go bhfuair dhá mhíle d'á bhfearaibh calma bás i nInse Filipín le bruíghin agus éagcruas ó thosach na bliadhna, agus is ar Riaghaltas Ameriocá ba chóir a mhilleán sain do chur, toisg gan na saighdiúirí bochta do chonga- bháil ag baile. Mar adubhairt cheana, tá a ndóthain talmhan ag na h-Ameriocánaigh cois baile gan Inse Filipín do shanntúghadh. Táid siad go dícheallach leis i Samoa ag cur d'fhiachaibh ar dhaoinibh an oileáin sin rí do ghabháil chúca ná taithnigheann leis na h-oileánaighibh ar aon chor. Agus níos measa 'ná sain, tá an teist amuich ortha, agus ar Sheághan Buidhe mar an gcéadna, gurab iad dream atá i Lúnduin go ngairmthear. Fuirionn an Bhiobla ortha, do chuir suas chum na ndroch- bheart sain iad. Acht aon nídh amháin is Catoilceach Mataafa, an rí atá ar Shamoa indiu, agus is de'n chreideamh Sasanacht an míolán atá ag Seághan Bhuidhe fá n-a choimirc. "Cogar i leith", ar Seághan Buidhe leis an Ameriocánach, "caithfidh an tSagsan-treibh bheith i n-uachdair." "Is maith a chreidim thú," ar an tAmeriocánach thré n-a shróin, agus chrom an bheirt an lá fá dheireadh ar stealladh philéar as gunnaí móra leis na Samóinighibh. Chualaidh Impire na nGearmánach búithridh agus fuaim na ngunnaí móra. "Fó, fó, féasóg, cloisim fothram cáirdeas cogaidh an tSagsan-treibh ghránna mhalluighthe úd, agus ní lúgha í an fhrigh ná máthair an uilc," ar an tImpire. "Cuiridh uaibh," ar seisean do ghuth árd. Bhain an glór sain geit as Sheághan Bhuidhe. Builgeadán is eadh eisean atá ró-bheathuighthe le fuil; ní maith leis dul chum troda le fearaibh móra. "Cuir uait, a bhráthair Seóin," ar seisean. "Tá triúr fear teagaisg ó na cúmh- achtaibh seo ag socarúghadh an sgéil eatortha féin, agus is dócha ná béidh imreas i Samoa feasda. Ná raibh maith ag Seághan Buidhe ná a bhráthair Seóin 'na thaobh sain. Bhí bruighean fiochmhar fuilteach eile i nInse Filipín an tseachtmhain seo. Calumpit is ainm d'áit na bruighne. Cuireadh na Filipínigh ar gcúl agus do marbhuigh- eadh mórán acu acht bhaineadar gé as na h-Amerio- cánaibh. Tá Aguináldó, taoiseach na bhFilipínigh ag iarraidh cabhartha ar na Seapánaibh, agus adeir sé ná béidh na hÍnseacha ag na h-Ameriocánaibh faid a bhéidh ceann d'á dhaoinibh féin beó. Is uathbhásach an rud cogadh acht is measa í an daoirseacht. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services