Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Do chrúthuigh Dia an fear dorcha agus an fear fhionn ar a
dheilbh féin, siúd a's go bhfuil cneas dorcha ar dhuine
acu agus cneas fionn ar an nduine eile. Deir daoine
dá mbéadh ár sinnsear-na ar chrios nó ar dhearg-lár
an domhain go mbéadh ár gcroiceanna dorcha, go mbéadh
stuthanna gruaige, cosmhail le h-olann fillte dubh
orainn coingcíní nó sróna leathana orainn, agus pusa


L. 114


reamhra, agus go n-eireóchadh an t-atharughadh sain ó theas
na gréine; mar, dar leó so, is tré chlaon-roinn
(climate) an domhain atá cuid de'n chinidh daonna buidhe
agus cuid aca crón, nó dorcha, nó fionn.



Bíodh sin mar atá sé, tá aon nídh amháin soiléir go
leor damhsa - acht treoir mé, a léightheoir má táim ar
fán - níor thug Rí na cruinne ughdarás do threibh ar bith
fíneachas treibhe eile do shladadh, agus smacht agus buannacht
do chur ortha d'á n-aindheóin.



"An maith leat na fir fionna?" ar duine éigin leis
an bhfear ndorcha. "Gan amhras is maith", do ráidh an
fear dorcha, "is mar mhaithe liomsa thángádar annso."
"Agus ní ghoilleann úrnuighthe an mhinistir ort is dócha."
"Ní ghoillid, réidhtighid go mór liom", ar an fear
dorcha, "tá cion ag an ministir orm. Beireann sé
barróg orm ar uairibh le h-iomad ceana, síneann sé a
lámh dheas suas go reanna nimhe mar a bhfuil an Spioraid
Geal, agus bíonn greim leir an láimh eile aige ar mo
sparán. Ó, is maith an fear an ministir."



Cia dubhairt gur fear gan chéill, gan inntinn, an
fear dorcha! Aithnigheann sé go dian mhaith an fimi-
neach - fear béil-mhilis an chroidhe dhuibh. Sgríobh file
go bhfuil teist mhór air nár thuill, rotha-seama nó abhrán
amadáin an lá fá dheireadh go ngairmthear "ualach"
nó "eire na bhfear bhfionn" air agus is é bhrígh an abhráin
sin go bhfuil sé mar gheasaibh ortha-san eólachas do
bhronnadh ar gách treibh nách bhfuil a gcneasa fionn.



Do sheasuigheas féin ar chaladh catharach tamall ó
shoin; b'fhéidir gurab i Sasana atá an chathair úd agus
b'fhéidir nách eadh, acht pé i nÉirinn é bhí long gaile ar
tí triall chum mara, a last i n-eaghair aici i gcóir na
bhfear ndorcha, cúig bhoscaí fairsinge lán de bhioblaibh,
móirsheisear ministrí, agus ualach soitheach de shaghas uisge
beathadh go nglaodhtar "biotáille Gearmánach" air.



Is cosmhail le lasair é le h-ól, mar déantar as súgh
scagaithe ghránlaigh lobhtha é agus as potátaí dúbha, brúighte.
Is blasamhail an rud neimh seachas an deoch úd, gearann
sí píoba na brághad agus sgannán an ghoile agus cuireann sé
an duine ar buile.



Go bhfóiridh Dia ar an bhfear ndorcha! Gheobhaidh sé
ólachán i dteannta eólachais ó'n bhfear bhfionn agus - gcead
a' chuideachta - aicídí agus droch-chleachda eile ná lámh-
famaois do luaidheadh annso. Sin é an saghas eólachais
is gnáthach leis an bhfear ndorcha d'fhágháil ó lucht
marguidheachta na seóid agus an óir. Tá na h-Amerio-
cánaigh ar tí beagáin de do bhronnadh ar an Filipíníbh
acht níor éirigh leo fós go maith. Ba mhór liom na
hAmeriocánaigh roimis seo, agus is dócha go raibh báidh
againn go léir leó, acht táid ag leanamhaint i slíghe an
sgriosdóra go fonnmhar.



Is iomdha fear maith i nAmeiriocá go bhfuil náire
agus aithis air i dtaoibh an Riaghaltas do bheith ag cur
cogaidh ar na Filipíníbh agus is deárthach go mbainfear
bárr-thuisleadh as an Uachdarán Mhac Fhionnlaoigh ins
an togha atá le teacht. Shaoiligh sé féin agus a chabharthóirí
gur dream meathta na Filipínigh agus nách raibh aige acht
iad do sgaipeadh ar nós scata caorach. Tá a mhalairt
de sgéal acu indiu. Is iomdha fear tréan go chaillea-
dar an tseachtmhain seo ghabh thart i gcath Ghingua. Is
soth liom go bhfuair dhá mhíle d'á bhfearaibh calma bás
i nInse Filipín le bruíghin agus éagcruas ó thosach na
bliadhna, agus is ar Riaghaltas Ameriocá ba chóir a mhilleán
sain do chur, toisg gan na saighdiúirí bochta do chonga-
bháil ag baile. Mar adubhairt cheana, tá a ndóthain
talmhan ag na h-Ameriocánaigh cois baile gan Inse
Filipín do shanntúghadh. Táid siad go dícheallach leis i
Samoa ag cur d'fhiachaibh ar dhaoinibh an oileáin sin rí
do ghabháil chúca ná taithnigheann leis na h-oileánaighibh
ar aon chor. Agus níos measa 'ná sain, tá an teist
amuich ortha, agus ar Sheághan Buidhe mar an gcéadna,
gurab iad dream atá i Lúnduin go ngairmthear.
Fuirionn an Bhiobla ortha, do chuir suas chum na ndroch-
bheart sain iad.



Acht aon nídh amháin is Catoilceach Mataafa, an rí
atá ar Shamoa indiu, agus is de'n chreideamh Sasanacht an
míolán atá ag Seághan Bhuidhe fá n-a choimirc. "Cogar
i leith", ar Seághan Buidhe leis an Ameriocánach,
"caithfidh an tSagsan-treibh bheith i n-uachdair." "Is
maith a chreidim thú," ar an tAmeriocánach thré n-a
shróin, agus chrom an bheirt an lá fá dheireadh ar stealladh
philéar as gunnaí móra leis na Samóinighibh. Chualaidh
Impire na nGearmánach búithridh agus fuaim na ngunnaí
móra. "Fó, fó, féasóg, cloisim fothram cáirdeas
cogaidh an tSagsan-treibh ghránna mhalluighthe úd, agus ní
lúgha í an fhrigh ná máthair an uilc," ar an tImpire.
"Cuiridh uaibh," ar seisean do ghuth árd. Bhain an glór
sain geit as Sheághan Bhuidhe. Builgeadán is eadh
eisean atá ró-bheathuighthe le fuil; ní maith leis dul
chum troda le fearaibh móra. "Cuir uait, a bhráthair
Seóin," ar seisean. "Tá triúr fear teagaisg ó na cúmh-
achtaibh seo ag socarúghadh an sgéil eatortha féin, agus
is dócha ná béidh imreas i Samoa feasda. Ná raibh
maith ag Seághan Buidhe ná a bhráthair Seóin 'na thaobh
sain.



Bhí bruighean fiochmhar fuilteach eile i nInse Filipín
an tseachtmhain seo. Calumpit is ainm d'áit na
bruighne. Cuireadh na Filipínigh ar gcúl agus do marbhuigh-
eadh mórán acu acht bhaineadar gé as na h-Amerio-
cánaibh. Tá Aguináldó, taoiseach na bhFilipínigh ag
iarraidh cabhartha ar na Seapánaibh, agus adeir sé ná béidh
na hÍnseacha ag na h-Ameriocánaibh faid a bhéidh ceann
d'á dhaoinibh féin beó. Is uathbhásach an rud cogadh acht
is measa í an daoirseacht.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services