Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ráflaí.
Title
Ráflaí.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÁFLAÍ. Beidh an seiseadh hOireachtas ann i lár na míosa so. Beidh sé ar siubhal rith na seachtmhaine ó Luan Cingcíse an naomhadh lá déag go dtí Dia hAoine 'na dhiaidh an tríomhadh lá fichead. Is mór tar bárr "Áireamh Ceisteann agus Duaiseann" an Oireachtais seo. Tá dhá iomaidheacht (comórtas nó iomardas) agus trí fichid ann! Gach éan-duine go bhfuil éirim agus acfainn aige, féad- faidh sé rud éigin do sgríobhadh nó d'aithris, do ghabháil nó do sheinm le hucht na nduaiseann n-iomdha atá le saothrughadh. Tuigfear as an méid sin go mbeidh sé ar an Oireach- tas is mó d'á raibh fós riamh ann agus gur mór an costas bheas d'á leanamhaint. Má's rud é go gcosaineóchaidh sé breis airgid, caithfear é chothughadh d'á réir. Is fánach agus is gann an t-airgead ag teacht isteach. Dar go deimhin, teacht an tseagail, teacht fada righin, teacht an airgid an turus so. Badh cheart dó brosdughadh air féin. "Is álainn an t-earradh é," a ndubhairt Ultach éigin aon uair amháin, agus ní féidir teacht gan é. Tá súil againn go gcuirfear mór-chuid síntiús eile gan mórán moill leis an méid atá thíos cheana againn 'san uimhir seo. Beidh Árd-fheis tar bárr againn i mbliadhna. Deirthear go mbeidh tuilleadh agus dhá chéad teachtaire i n-a láthair ó na craobhachaibh. Cá hiongnadh sain agus a bhfuil de chraobhachaibh páirte ar bun anois ann .i. i bhfad os cionn ceithre céad ceann. Muna bhfuil leath-mhíle craobh ag an gConnradh fós, is gairid uaidh. Ní'l líon na gcraobhach i n-eagar ná i n-órdughadh fór i gceart. Ní dóigh linn go bhfuil duine ar bith de Chonnradh na Gaedhilge go bhfuil fhios aige cá mhéid craobh i n-Éirinn díobh so. Badh cheart a fhios ag gach Connrathóir cá mhéid craobh i n-Éirinn, idir cheanntair Ghaedhealacha agus ceanntair Ghallda (agus na ceanntair Ghaedhealacha go háirighthe), cá mhéid craobh 'sa' Bhreatain Móir, agus cá mhéid craobh 'san domhan ar fad .i. 'san Domhan Thoir agus 'san domhan Thiar, agus go mór-mhór 'san Oileán Úr, an mhéid is féidir a fhios sain a bheith aige. Is iongantach linn nach dtugadh aire do'n phunc so cheana féin. Is breágh binn fíor-cheólmhar an déantús "Muirghéis." Ceól úr-nua é seo do bhain Mac Uí Bhriain Builtéarach, oirfideach, as a stuaim féin. Is dóigh linn, an fáradh ceóil úd do fuaramar ó'n bpíb, .i. an fáradh beárnach, gurab as do cumadh ceól "Muirghéise." Bhí cuid de an-chosmhail le ceól Ghaedhealtachta Alban, agus maidir le roinn eile de, is deimhin gurab í fuaim cheóil Ghaedheal- aigh na hÉireann do bhí innti. Do shaoileamar fo-uair gurab é rud d'airigheamar i lár an cheoil eile 'ná séiseanna Gaedhealacha dob' eólach dúinn. Ní dóigh linn gur bh'é sin do'n cheól, acht 'sé ár mbaramhail gur tuigthe dhúinn as ar samhluigheadh dhúinn, an ceól a bheith ar nós fíor-Ghaedhealach. An claisceadal do bhí ann .i. cóimhcheól na sidheóg, bhí sé go séis-bhinn síor-álainn réimh-fhuaimneach agus gach nóta dhe ag teacht le chéile go deas agus go haoibhinn. Bhí port an rinnce fhada go fíor- bhinn leis. Bhí iongnadh an tsaoghail orainn i dtaobh aon ní amháin. Cá raibh sluaighte na nGaedheal an oidhche úd? Ní raibh acht fíor-bheagán láithreach ag éisdeacht le "Muirghéis," agus an méid sin féin ní Connrathóirí do bhí ionnta uile go léir. Cad as ná táinig muintir Chonnartha na Gaedhilge 'na gcéadtaibh ann, mar ba dhual agus ba cheart dóibh? Cad do thug ortha fanamhaint 'sa' bhaile agus an fhíor-chuirm cheoil seo sheachnadh? Pé rud ba bhun le laighead na ndaoine bhí ann, is ortha do bhí an chaill. Dá mbídís ann, cibé ar bith brón do bheadh ortha, 'sé ceól séis-bhinn an Bhuiltéaraigh do thógfadh díobh é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services