Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ráflaí.

Title
Ráflaí.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RÁFLAÍ.



Beidh an seiseadh hOireachtas ann i lár na míosa so.
Beidh sé ar siubhal rith na seachtmhaine ó Luan Cingcíse
an naomhadh lá déag go dtí Dia hAoine 'na dhiaidh an
tríomhadh lá fichead. Is mór tar bárr "Áireamh
Ceisteann agus Duaiseann" an Oireachtais seo. Tá dhá
iomaidheacht (comórtas nó iomardas) agus trí fichid ann!
Gach éan-duine go bhfuil éirim agus acfainn aige, féad-
faidh sé rud éigin do sgríobhadh nó d'aithris, do ghabháil
nó do sheinm le hucht na nduaiseann n-iomdha atá le
saothrughadh.



Tuigfear as an méid sin go mbeidh sé ar an Oireach-
tas is mó d'á raibh fós riamh ann agus gur mór an costas
bheas d'á leanamhaint. Má's rud é go gcosaineóchaidh
sé breis airgid, caithfear é chothughadh d'á réir. Is
fánach agus is gann an t-airgead ag teacht isteach. Dar
go deimhin, teacht an tseagail, teacht fada righin, teacht
an airgid an turus so. Badh cheart dó brosdughadh air
féin. "Is álainn an t-earradh é," a ndubhairt Ultach
éigin aon uair amháin, agus ní féidir teacht gan é. Tá
súil againn go gcuirfear mór-chuid síntiús eile gan
mórán moill leis an méid atá thíos cheana againn 'san
uimhir seo.



Beidh Árd-fheis tar bárr againn i mbliadhna.
Deirthear go mbeidh tuilleadh agus dhá chéad teachtaire
i n-a láthair ó na craobhachaibh. Cá hiongnadh sain agus a
bhfuil de chraobhachaibh páirte ar bun anois ann .i. i bhfad
os cionn ceithre céad ceann. Muna bhfuil leath-mhíle
craobh ag an gConnradh fós, is gairid uaidh.



Ní'l líon na gcraobhach i n-eagar ná i n-órdughadh
fór i gceart. Ní dóigh linn go bhfuil duine ar bith de
Chonnradh na Gaedhilge go bhfuil fhios aige cá mhéid
craobh i n-Éirinn díobh so. Badh cheart a fhios ag gach
Connrathóir cá mhéid craobh i n-Éirinn, idir cheanntair
Ghaedhealacha agus ceanntair Ghallda (agus na ceanntair
Ghaedhealacha go háirighthe), cá mhéid craobh 'sa' Bhreatain
Móir, agus cá mhéid craobh 'san domhan ar fad .i. 'san
Domhan Thoir agus 'san domhan Thiar, agus go mór-mhór 'san
Oileán Úr, an mhéid is féidir a fhios sain a bheith aige.
Is iongantach linn nach dtugadh aire do'n phunc so
cheana féin.

Is breágh binn fíor-cheólmhar an déantús "Muirghéis."
Ceól úr-nua é seo do bhain Mac Uí Bhriain Builtéarach,
oirfideach, as a stuaim féin. Is dóigh linn, an fáradh
ceóil úd do fuaramar ó'n bpíb, .i. an fáradh beárnach,
gurab as do cumadh ceól "Muirghéise." Bhí cuid de
an-chosmhail le ceól Ghaedhealtachta Alban, agus maidir le
roinn eile de, is deimhin gurab í fuaim cheóil Ghaedheal-
aigh na hÉireann do bhí innti. Do shaoileamar fo-uair
gurab é rud d'airigheamar i lár an cheoil eile 'ná
séiseanna Gaedhealacha dob' eólach dúinn. Ní dóigh
linn gur bh'é sin do'n cheól, acht 'sé ár mbaramhail gur
tuigthe dhúinn as ar samhluigheadh dhúinn, an ceól a bheith
ar nós fíor-Ghaedhealach. An claisceadal do bhí ann .i.
cóimhcheól na sidheóg, bhí sé go séis-bhinn síor-álainn
réimh-fhuaimneach agus gach nóta dhe ag teacht le chéile go
deas agus go haoibhinn. Bhí port an rinnce fhada go fíor-
bhinn leis.



Bhí iongnadh an tsaoghail orainn i dtaobh aon ní amháin.
Cá raibh sluaighte na nGaedheal an oidhche úd? Ní raibh
acht fíor-bheagán láithreach ag éisdeacht le "Muirghéis,"
agus an méid sin féin ní Connrathóirí do bhí ionnta uile
go léir. Cad as ná táinig muintir Chonnartha na
Gaedhilge 'na gcéadtaibh ann, mar ba dhual agus ba cheart
dóibh? Cad do thug ortha fanamhaint 'sa' bhaile agus an
fhíor-chuirm cheoil seo sheachnadh? Pé rud ba bhun
le laighead na ndaoine bhí ann, is ortha do bhí an chaill.
Dá mbídís ann, cibé ar bith brón do bheadh ortha, 'sé
ceól séis-bhinn an Bhuiltéaraigh do thógfadh díobh é.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services