Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhrán. Ceithre Ceathramhna an Bhogaigh.
Title
Amhrán. Ceithre Ceathramhna an Bhogaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Ní Bhaoighill, Brighid
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁN LE PEADAR BREATNACH. Ceathrar buachaillí bhí ar an Bhogach agus chuaidh siad go hAmerica agus bhí an cailín buaidheartha i ndiaidh fir acú. Bhí Peadar ag obair ar an bhaile annsin agus rinn sé na ceithre ceathramhna go gcuirfeadh sise anonn go hAmerica d'ionnsuidhe ar a buachaill fhéin iad. Fuair sí sgríobhtha an t-amhrán agus chuir sí anonn d'ionnsuidhe ar an bhuachaill iad. Chuir an buachaill leitir anall agus a pasáisde fá choinne an chailín. CEITHRE CEATHRAMHNA AN BHOGAIGH. Peadar Breathnach cct. I. 'Sé an Bogach atá uaigneach, ní'l suairceas le fághail ann ná greann, Ó d'imthigh sgoith na huaisle, monuar ghéar mar sgar siad linn; D'athruigh méin na huaire mo shnuadh, 'gus ní'l tortha ar crann, 'S gur binne liom 'ná na cuacha cuaichín bhar mbéilín binn. II. Cumhdach mór ó'n Áirdrígh 'bhar sábháil ar muir 's ar tír, Fortún go rabh i ndán daoibh 's nár fhághaidh sibh an briseadh croidhe; Budh dheas bhar lorg láimhe ghach aon áit i rabh sé 'sa' tír; 'Sé mheasaim go bhfuighinn an tsláinte dá mbéadh fárus agam le bhar dtaoibh. III. A phlannta ar fhearaibh Éireann, an féidir go dtiocfadh an t-am A gcasfaidhe ar an chéidh sinn ins na réagúin i bhfad anonn? Bhí deallradh deas ó'n ghréin in do sgéimh, ma'r mheath do ghnaoi, 'S a Sheagháin, mo bheannacht fhéin leis an méid agaibh d'fhág an tír. IV. 'Siad na Beirnigh atá clúiteach bréagh fiúntach 's nach dtréigfeadh an ród, A dtriall 'un an Oileáin Úir 's gan dúil leó go dtigidh im' chomhair, A Mháirghréad, 'sé mo thruaighe do ghruaidhe bheith 'sileadh deór; 'S nuair a phillfeas siad go hÉirinn béidh pléisiúr i n-áit an bhróin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services