Ceathrar buachaillí bhí ar an Bhogach agus
chuaidh siad go hAmerica agus bhí an cailín
buaidheartha i ndiaidh fir acú. Bhí Peadar
ag obair ar an bhaile annsin agus rinn sé na
ceithre ceathramhna go gcuirfeadh sise anonn
go hAmerica d'ionnsuidhe ar a buachaill
fhéin iad. Fuair sí sgríobhtha an t-amhrán agus
chuir sí anonn d'ionnsuidhe ar an bhuachaill
iad. Chuir an buachaill leitir anall agus a
pasáisde fá choinne an chailín.
CEITHRE CEATHRAMHNA AN BHOGAIGH.
Peadar Breathnach cct.
I.
'Sé an Bogach atá uaigneach, ní'l suairceas
le fághail ann ná greann,
Ó d'imthigh sgoith na huaisle, monuar ghéar
mar sgar siad linn;
D'athruigh méin na huaire mo shnuadh, 'gus
ní'l tortha ar crann,
'S gur binne liom 'ná na cuacha cuaichín bhar
mbéilín binn.
II.
Cumhdach mór ó'n Áirdrígh 'bhar sábháil ar
muir 's ar tír,
Fortún go rabh i ndán daoibh 's nár fhághaidh
sibh an briseadh croidhe;
Budh dheas bhar lorg láimhe ghach aon áit i
rabh sé 'sa' tír;
'Sé mheasaim go bhfuighinn an tsláinte dá
mbéadh fárus agam le bhar dtaoibh.
III.
A phlannta ar fhearaibh Éireann, an féidir
go dtiocfadh an t-am
A gcasfaidhe ar an chéidh sinn ins na réagúin
i bhfad anonn?
Bhí deallradh deas ó'n ghréin in do sgéimh,
ma'r mheath do ghnaoi,
'S a Sheagháin, mo bheannacht fhéin leis an
méid agaibh d'fhág an tír.
IV.
'Siad na Beirnigh atá clúiteach bréagh fiúntach
's nach dtréigfeadh an ród,
A dtriall 'un an Oileáin Úir 's gan dúil
leó go dtigidh im' chomhair,
A Mháirghréad, 'sé mo thruaighe do ghruaidhe
bheith 'sileadh deór;
'S nuair a phillfeas siad go hÉirinn béidh
pléisiúr i n-áit an bhróin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11