Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Is mór é ár meas ar mhaighisdiribh sgoile na hÉireann - cé gur beag a bhfuil déanta fós ar son na Gaedhilge acu - agus is oth linn a rádh go bhfuil fonn ar chuid mhór acu bheith ag treabhadh i gcoinne na sagart. Toghthar Comhairle acu uair sa mbliadhain, agus ó is daoine uaisle árd-leigheannta agus seirbhísigh do'n Choróin lucht an Chomhairle sin is lag leo aon chur isteach a bheith ag na sagartaibh ar na sgoilibh náisiún- tacha, ná aon ughdarás a bheith ós a gcionn féin acu. Bhí cóimh-thionól sagart i nÁrd-Macha ó gach aon cheanntar ó Bhaile Áth' Cliath ó thuaidh, agus d'fhuagair siad ná glacfaduis as so amach aon duine 'na mhaighis- dir sgoile nó 'na maighisdireás sgoile, ná tabharfadh cúl le teagasg an Chomhairle. Is úir-bhéileach an dúil atá ag teacht ag Éireannachaibh sa bhiotáile, agus is mór mar atá an dúil sin ag dul i neart agus i n-ainmheasardhacht i n-aghaidh an lae. Tá daoine ann adeir go leanann an aicíd seo le sinn- searacht dínn. Éitheach é sin, agus dearg-éitheach. Ní raibh Éireannaigh riamh tugtha do'n ólachán go dtí a bhfuil le deidheannaighe. 'Siad na daoine tháinig anall agus go h-áirighthe na tighearnaidhe talmhan a thug an droch-cháil sin orainn. D'ólfaduís an sop as an srathair agus tá a rian ortha, táid siad ag imtheacht ar nós cúbar na h-abhann, gan fios a dtuairisge. Chuirfidís sin méar id shúil dá ndéarfá gur Éireannaigh iad, acht dubhairt ár namhaid leis an saoghal "Feuch na Gaedhil seo", ar siad, "thabharfaduís a n-anam agus a gcorp ar uisge-beatha." Ní raibh aon chosain, ag an nGaedheal mbocht ar féin. An té bhíonn síos luightear cos air. Acht má táid siad súd ag imtheacht nó imthighthe, d'fhan an oighreacht 'na ndiaidh. D'fhoghluim na Gaedhil a nósa agus a mbéasa uatha chomh tapaidh agus d'fhogh- luim siad a dteanga Bheurla, agus do sgaradar le nósaibh agus le deagh-mheastacht a sinnsear nuair chaitheadar uatha an teanga Ghaedhilge. Ní bréag a rádh go n-ólfadh mórán Éireannach indiu nimh neimh- neach dá bhfuigheaduís blas an bhiotáile uirthe. Fuair triúr garsún agus fear meadhon-aosda soithighe éigin caithte ar an bport le h-ais luinge i mBaile Áth' Cliath deich lá ó shoin ann. Fuaradar bolaith an bhio- táile ós na soighthibh, agus dhiúgadar amach an dríodar a bhí ionnta. Dríodar fíona b'eadh é, agus bhí sé chomh dubh le sméar, acht bhíodar 'ghá ól go milis nó gur thuiteadar as a seasamh le meisge. Cailleadh duine acu lá ar na mhárach, agus is ar éigean a tháinig duine eile acu as. Muna bhfuighthear cosg a chuir le craosól in ár measg feasda ní bhfuil aon amhras ná gur b'olc an sgeul do'n chineadh Gaedhealach é. An bhfuil aon leigheas air? Sin í an cheist atá ag deanamh mearbhaill d'easbog agus do chleireach le fada do bhliadhantaibh, agus ní séantar gur i n-olcas atá an aicíd ag dul tar éis a bhfuil ráidhte acu. Tá aon leigheas amháin air nár thugadar fé ndeara fós, an leigheas ceudna atá ag ár gcáirdibh gaoil sa mBreathanais air, agus is é sin, na daoine do stiúr- ughadh ar ais i raon a sinnsear rómpa. Tá an bealach sain amugha anois, fairíor, ar urmhór na nGaedheal, acht bealach mór leathan is eadh é, agus ní bhfuil ortha acht bualadh ag an ngeata agus leigfear isteach iad. Ní bhfuil ag dul isteach chum na h-áite sin acht aon gheata mhór amháin, agus ba mhaith a b'fhiú é theasbaint dos gach aon Ghaedheal beo. TEANGA na GAEDHILGE is ainm do'n gheata sain. Fearghus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services