Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Is mór é ár meas ar mhaighisdiribh sgoile na
hÉireann - cé gur beag a bhfuil déanta fós ar son na
Gaedhilge acu - agus is oth linn a rádh go bhfuil fonn
ar chuid mhór acu bheith ag treabhadh i gcoinne na sagart.
Toghthar Comhairle acu uair sa mbliadhain, agus ó is
daoine uaisle árd-leigheannta agus seirbhísigh do'n
Choróin lucht an Chomhairle sin is lag leo aon chur
isteach a bheith ag na sagartaibh ar na sgoilibh náisiún-
tacha, ná aon ughdarás a bheith ós a gcionn féin acu.



Bhí cóimh-thionól sagart i nÁrd-Macha ó gach aon
cheanntar ó Bhaile Áth' Cliath ó thuaidh, agus d'fhuagair
siad ná glacfaduis as so amach aon duine 'na mhaighis-
dir sgoile nó 'na maighisdireás sgoile, ná tabharfadh
cúl le teagasg an Chomhairle.



Is úir-bhéileach an dúil atá ag teacht ag Éireannachaibh
sa bhiotáile, agus is mór mar atá an dúil sin ag dul
i neart agus i n-ainmheasardhacht i n-aghaidh an lae. Tá
daoine ann adeir go leanann an aicíd seo le sinn-
searacht dínn. Éitheach é sin, agus dearg-éitheach. Ní
raibh Éireannaigh riamh tugtha do'n ólachán go dtí a
bhfuil le deidheannaighe. 'Siad na daoine tháinig anall
agus go h-áirighthe na tighearnaidhe talmhan a thug an
droch-cháil sin orainn. D'ólfaduís an sop as an
srathair agus tá a rian ortha, táid siad ag imtheacht
ar nós cúbar na h-abhann, gan fios a dtuairisge.
Chuirfidís sin méar id shúil dá ndéarfá gur Éireannaigh
iad, acht dubhairt ár namhaid leis an saoghal "Feuch na
Gaedhil seo", ar siad, "thabharfaduís a n-anam agus a
gcorp ar uisge-beatha." Ní raibh aon chosain, ag an
nGaedheal mbocht ar féin. An té bhíonn síos luightear
cos air.



Acht má táid siad súd ag imtheacht nó imthighthe,
d'fhan an oighreacht 'na ndiaidh. D'fhoghluim na Gaedhil
a nósa agus a mbéasa uatha chomh tapaidh agus d'fhogh-
luim siad a dteanga Bheurla, agus do sgaradar le
nósaibh agus le deagh-mheastacht a sinnsear nuair
chaitheadar uatha an teanga Ghaedhilge. Ní bréag a
rádh go n-ólfadh mórán Éireannach indiu nimh neimh-
neach dá bhfuigheaduís blas an bhiotáile uirthe.



Fuair triúr garsún agus fear meadhon-aosda soithighe
éigin caithte ar an bport le h-ais luinge i mBaile Áth'
Cliath deich lá ó shoin ann. Fuaradar bolaith an bhio-
táile ós na soighthibh, agus dhiúgadar amach an dríodar
a bhí ionnta. Dríodar fíona b'eadh é, agus bhí sé chomh
dubh le sméar, acht bhíodar 'ghá ól go milis nó gur
thuiteadar as a seasamh le meisge. Cailleadh duine
acu lá ar na mhárach, agus is ar éigean a tháinig duine
eile acu as.



Muna bhfuighthear cosg a chuir le craosól in ár measg
feasda ní bhfuil aon amhras ná gur b'olc an sgeul
do'n chineadh Gaedhealach é. An bhfuil aon leigheas air?
Sin í an cheist atá ag deanamh mearbhaill d'easbog
agus do chleireach le fada do bhliadhantaibh, agus ní
séantar gur i n-olcas atá an aicíd ag dul tar éis a
bhfuil ráidhte acu.



Tá aon leigheas amháin air nár thugadar fé ndeara
fós, an leigheas ceudna atá ag ár gcáirdibh gaoil sa
mBreathanais air, agus is é sin, na daoine do stiúr-
ughadh ar ais i raon a sinnsear rómpa. Tá an bealach
sain amugha anois, fairíor, ar urmhór na nGaedheal,
acht bealach mór leathan is eadh é, agus ní bhfuil ortha
acht bualadh ag an ngeata agus leigfear isteach iad.
Ní bhfuil ag dul isteach chum na h-áite sin acht aon
gheata mhór amháin, agus ba mhaith a b'fhiú é theasbaint
dos gach aon Ghaedheal beo. TEANGA na GAEDHILGE
is ainm do'n gheata sain.



Fearghus Finn-bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services