Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ráflaí.
Title
Ráflaí.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÁFLAÍ. Tá páipéar seachtmhaineamhail i mBhaile Átha Cliath go nglaodhtar The Leader air. Ná measadh éinneach go bhfuil a mhalairt d'ainm air, mar go deimhin féin ní'l. B'fhéidir go gceapann fear eagair an pháipéir sin gur ceart "An Treóraidhe" do ghlaodhach air comh maith céadna. Ní ceart go dearbhtha, nuair nach bhfuil sé mar theideal air. Seadh, tá an méid sin socair againn. Páipéar Béarlóra le haghaidh coitchionntachta Béar- lóirí atá ins an Leader. Má's fíor go mbíonn mion- paistí Gaedhilge ann, agus dar ndóigh ní'lmíd 'gá rádh nach mbíonn, ní'l ionnta acht "Ólachán" agus "Ólachán" eile agus síor-"Ólachán." Dar fiadh, níor mhisde do Chathal Buidhe Mac Giolla Ghunna go raibh an oiread sain dúla 'san ól aige go mbíodh sé "ag síor-ól na dighe," nós an bhunnáin léana,'ná do'n Leader ag síor- ghabháil do'n "Ólachán." 'Na dhiaidh sin agus uile, tá áird-mheas againn ar an Leader. Tá sé ag déanamh oibre maithe. Ó cuireadh ar bun é, níor stad sé riamh acht ag síor-spreagadh na druinge úd go nglaodhann sé "The Dark Brother- hood" ortha, agus is cinnte go dtug sé ar mhór-chuid aca teacht chum sochair ó shoin. Maith eile do tháinig do bhárr a thoisge, tá an-lorg agus árd-éileamh ar dhéantúsaíbh agus ar thionnsgal na hÉireann faoi láthair agus tá an nós sain ag méadughadh ó ló go ló, buidheachas le dia. Tá sain uile go maith agus ní'l go holc. Tá taobh eile ar an sgéal, ámh. Is é an taobh é sin 'ná dul tar teórainn. Ní leór leis an Leader aire do thabhairt d'á ghnó féin, acht caithfidh sé aire thabhairt do ghnó an fhir thall comh maith. Ceapann sé nach bhfuil fios a chuise féin ag Connradh na Gaedhilge, cé go n-abrann an seanfhocal nach bhfuil fiú spioraid ná púca gan fios a chúise féin aige. Is aisdeach ar fad an nídh is déidheanaighe adubhairt an Leader. 'Sé rud é acht gan éan-mhaith do bheith 'san irisleabhar so! A' gcloistí air sin, a cháirde? Sin é meas an Bhéarlóra éachtaigh seo orainn gur maith leis ár gcúis-ne do chur ar a haghaidh i gcoinnibh a cos féin. Nach dian atá sé orainn, dar leis féin! Acht cogar, siúd agus nach mbíonn acht dhá thaobh ar an sgéal gnáthach, tá an tríomadh taobh ar an sgéal so. Sin é gur fíor-Bhéarlóir gan focal Gaedhilge fear an Leader. Dá mbeadh Gaedhilg aige, bheadh áird againn air, acht ó nach bhfuil, is cuma linn agus is cuma dhúinn fós caidé an sórt measta atá aige orainn. Fanfam go mbeidh an Ghaedhilg foghlumtha aige. Bhéarfam-na anois beagán comhairle d'fhear an Leader, má ghlacann sé í. Sin é gan a bheith ró-dhian ar rudaíbh beaga suaracha nach fiú trácht ortha iad. Nach maith atá fhios againn gur chaill sé mórán d'á chéad- phoiblidheacht mar gheall air sin? Rud eile, ní théidheann sé i dtairbhe dhó craobhsgaoileadh i n-aisgidh do thabhairt do náidíbh mí-mheasamhla an tsaoghail seo, amhail do rinne sé le fear an mutoscope tar éis Taisbeántais na gCapall ag Droichead na Dothra. I ndeireadh na dála 'sé rud atámaoid do rádh leis: "'Do ghnó féin déin, a dhuine." Féadfaidh Connradh na Gaedhilge a ghnó do dhéanamh tharat-sa." Is breagh follusach an comhartha thug Gaedhil na hÉireann, go mór-mhór i mBaile Átha Cliath, ar an mbrígh fhíre atá 'n-a gcúis-sean, an tráth do shiubhladar an chathair Oidhche Fhéile Pádraic. Bhíodar ann 'n-a míltibh. B'fhéidir le Dia gur chuir sé an choidhp bhathais (a n-abrann na Laighnigh atá i láthair ann) ar naimhdibh na hÉireann. Gan amhras bhí dálta duine do thuitfeadh i bhfanntais ortha. Do chaitheadar stad d'á nimh agus d'á mbinib. Do mholadar an t-árd-thaisbeántas i gcoinnibh a gcos. Ba gheall le dranntáinín an mhaidrín laithighe an rainnín beag do chuir an Daily Express as, acht ní raibh maith dhó ann, mar dob' éigean dó a admháil os comhair an tsaoghail brígh mhór a bheith 'sa' Ghaedhealtacht tar éis suas le fiche míle duine do shiubhal thairis. Níor thaise do'n bhéal binibe eile, cé go ndeárna sé dícheall ar gan an iomad de'n fhírinne do chraobhsgaoil- eadh. Tuilleadh fásgtha chuca, munab ionann is riamh! Do chualamar sgéal ó éinín beag go mbeidh míle punt 'sa' bhreis ag an gConnradh do bhárr Oidhche Fhéile Pádraig, acht má bhíonn féin, ní'l ár ndóthain ann. Bhí bailightheoirí an airgid ró-fhaiteach ar fad. B'annamh leó stad ar a gcéim, acht i n-a ionad sain, is amhlaidh bhuailidís ar a n-aghaidh i gcomhnaidhe, agus corr- uair fá mar do chídís lámh dhuine ag síneadh ghiota
airgid ruaidh chuca, do shínidís an bosga chuige. Ní thug a n-urmhór fá náire do chur ar na daoinibh i dtaobh a síntiúis. Munab é an faitcheas nó an sgáthmhaireacht so do bhí ar na bailightheoiríbh, is dócha nach éin-mhíle sprionnlaithe amháin acht cúig mhíle punt do bheadh againn do bhárr an lae. Ar a shon sain agus uile, caith- fear a admháil gur bhailigh cuid de na gearrchailíbh beaga mórán airgid. Cá hiongnadh sain, ámh, agus a fhios ag an saoghal, nuair a chuireas gearrchaile rud 'na ceann, gurab annamh nach bhfeiceann sí amach é. Cuireann sain i gcuimhne dhúinn, nuair a bhí na craobhacha ag teacht i gceann a chéile ag Faithche San Stiabhna, go raibh iongantas girrseach agus cailín ag gach craoibh agus iad uile go léir lán-toilteanach ar shiubhal i gclábar na sráideann. Badh mhaith uatha sain, agus gur beag ar a samhail an clábar. Is cuimhin linn craobh ag gabhail tar brághaid, ag dul tré Shraid Chill-dara dhúinn, agus gan innti acht cailíní agus girrseacha ar fad; is dócha gur Craobh Fhionnghuala bhí ionnta. Cár bh' iongnadh má ghlaodhuigh duine amach "Mo ghrádh sibh," mar ba mhór an tógáil chroidhe a leithéid de radharc. Má bhíonn na mná Gaedhealach feasda, ní'l baoghal ar na fearaibh. Do rinneadh obair mhaith leis i Luimneach, i bPort- láirge agus i gCorcaigh. Is docha gur i Luimneach do bhí an siubhal dob' fhaide aca, act b'fhéidir nach raibh Port- láirge ró-fhada i ndiaidh Luimnigh. Is maith an gnó do rinneadh i gCorcaigh, agus deirthear gur bailigheadh tim- cheall is leath-chéad punt ann. Ní fánach an gnó atá idir lámhaibh ag Connrathóiríbh Luimnigh. Is mithid leó Lá Fhéile Pádraic bheith 'n-a lá saoire ag Gaedhealaibh. Is gearr go mbeidh amhlaidh, le congnamh Dé. Má thárla nár coinnigheadh é roimhe seo, is ar Ghaedhealaibh féin atá an milleán, mar ní dhearnadar éan-rud acht síor-ghéilleadh do nósaibh eachtrann (Gall). Bhí iongantas meirgí nó bratach ag craobhachaibh an Chonnartha Lá na siubhlóide. Gach éin-mheirge d'á bhfacamar ag Faithche San Stiabhna, ní baoghal nach de phoiplín Bhaile Átha Cliath do rinneadh é. Ba bhreágh an rud ainmneacha mar "Charn na gCloc," "Dún Laoghaire," "Tír an Iubhair," "Ráith Maighne," "Beann Éadair," etc., do fheiscint thort timcheall ar gach taobh agus grásgar nó gramraisg Bhaile Átha Cliath ag baint láin a ndá súl asta agus iongnadh an tsaoghail ortha. Ní hag na craobhachaibh amháin, ámh, do bhí na meirgí seo. Cibé ar bith do léighfeadh "Iománaidhthe Rátha Maighne" agus a leithéidí eile aca, ní fuláir go mbeadh lúthgháir agus an-áthas air, go háirighthe nuair do leagfadh sé silleadh a shúl ar na fearaibh óga láidre agus a gcamáin tar a ngualainn aca. Maidir leis na rannaibh eile de shluagh na siubhlóide, bhíodar go sár-mhaith freisin, go mór-mhór roinn déantús agus tionnsgail na hÉireann. Bhí an iomarca Béarla ar mheirge Choláisde an Droichid Nua agus ní raibh acht Béarla .i. Newbridge College, casta timcheall a gcuirp aca, acht is dócha go mbeidh an sgéal níos fearr aca 'san ath-bhliadhain. Do cruinnigheadh Feis Laighean agus Midhe arís i mbliadhna an cúigeadh lá déag de'n Mhárta. Is maith d'éirigh léi an turus so. Taisbeán sí páistí óga ó chorp Bhaile Átha Cliath amach ag teacht ar aghaidh go hálainn i dtaobh casadh cainte na Gaedhilge d'fhoghluim 'sa' cheart agus úsáide bhaint asta, agus ba mhion minic iad ag tabhairt na bhfocal ba dheacra leó go fíor-cheart. Ní raibh de Ghaedhilgeóiríbh nádúrtha ann acht an mhéid do tháinig ó Chraoibh Locha Reamhair i mBreifne Ua Raghallaigh, agus ba bhlasda a gcuid Gaedhilge-sean gan amhras. Cineál Ultachais atá ann acht é ag teacht comhgarach do chanamhaint Innse Manann ins na fuam- annaibh baintear as "máthair" maèir, "bás" baès, agus c. Acht cá bhfuil Gaedhilgeóirí Sléibhe Breatnach agus comharsnachta Muilinn-an-bhata agus Bhaile-an-phuill i n-Osruidhibh? Is fada iad 'n-a dtrom-shuan agus is mithid dóibh músgailt as. B'fhéidir le Dia go bhfeicfear iad os comhair na céad fheise eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services