Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ráflaí.

Title
Ráflaí.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RÁFLAÍ.



Tá páipéar seachtmhaineamhail i mBhaile Átha Cliath
go nglaodhtar The Leader air. Ná measadh éinneach go
bhfuil a mhalairt d'ainm air, mar go deimhin féin ní'l.
B'fhéidir go gceapann fear eagair an pháipéir sin gur
ceart "An Treóraidhe" do ghlaodhach air comh maith
céadna. Ní ceart go dearbhtha, nuair nach bhfuil sé
mar theideal air. Seadh, tá an méid sin socair againn.
Páipéar Béarlóra le haghaidh coitchionntachta Béar-
lóirí atá ins an Leader. Má's fíor go mbíonn mion-
paistí Gaedhilge ann, agus dar ndóigh ní'lmíd 'gá rádh
nach mbíonn, ní'l ionnta acht "Ólachán" agus "Ólachán"
eile agus síor-"Ólachán." Dar fiadh, níor mhisde do
Chathal Buidhe Mac Giolla Ghunna go raibh an oiread
sain dúla 'san ól aige go mbíodh sé "ag síor-ól na
dighe," nós an bhunnáin léana,'ná do'n Leader ag síor-
ghabháil do'n "Ólachán."



'Na dhiaidh sin agus uile, tá áird-mheas againn ar an
Leader. Tá sé ag déanamh oibre maithe. Ó cuireadh
ar bun é, níor stad sé riamh acht ag síor-spreagadh
na druinge úd go nglaodhann sé "The Dark Brother-
hood" ortha, agus is cinnte go dtug sé ar mhór-chuid aca
teacht chum sochair ó shoin. Maith eile do tháinig do
bhárr a thoisge, tá an-lorg agus árd-éileamh ar dhéantúsaíbh
agus ar thionnsgal na hÉireann faoi láthair agus tá an nós
sain ag méadughadh ó ló go ló, buidheachas le dia. Tá
sain uile go maith agus ní'l go holc.



Tá taobh eile ar an sgéal, ámh. Is é an taobh é sin
'ná dul tar teórainn. Ní leór leis an Leader aire do
thabhairt d'á ghnó féin, acht caithfidh sé aire thabhairt do
ghnó an fhir thall comh maith. Ceapann sé nach bhfuil
fios a chuise féin ag Connradh na Gaedhilge, cé go
n-abrann an seanfhocal nach bhfuil fiú spioraid ná
púca gan fios a chúise féin aige. Is aisdeach ar fad
an nídh is déidheanaighe adubhairt an Leader. 'Sé rud
é acht gan éan-mhaith do bheith 'san irisleabhar so! A'
gcloistí air sin, a cháirde? Sin é meas an Bhéarlóra
éachtaigh seo orainn gur maith leis ár gcúis-ne do chur
ar a haghaidh i gcoinnibh a cos féin. Nach dian atá sé
orainn, dar leis féin! Acht cogar, siúd agus nach mbíonn
acht dhá thaobh ar an sgéal gnáthach, tá an tríomadh taobh
ar an sgéal so. Sin é gur fíor-Bhéarlóir gan focal
Gaedhilge fear an Leader. Dá mbeadh Gaedhilg aige,
bheadh áird againn air, acht ó nach bhfuil, is cuma linn
agus is cuma dhúinn fós caidé an sórt measta atá aige
orainn. Fanfam go mbeidh an Ghaedhilg foghlumtha aige.



Bhéarfam-na anois beagán comhairle d'fhear an
Leader, má ghlacann sé í. Sin é gan a bheith ró-dhian ar
rudaíbh beaga suaracha nach fiú trácht ortha iad. Nach
maith atá fhios againn gur chaill sé mórán d'á chéad-
phoiblidheacht mar gheall air sin? Rud eile, ní théidheann
sé i dtairbhe dhó craobhsgaoileadh i n-aisgidh do thabhairt
do náidíbh mí-mheasamhla an tsaoghail seo, amhail do
rinne sé le fear an mutoscope tar éis Taisbeántais
na gCapall ag Droichead na Dothra. I ndeireadh na
dála 'sé rud atámaoid do rádh leis: "'Do ghnó féin
déin, a dhuine." Féadfaidh Connradh na Gaedhilge a ghnó
do dhéanamh tharat-sa."



Is breagh follusach an comhartha thug Gaedhil na
hÉireann, go mór-mhór i mBaile Átha Cliath, ar an mbrígh
fhíre atá 'n-a gcúis-sean, an tráth do shiubhladar an
chathair Oidhche Fhéile Pádraic. Bhíodar ann 'n-a míltibh.
B'fhéidir le Dia gur chuir sé an choidhp bhathais (a
n-abrann na Laighnigh atá i láthair ann) ar naimhdibh na
hÉireann. Gan amhras bhí dálta duine do thuitfeadh i
bhfanntais ortha. Do chaitheadar stad d'á nimh agus d'á
mbinib. Do mholadar an t-árd-thaisbeántas i gcoinnibh
a gcos. Ba gheall le dranntáinín an mhaidrín laithighe
an rainnín beag do chuir an Daily Express as, acht ní
raibh maith dhó ann, mar dob' éigean dó a admháil os
comhair an tsaoghail brígh mhór a bheith 'sa' Ghaedhealtacht
tar éis suas le fiche míle duine do shiubhal thairis.
Níor thaise do'n bhéal binibe eile, cé go ndeárna sé
dícheall ar gan an iomad de'n fhírinne do chraobhsgaoil-
eadh. Tuilleadh fásgtha chuca, munab ionann is riamh!



Do chualamar sgéal ó éinín beag go mbeidh míle
punt 'sa' bhreis ag an gConnradh do bhárr Oidhche Fhéile
Pádraig, acht má bhíonn féin, ní'l ár ndóthain ann.



Bhí bailightheoirí an airgid ró-fhaiteach ar fad.
B'annamh leó stad ar a gcéim, acht i n-a ionad sain,
is amhlaidh bhuailidís ar a n-aghaidh i gcomhnaidhe, agus corr-
uair fá mar do chídís lámh dhuine ag síneadh ghiota


L. 50


airgid ruaidh chuca, do shínidís an bosga chuige. Ní thug a
n-urmhór fá náire do chur ar na daoinibh i dtaobh a
síntiúis. Munab é an faitcheas nó an sgáthmhaireacht
so do bhí ar na bailightheoiríbh, is dócha nach éin-mhíle
sprionnlaithe amháin acht cúig mhíle punt do bheadh
againn do bhárr an lae. Ar a shon sain agus uile, caith-
fear a admháil gur bhailigh cuid de na gearrchailíbh
beaga mórán airgid. Cá hiongnadh sain, ámh, agus a fhios
ag an saoghal, nuair a chuireas gearrchaile rud 'na
ceann, gurab annamh nach bhfeiceann sí amach é.

Cuireann sain i gcuimhne dhúinn, nuair a bhí na
craobhacha ag teacht i gceann a chéile ag Faithche San
Stiabhna, go raibh iongantas girrseach agus cailín ag gach
craoibh agus iad uile go léir lán-toilteanach ar shiubhal i
gclábar na sráideann. Badh mhaith uatha sain, agus gur
beag ar a samhail an clábar. Is cuimhin linn craobh
ag gabhail tar brághaid, ag dul tré Shraid Chill-dara
dhúinn, agus gan innti acht cailíní agus girrseacha ar fad; is
dócha gur Craobh Fhionnghuala bhí ionnta. Cár bh' iongnadh
má ghlaodhuigh duine amach "Mo ghrádh sibh," mar ba
mhór an tógáil chroidhe a leithéid de radharc. Má bhíonn
na mná Gaedhealach feasda, ní'l baoghal ar na fearaibh.



Do rinneadh obair mhaith leis i Luimneach, i bPort-
láirge agus i gCorcaigh. Is docha gur i Luimneach do bhí
an siubhal dob' fhaide aca, act b'fhéidir nach raibh Port-
láirge ró-fhada i ndiaidh Luimnigh. Is maith an gnó do
rinneadh i gCorcaigh, agus deirthear gur bailigheadh tim-
cheall is leath-chéad punt ann.



Ní fánach an gnó atá idir lámhaibh ag Connrathóiríbh
Luimnigh. Is mithid leó Lá Fhéile Pádraic bheith 'n-a lá
saoire ag Gaedhealaibh. Is gearr go mbeidh amhlaidh,
le congnamh Dé. Má thárla nár coinnigheadh é roimhe
seo, is ar Ghaedhealaibh féin atá an milleán, mar ní
dhearnadar éan-rud acht síor-ghéilleadh do nósaibh
eachtrann (Gall).



Bhí iongantas meirgí nó bratach ag craobhachaibh an
Chonnartha Lá na siubhlóide. Gach éin-mheirge d'á
bhfacamar ag Faithche San Stiabhna, ní baoghal nach de
phoiplín Bhaile Átha Cliath do rinneadh é. Ba bhreágh an
rud ainmneacha mar "Charn na gCloc," "Dún
Laoghaire," "Tír an Iubhair," "Ráith Maighne," "Beann
Éadair," etc., do fheiscint thort timcheall ar gach taobh
agus grásgar nó gramraisg Bhaile Átha Cliath ag baint
láin a ndá súl asta agus iongnadh an tsaoghail ortha. Ní
hag na craobhachaibh amháin, ámh, do bhí na meirgí seo.
Cibé ar bith do léighfeadh "Iománaidhthe Rátha Maighne"
agus a leithéidí eile aca, ní fuláir go mbeadh lúthgháir agus
an-áthas air, go háirighthe nuair do leagfadh sé silleadh
a shúl ar na fearaibh óga láidre agus a gcamáin tar a
ngualainn aca.



Maidir leis na rannaibh eile de shluagh na siubhlóide,
bhíodar go sár-mhaith freisin, go mór-mhór roinn
déantús agus tionnsgail na hÉireann. Bhí an iomarca
Béarla ar mheirge Choláisde an Droichid Nua agus ní raibh
acht Béarla .i. Newbridge College, casta timcheall a
gcuirp aca, acht is dócha go mbeidh an sgéal níos fearr
aca 'san ath-bhliadhain.



Do cruinnigheadh Feis Laighean agus Midhe arís i
mbliadhna an cúigeadh lá déag de'n Mhárta. Is maith
d'éirigh léi an turus so. Taisbeán sí páistí óga ó
chorp Bhaile Átha Cliath amach ag teacht ar aghaidh go
hálainn i dtaobh casadh cainte na Gaedhilge d'fhoghluim
'sa' cheart agus úsáide bhaint asta, agus ba mhion minic iad
ag tabhairt na bhfocal ba dheacra leó go fíor-cheart.
Ní raibh de Ghaedhilgeóiríbh nádúrtha ann acht an mhéid
do tháinig ó Chraoibh Locha Reamhair i mBreifne Ua
Raghallaigh, agus ba bhlasda a gcuid Gaedhilge-sean gan
amhras. Cineál Ultachais atá ann acht é ag teacht
comhgarach do chanamhaint Innse Manann ins na fuam-
annaibh baintear as "máthair" maèir, "bás" baès,
agus c. Acht cá bhfuil Gaedhilgeóirí Sléibhe Breatnach agus
comharsnachta Muilinn-an-bhata agus Bhaile-an-phuill i
n-Osruidhibh? Is fada iad 'n-a dtrom-shuan agus is mithid
dóibh músgailt as. B'fhéidir le Dia go bhfeicfear iad
os comhair na céad fheise eile.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services