Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óráid a chuig S. S. Ua Dubhghaill uaidh i mBéilfeirsde.
Title
Óráid a chuig S. S. Ua Dubhghaill uaidh i mBéilfeirsde.
Author(s)
Ua Dubhghaill, S. S.,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Óráid a chuir S.S. Ua Dubhghaill uaidh i mBéilfeirsde. A dhaoine uaisle. Tá sean fhocal i measg na n-daoine i n-iarthar na hÉireann a deireann "An té nach cleach- dann an marcuidheacht Dinneann dearmaud ar an spuir." Sin mar atá an sgeul agamsa anocht. Tá Gaedhilge go leor agam acht i cheal tathuighthe bheith ghá labhairt is ro-mhall a bhídhean na focail a theacht. Tá aon nidh amháin ba mhaith liom rádh libh timcheall na ngótha seo, sé sin nach a n-aghaidh muintir na Sacsan ná tír na Sacsan atámuid a' troid. Go deimhin ní h-eadh. Tá mórán daoine, mar mé fhéin, do chaith cuid d'á saoghal i Sasana nó i n-Albain, agus is ann a casadh orainn daoine chomh deas cáirdeamhail, muinteardha agus do casadh linn 'riamh n-ár dtír féin. Ar a shon so is ceart dúinn cáirdeamhlacht bheith againn dóibh-sin.
Tá fios agaibh ar an sean-fhocal "Ní bheathóchadh na bréithre na bráithre," agus tá cuid mhór do 's na daoine atá cabhrughadh linn chun na Gaedhilge chur air aghaidh agus b'olc an sgeul dóibh dá d-tuitfeadh aon mhí-ádh ar thír na Sacsan. 'Sé an rud go bhfuilmíd a troid na choinne "Sasa- nacht" i measg Clann-na-nGaodhal. 'Sé an mheodhan so, náireach, tarcuisneach, is ceart dúinn a sgrios amach. Ní ceart dúinn di-mheas ná tarcuisne a thabhairt do mháthair ár gcéile, acht mar sin féin is córaidhe meas níos mó a bheith againn ar ár máthair féin, mar "Dá ghiorra dhuine a chota is giorra dhó a léine." Bídheadh grádh agus cumann againn ar ár dtír féin agus ar ár dteanga dúchais atá i bhfad faoi dhrochmheas. Tá sí le fada 'na lár. Cuirimis na seasamh í, agus mo lámh a's m'fhocal daoibh má dhinimíd é seo gur ro-mhaith an obair í dhúinne agus d'ár sliocht. Deir daoine linn cad é an mhaitheas an Ghaedhilge, ní'l aon slighe bheatha le fhághail dá barra. Nach é seo an leith-sgeul céadna bhídheamar a clos ó dhaoinibh bochta mar gheall nár churadar a b-páisdighe air sgoil. Ní raibh aon gádh acu bheith foghlamtha. B'fhearra dhóibh go mór a bheith a' cur dorn prátaí nó beart asair a bhaint. Acht anois tá an dlighe a' teacht isteach agus a' cur iachall orra so a bpáisdighe a chur ar sgoil, slighe go mbeidheadh fhios acu cá mhéid troighthe ar aoirde atá cnoc Blanc agus an méid sneachda atá ar a mhullach, agus 'san am céadna gan fhios acu ca' na thaobh gur tugadh Gort-a'-choirce, nó Páirc-mhór ar an áit a rugadh iad. Nach deas an fhoghlaim í seo, eolas a bheith ag ár g-clann ar thíorthaibh thar lear agus gan aon eolas ar a d-tír féin acu!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services