Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óráid a chuig S. S. Ua Dubhghaill uaidh i mBéilfeirsde.

Title
Óráid a chuig S. S. Ua Dubhghaill uaidh i mBéilfeirsde.
Author(s)
Ua Dubhghaill, S. S.,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Óráid
a chuir S.S. Ua Dubhghaill uaidh i mBéilfeirsde.



A dhaoine uaisle.
Tá sean fhocal i measg na n-daoine i
n-iarthar na hÉireann a deireann "An té nach cleach-
dann an marcuidheacht Dinneann dearmaud ar an spuir."



Sin mar atá an sgeul agamsa anocht. Tá Gaedhilge
go leor agam acht i cheal tathuighthe bheith ghá labhairt is
ro-mhall a bhídhean na focail a theacht.



Tá aon nidh amháin ba mhaith liom rádh libh timcheall
na ngótha seo, sé sin nach a n-aghaidh muintir na Sacsan
ná tír na Sacsan atámuid a' troid. Go deimhin ní
h-eadh. Tá mórán daoine, mar mé fhéin, do chaith cuid
d'á saoghal i Sasana nó i n-Albain, agus is ann a casadh
orainn daoine chomh deas cáirdeamhail, muinteardha
agus do casadh linn 'riamh n-ár dtír féin. Ar a shon
so is ceart dúinn cáirdeamhlacht bheith againn dóibh-sin.


L. 100


Tá fios agaibh ar an sean-fhocal "Ní bheathóchadh na
bréithre na bráithre," agus tá cuid mhór do 's na daoine
atá cabhrughadh linn chun na Gaedhilge chur air aghaidh agus
b'olc an sgeul dóibh dá d-tuitfeadh aon mhí-ádh ar thír
na Sacsan.



'Sé an rud go bhfuilmíd a troid na choinne "Sasa-
nacht" i measg Clann-na-nGaodhal. 'Sé an mheodhan
so, náireach, tarcuisneach, is ceart dúinn a sgrios
amach.



Ní ceart dúinn di-mheas ná tarcuisne a thabhairt do
mháthair ár gcéile, acht mar sin féin is córaidhe meas
níos mó a bheith againn ar ár máthair féin, mar "Dá
ghiorra dhuine a chota is giorra dhó a léine." Bídheadh
grádh agus cumann againn ar ár dtír féin agus ar ár
dteanga dúchais atá i bhfad faoi dhrochmheas. Tá sí
le fada 'na lár. Cuirimis na seasamh í, agus mo lámh a's
m'fhocal daoibh má dhinimíd é seo gur ro-mhaith an obair
í dhúinne agus d'ár sliocht.



Deir daoine linn cad é an mhaitheas an Ghaedhilge,
ní'l aon slighe bheatha le fhághail dá barra. Nach é seo an
leith-sgeul céadna bhídheamar a clos ó dhaoinibh bochta
mar gheall nár churadar a b-páisdighe air sgoil. Ní
raibh aon gádh acu bheith foghlamtha. B'fhearra dhóibh go
mór a bheith a' cur dorn prátaí nó beart asair a bhaint.
Acht anois tá an dlighe a' teacht isteach agus a' cur
iachall orra so a bpáisdighe a chur ar sgoil, slighe go
mbeidheadh fhios acu cá mhéid troighthe ar aoirde atá
cnoc Blanc agus an méid sneachda atá ar a mhullach, agus
'san am céadna gan fhios acu ca' na thaobh gur tugadh
Gort-a'-choirce, nó Páirc-mhór ar an áit a rugadh
iad.



Nach deas an fhoghlaim í seo, eolas a bheith ag ár
g-clann ar thíorthaibh thar lear agus gan aon eolas ar a d-tír
féin acu!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services