Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Réalt Eoluis na Fánaide.
Title
Réalt Eoluis na Fánaide.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
D. Ó M.
Contributor
Mac Cailín, Liam
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÉALT EOLUIS NA FÁNAIDE. Mo léan géar! a Ghráinne, nach bhfuil mé 's tú i nGáigín, Fá shléibhte dubha Bheárnais, ná i gcoillte Loch' Iasg, 'S gan fios ag ar gcáirde cá ndéanfamuist fárus, Ná ag éinneach 'san áit sin, go gcaithfea- muist bliadhain; Acht is measa mar atá mé, tá m'órdughadh-sa déanta, 'S ní bhfuighinn cead mo lámh a chur tharad aniar; Is éigin domh a ráit leat, mo chúig beannacht slán leat, 'S is siocair mhór báis domh-sa d'fheiceáilt ariamh. M'óch! óch! a ghrádh dhílis, nach bhfuil mé 's tú i n-éinfheacht, Ag éalódh 'gois íseal fríd shléibhte Mhín- Bó, Gan romhainn acht mic tíre, 'gus cearca fraoigh ag éirghe, Ins a' ghleanntán i mbíomuist i gcuideacht gach neoin; 'S gan fios a bheith ag éinneach, cé an lóistín i mbéamuist, Ar leabaidh chúmhang chaonaigh faoi bhrataibh a' tsróil, Síntí lé chéile, a chiuin-mhaiseach bhéasach, Mé a' pógadh do ghrís-bhéil 's an oidhche uilig romhainn. I n-íochtar sin Fhánaid tá an rígh-bhean is bréaghaichte, D'ár shiubhail ariamh sráid liom 's go droichead Átha Cliath, Ó Shligeach go Málainn 's ó Dhoire go hAontruim, Mac-a-samhail mo Ghráinne ní'l thoir ann 's ní'l thiar; Réalt eoluis na háite, a fuair mór-chuid 's áiriughadh, Gur'b uirthi a thráchtfainn, dá gcreidfidhe mo sgéal, Gur fíor-ghile a bráighe ná an fhaoileann a shnámhas, 'S a chorcur-ghrís áille, is tú a scánnruigh mo chiall. Tá dhá chích chorra ghléigeal' nár milleadh lé sméaracht, Ar chlár-ucht a cléibhe 'na seasamh mar chnodh,
'S ní leacántaighe an méid sin ná gach ball di a' cur lé chéile, 'Sí bainríoghan na sgéimhe í, creididh mo ghlór; Gach deallradh gath gréine, is duibhe í ná sméartha, 'S go bhfisneochainn gach éan-bhall dá craiceann go bróg; Is leat a shiubhailfinn i n-éinfheacht cúig chúige na hÉireann, A ghnúis mhilis bhéasach, fort orm le póg. Fuair mé an t-abhrán seo ó 'Liam Mac Cailín as Mol-na-Mine, Condae Dhúin-na-nGall. Tá port breágh deas leis an abhrán seo, agus bhéarfainn a' leabhar gur'b é "Pláinéid Mhaigheo" é. Téidheann a' port céadna le abhrán Pheadair Bhreathnaigh, "Stocaidhe na Bainríoghna." D. Ó M.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services