Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Réalt Eoluis na Fánaide.

Title
Réalt Eoluis na Fánaide.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
D. Ó M.
Contributor
Mac Cailín, Liam
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RÉALT EOLUIS NA FÁNAIDE.



Mo léan géar! a Ghráinne, nach bhfuil mé
's tú i nGáigín,
Fá shléibhte dubha Bheárnais, ná i gcoillte
Loch' Iasg,
'S gan fios ag ar gcáirde cá ndéanfamuist
fárus,
Ná ag éinneach 'san áit sin, go gcaithfea-
muist bliadhain;



Acht is measa mar atá mé, tá m'órdughadh-sa
déanta,
'S ní bhfuighinn cead mo lámh a chur tharad
aniar;
Is éigin domh a ráit leat, mo chúig beannacht
slán leat,
'S is siocair mhór báis domh-sa d'fheiceáilt
ariamh.



M'óch! óch! a ghrádh dhílis, nach bhfuil mé 's
tú i n-éinfheacht,
Ag éalódh 'gois íseal fríd shléibhte Mhín-
Bó,
Gan romhainn acht mic tíre, 'gus cearca
fraoigh ag éirghe,
Ins a' ghleanntán i mbíomuist i gcuideacht
gach neoin;
'S gan fios a bheith ag éinneach, cé an lóistín
i mbéamuist,
Ar leabaidh chúmhang chaonaigh faoi bhrataibh
a' tsróil,
Síntí lé chéile, a chiuin-mhaiseach bhéasach,
Mé a' pógadh do ghrís-bhéil 's an oidhche
uilig romhainn.



I n-íochtar sin Fhánaid tá an rígh-bhean is
bréaghaichte,
D'ár shiubhail ariamh sráid liom 's go
droichead Átha Cliath,
Ó Shligeach go Málainn 's ó Dhoire go
hAontruim,
Mac-a-samhail mo Ghráinne ní'l thoir ann
's ní'l thiar;
Réalt eoluis na háite, a fuair mór-chuid 's
áiriughadh,
Gur'b uirthi a thráchtfainn, dá gcreidfidhe
mo sgéal,
Gur fíor-ghile a bráighe ná an fhaoileann a
shnámhas,
'S a chorcur-ghrís áille, is tú a scánnruigh
mo chiall.



Tá dhá chích chorra ghléigeal' nár milleadh lé
sméaracht,
Ar chlár-ucht a cléibhe 'na seasamh mar
chnodh,


L. 25


'S ní leacántaighe an méid sin ná gach ball
di a' cur lé chéile,
'Sí bainríoghan na sgéimhe í, creididh mo
ghlór;
Gach deallradh gath gréine, is duibhe í ná
sméartha,
'S go bhfisneochainn gach éan-bhall dá
craiceann go bróg;
Is leat a shiubhailfinn i n-éinfheacht cúig chúige
na hÉireann,
A ghnúis mhilis bhéasach, fort orm le póg.



Fuair mé an t-abhrán seo ó 'Liam Mac Cailín as
Mol-na-Mine, Condae Dhúin-na-nGall. Tá port
breágh deas leis an abhrán seo, agus bhéarfainn a' leabhar
gur'b é "Pláinéid Mhaigheo" é. Téidheann a' port
céadna le abhrán Pheadair Bhreathnaigh, "Stocaidhe na
Bainríoghna."



D. Ó M.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services