Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cois na Brice.
Title
Cois na Brice.
Author(s)
Ó Donnchudha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COIS NA BRICE. [Sruth atá i dtuaisceart Chonntae Ciarraidhe is eadh an Bhrice]. Cois na Brice dham go déidheanach ag déanamh mo smaointe, Go déarach 's go sgíosmhar ag caoineadh na dtreon De Chlannaibh maiseach' Mhilidh le brígh nirt d'á dtraochadh, Gan fíon, gan spórt, gan airgead, acht athtuirse gan lón. 'S eadh dhearcas uaim an ainnir shuairc Ba dheise snuadh d'a bhfeaca fós, Ba gheal a gnúis, ba mhear a súil, Dob' fhada a cúl ar dhath an óir, Ag tuitim léi go huilleannach, go muirearach, go slaodmhar, Bhí a rosg mar gha na réalta reodh, 'S a béal mar rós ba thaithneamhach, A píop 's a déad mar eala 'r shruth. 'S ba leanbhach a clódh. Chuir Cúpid a shaigheada(ibh) im' chroidhe 'stigh le géar- shearc, Ar amharc dam an Ríghbhean do dhíbir mo bhrón, 'S gan stad do phreabas taoibh lei go n-innseadh sí gan bhréig dam Ar bh' ise Hélen taithneamhach d'fhúig treasgartha na treoin, No Médea chaoin le léigheann is draoidheacht D'fhúig péiste an fhíll go tláith gan treoir Do réidh an tslighe le hÉason groidhe, 'S do phléidh an flíos le gárda treon. No Iúnó céile Iúpiter ceann-urraid na mban-déithe, No an bhé Íó dob' áilne snódh Thug seal 'na bó ar an machaire, No an bháb d'fhúig Gaedhil na Banba Go hathtuirseach fá bhrón. D'fhreagair mise an spéirbhean i nGaedhilg ba líomhtha, Is feas nach mise aon díobh acht Éire na slógh, Atá le fada faon-lag 'om' thraochad 'dir naímhdibh Nár ghrádhuigh an tÓrd ná 'n tAifreann acht airgead mar stór.
Gan chéile Ríogh gan chléir mar bhínn Gan féasta fín ná cruite ceoil, Gan éigsibh grínn, gan réim san tír, Acht péiste an fhíll do ghabh gan chóir Mo chuanta 'gus mo chalaithe, mo bhailte 'gus mo chúigí, D'fhúig me fá bhrón ag sileadh deór, 'S ag caoi gach ló gan tairbhe, Is íocfaid fós i nAiciron 'Dir lasrachaibh d'á ndóghadh. Le haiteas canaim sgéal díbh go bhfuil Phoébus go soillseach Is Lúna shéimh gan sgamall acht d'á tarraint ar na treoin, Na réalta ag tréigean Pharrthais le taithneamh do na sluaightibh, 'Tá ag réabadh cuanta's calaithe chum Banba na slógh. Ar a dteacht i dtír le hachtaibh dlighidh Gan stad beidh Gaoidhil ar fad 'na gcomhair; Is feas gan mhoill go leagfaid naímhid Le barr claidheamh go pras i ngleo: Na Scitians i n-ár mbailtibh puirt ag radaireacht 's ag pléireacht, Ar ndearcadh dhóibh an chabhlaigh mhóir Ag réidhteach pórt is calaithe, Beidh Éire fós go meanmnach Is clanna flaith gan brón. Tá Neiptiún 's a shlóighte ar mhór-mhuir d'a gcuimhdeacht, Ag tabhairt eolais chruinn dóibh go díreach 'san ród, Orpheus 'na gcomhair-sean is ceolta crot 'na thímcheall D'á spreagadh do na seabhacaibh go meanmnach gan brón. Tá Mars anuas 'tabhairt neart is buadh Dá fhearaibh cruadha ba phras i ngleo, Ar dteacht don tsluagh 'na mbarcaibh snuadha, Is feas go buan go measaim dóibh, Ag ruagairt chabhlaigh Lucifer go huireasbach le faobhar neirt Beidh Clanna Gaoidhil 'na mbailtibh síoch, Ar fad i gCríochaibh Banba: Beidh Éire fós gan Sacsanaigh; Sin aithris ar mo sgeol. TADHG Ó DONNCHUDHA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services