Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cois na Brice.

Title
Cois na Brice.
Author(s)
Ó Donnchudha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

COIS NA BRICE.



[Sruth atá i dtuaisceart Chonntae Ciarraidhe is eadh
an Bhrice].



Cois na Brice dham go déidheanach ag déanamh mo
smaointe,
Go déarach 's go sgíosmhar ag caoineadh na dtreon
De Chlannaibh maiseach' Mhilidh le brígh nirt d'á
dtraochadh,
Gan fíon, gan spórt, gan airgead, acht athtuirse
gan lón.
'S eadh dhearcas uaim an ainnir shuairc
Ba dheise snuadh d'a bhfeaca fós,
Ba gheal a gnúis, ba mhear a súil,
Dob' fhada a cúl ar dhath an óir,
Ag tuitim léi go huilleannach, go muirearach, go
slaodmhar,
Bhí a rosg mar gha na réalta reodh,
'S a béal mar rós ba thaithneamhach,
A píop 's a déad mar eala 'r shruth.
'S ba leanbhach a clódh.



Chuir Cúpid a shaigheada(ibh) im' chroidhe 'stigh le géar-
shearc,
Ar amharc dam an Ríghbhean do dhíbir mo bhrón,
'S gan stad do phreabas taoibh lei go n-innseadh sí
gan bhréig dam
Ar bh' ise Hélen taithneamhach d'fhúig treasgartha na
treoin,
No Médea chaoin le léigheann is draoidheacht
D'fhúig péiste an fhíll go tláith gan treoir
Do réidh an tslighe le hÉason groidhe,
'S do phléidh an flíos le gárda treon.
No Iúnó céile Iúpiter ceann-urraid na mban-déithe,
No an bhé Íó dob' áilne snódh
Thug seal 'na bó ar an machaire,
No an bháb d'fhúig Gaedhil na Banba
Go hathtuirseach fá bhrón.



D'fhreagair mise an spéirbhean i nGaedhilg ba líomhtha,
Is feas nach mise aon díobh acht Éire na slógh,
Atá le fada faon-lag 'om' thraochad 'dir naímhdibh
Nár ghrádhuigh an tÓrd ná 'n tAifreann acht airgead
mar stór.


L. 24


Gan chéile Ríogh gan chléir mar bhínn
Gan féasta fín ná cruite ceoil,
Gan éigsibh grínn, gan réim san tír,
Acht péiste an fhíll do ghabh gan chóir
Mo chuanta 'gus mo chalaithe, mo bhailte 'gus mo
chúigí,
D'fhúig me fá bhrón ag sileadh deór,
'S ag caoi gach ló gan tairbhe,
Is íocfaid fós i nAiciron
'Dir lasrachaibh d'á ndóghadh.



Le haiteas canaim sgéal díbh go bhfuil Phoébus go
soillseach
Is Lúna shéimh gan sgamall acht d'á tarraint ar na
treoin,
Na réalta ag tréigean Pharrthais le taithneamh do na
sluaightibh,
'Tá ag réabadh cuanta's calaithe chum Banba na slógh.
Ar a dteacht i dtír le hachtaibh dlighidh
Gan stad beidh Gaoidhil ar fad 'na gcomhair;
Is feas gan mhoill go leagfaid naímhid
Le barr claidheamh go pras i ngleo:
Na Scitians i n-ár mbailtibh puirt ag radaireacht
's ag pléireacht,
Ar ndearcadh dhóibh an chabhlaigh mhóir
Ag réidhteach pórt is calaithe,
Beidh Éire fós go meanmnach
Is clanna flaith gan brón.



Tá Neiptiún 's a shlóighte ar mhór-mhuir d'a gcuimhdeacht,
Ag tabhairt eolais chruinn dóibh go díreach 'san ród,
Orpheus 'na gcomhair-sean is ceolta crot 'na
thímcheall
D'á spreagadh do na seabhacaibh go meanmnach gan
brón.
Tá Mars anuas 'tabhairt neart is buadh
Dá fhearaibh cruadha ba phras i ngleo,
Ar dteacht don tsluagh 'na mbarcaibh snuadha,
Is feas go buan go measaim dóibh,
Ag ruagairt chabhlaigh Lucifer go huireasbach le
faobhar neirt
Beidh Clanna Gaoidhil 'na mbailtibh síoch,
Ar fad i gCríochaibh Banba:
Beidh Éire fós gan Sacsanaigh;
Sin aithris ar mo sgeol.



TADHG Ó DONNCHUDHA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services