Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cruinniughadh i mBéilfeirsde
Title
Cruinniughadh i mBéilfeirsde
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cruinniughadh i mBéilfeirsde Dia Luain so ghabh tharrainn* bhí dáil mhór ag lucht Connartha na Gaedhilge i mBeilfeirsde. Bhí cruin- niughadh de theachtairidhibh ar dtús san tráthnóna. Bhí teachtairidhe i láthair ó na seacht gcraobha de'n Chonnradh atá i mBeilfeirsde agus ó'n Iubhar, ó Chamloch in Árd- mhacha, ó Dhoire agus ó Chúlrathain. Ní raibh teachtaire ar bith ó Dhún na nGall, rud budh truaigh linn, óir ba mhaith linn sgéala d'fhághail as Tírchonaill. Ní raibh mórán gnó le déanamh acht amháin sgéala d'fhághail ó gach áird caidé mar tá an obair ag dul ar aghaidh. Níor chualamar sgéal ar bith ag an gcruinniughadh sin chomh taithneamhach leis an sgéal a thug an t-Athair ó Cuinn as Camloch dhúinn. Dubhairt sé go raibh gach oide sgoile 'san brarraisde ag fóghluim Gaedhilge ag an rang atá ar bun i gCamloch agus nuair a bhéidheas greim aca ar an teangaidh, i gcionn bliadhna nó mar sin, nách fuláir do gach aon aca Gaedhilig do mhúnadh ins na sgoltaibh. Ní iongantach gur dhubhairt cainteóir ag an dáil puiblidhe tar éis sin dá mbéadh cúpla ceud fear stiúrtha sgoil in Éirinn do bhí ar aon toil leis an Áthair Ó Cuinn go raibh an báire linn agus an gnó foirdéanta. Thug an t-Athair Ó h-Icidhe, Ollamh Diadha, beagan eolais dúinn ar an ngnó atá i láimh ag Árd-Chómhairle Connartha na Gaedhilge agus thug an t-eolas sin sásamh mór dúinn. D'aontuigheamar leis go léir. Ag an mór-chruinniughadh oidhche Dia Luain i halla an Árd Bhóthair bhí Árd-Mhaor na cathrach .i. Otto Jaffe le bheith mar uachdarán orrain, acht is dóighthe go bhfuair cúlchainteóir éigin fhad leis roimh rae agus chuir in ár n-aghaidh é. Ní mó 'ná go raibh sé istigh 'san halla nuair thosuigh sé ag lochdughadh na rún-chómhairleadh agus ag rádh nár bhféidir dó an chathaoir do ghabháil muna gcuirfimís ar leathtaoibh na rún-chómhairlí úd. Anois b'iad na rún-chómhairlí do bhí againn ag iarraidh ar lucht stiurtha múinte 'sa tír múnadh Gaedhilge do chur ar bun i ngach sgoil, agus ag iarraidh ar mhuintir na tíre Gaedhilig d'fhóghluim agus do labhairt go gnáthmhar agus níor bhféidir linn iad do chur ar leathtaoibh mar gheall ar duine ar bith dá mhórdha é. Dubhradh sin leis an Árd-Mhaor agus chuir seisean suas do bheith mar uachdarán ar an tionól sin, agus d'imthigh leis abhaile. Rinneadh uachdarán de'n Dóchtuir Sinclair Buidhe agus do ghabh seisean leithsgéal an Árd-Mhaoir. Bhí tionól breágh againn agus na daoine ar aon inntinn i dtaoibh de'n Ghaedhilig. Bhí an halla líonta go doras agus nuair do chualadar na daoine gur theip an Méire orra chuireadar fuaimeanna fuatha asta, acht do chosg an t-uachdarán orra sin do dhéanamh. Fuaireamar litreacha ó'n gCáirdinéal, ó'n gCraoibhin Aoibhinn, ó Easbog Protestúnach Osraidhe agus ó'n iomaid daoine eile chum ár ngríosuighthe ar ár n-aghaidh. Thug an t-Ollamh Diadha Ó hIcidhe, cómhradh bhreágh uaidh ar cuireadh mórán spéire ann, agus tugadh comh- ráidhte eile ó hannraoi Riabhach Ó Cléirigh (Clarke), LL.D., Uilliam Ó hAodhaire, an t-Athair Seumas Ó Lamhbheartaigh, sagart parraisde, Seumas Mac Donchadha (Duncan) as Cúlrachain, E.E. Fournier, rúinchléireach Feise Pan-Celtic, P.T. Mag Fhionnlaoich agus S.S. Ó Dubhghaill (Doire). Ní baoghal do nach mbrosdóchaidh an tionól mhór sin muintir Bheilfeirsde le tuilleadh spéise do chur 'san nGaedhilig. Is ceart dúinn do chur síos nach n-aontui- gheann na páipéir nuadhachta leis an Árd-Mhaor, acht ceann amháin aca, agus is dóighthe nach mbéidh an duine uasal sin ró-bhuidheach do'n té thug cómhairle dó an dí-mheas úd do thaisbeáint do'n dáil mhór sin. *Dob éigin dúinn an tuairisg seo do chongbháil ar feadh seachtmhaine - F. an C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services