Cruinniughadh i mBéilfeirsde
Dia Luain so ghabh tharrainn* bhí dáil mhór ag lucht
Connartha na Gaedhilge i mBeilfeirsde. Bhí cruin-
niughadh de theachtairidhibh ar dtús san tráthnóna. Bhí
teachtairidhe i láthair ó na seacht gcraobha de'n Chonnradh
atá i mBeilfeirsde agus ó'n Iubhar, ó Chamloch in Árd-
mhacha, ó Dhoire agus ó Chúlrathain. Ní raibh teachtaire
ar bith ó Dhún na nGall, rud budh truaigh linn, óir ba
mhaith linn sgéala d'fhághail as Tírchonaill. Ní raibh
mórán gnó le déanamh acht amháin sgéala d'fhághail
ó gach áird caidé mar tá an obair ag dul ar aghaidh.
Níor chualamar sgéal ar bith ag an gcruinniughadh sin
chomh taithneamhach leis an sgéal a thug an t-Athair
ó Cuinn as Camloch dhúinn. Dubhairt sé go raibh gach
oide sgoile 'san brarraisde ag fóghluim Gaedhilge ag
an rang atá ar bun i gCamloch agus nuair a bhéidheas
greim aca ar an teangaidh, i gcionn bliadhna nó mar
sin, nách fuláir do gach aon aca Gaedhilig do mhúnadh
ins na sgoltaibh. Ní iongantach gur dhubhairt cainteóir
ag an dáil puiblidhe tar éis sin dá mbéadh cúpla ceud
fear stiúrtha sgoil in Éirinn do bhí ar aon toil leis an
Áthair Ó Cuinn go raibh an báire linn agus an gnó
foirdéanta.
Thug an t-Athair Ó h-Icidhe, Ollamh Diadha, beagan
eolais dúinn ar an ngnó atá i láimh ag Árd-Chómhairle
Connartha na Gaedhilge agus thug an t-eolas sin sásamh
mór dúinn. D'aontuigheamar leis go léir.
Ag an mór-chruinniughadh oidhche Dia Luain i halla an
Árd Bhóthair bhí Árd-Mhaor na cathrach .i. Otto Jaffe le
bheith mar uachdarán orrain, acht is dóighthe go bhfuair
cúlchainteóir éigin fhad leis roimh rae agus chuir in ár
n-aghaidh é. Ní mó 'ná go raibh sé istigh 'san halla
nuair thosuigh sé ag lochdughadh na rún-chómhairleadh agus
ag rádh nár bhféidir dó an chathaoir do ghabháil muna
gcuirfimís ar leathtaoibh na rún-chómhairlí úd. Anois
b'iad na rún-chómhairlí do bhí againn ag iarraidh ar lucht
stiurtha múinte 'sa tír múnadh Gaedhilge do chur ar
bun i ngach sgoil, agus ag iarraidh ar mhuintir na tíre
Gaedhilig d'fhóghluim agus do labhairt go gnáthmhar
agus níor bhféidir linn iad do chur ar leathtaoibh mar
gheall ar duine ar bith dá mhórdha é. Dubhradh sin leis
an Árd-Mhaor agus chuir seisean suas do bheith mar
uachdarán ar an tionól sin, agus d'imthigh leis abhaile.
Rinneadh uachdarán de'n Dóchtuir Sinclair Buidhe
agus do ghabh seisean leithsgéal an Árd-Mhaoir. Bhí
tionól breágh againn agus na daoine ar aon inntinn i
dtaoibh de'n Ghaedhilig. Bhí an halla líonta go doras
agus nuair do chualadar na daoine gur theip an Méire
orra chuireadar fuaimeanna fuatha asta, acht do chosg
an t-uachdarán orra sin do dhéanamh. Fuaireamar
litreacha ó'n gCáirdinéal, ó'n gCraoibhin Aoibhinn, ó
Easbog Protestúnach Osraidhe agus ó'n iomaid daoine
eile chum ár ngríosuighthe ar ár n-aghaidh.
Thug an t-Ollamh Diadha Ó hIcidhe, cómhradh bhreágh
uaidh ar cuireadh mórán spéire ann, agus tugadh comh-
ráidhte eile ó hannraoi Riabhach Ó Cléirigh (Clarke),
LL.D., Uilliam Ó hAodhaire, an t-Athair Seumas
Ó Lamhbheartaigh, sagart parraisde, Seumas Mac
Donchadha (Duncan) as Cúlrachain, E.E. Fournier,
rúinchléireach Feise Pan-Celtic, P.T. Mag Fhionnlaoich
agus S.S. Ó Dubhghaill (Doire).
Ní baoghal do nach mbrosdóchaidh an tionól mhór sin
muintir Bheilfeirsde le tuilleadh spéise do chur 'san
nGaedhilig. Is ceart dúinn do chur síos nach n-aontui-
gheann na páipéir nuadhachta leis an Árd-Mhaor, acht
ceann amháin aca, agus is dóighthe nach mbéidh an duine
uasal sin ró-bhuidheach do'n té thug cómhairle dó an
dí-mheas úd do thaisbeáint do'n dáil mhór sin.
*Dob éigin dúinn an tuairisg seo do chongbháil ar feadh
seachtmhaine - F. an C.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11