Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pádraic na bhFeart agus a Ghabhar.
Title
Pádraic na bhFeart agus a Ghabhar.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PÁDRAIC NA BhFEART AGUS A GHABHAR. Nuair a thainic Pádraic na bhfeart go hÉirinn, bhuail sé talamh i n-Inis Phádraic atá giota beag amuigh 'san fhairrge ó na Sgeiríbh i bhFine Gall. Níor fhan sé i bhfad ar an oileán, acht thug sé a aghaidh ar na Sgeiríbh agus thainic fá thír ann. D'fhág sé lorg a choise 'sa' charraig, ag teacht i dtír dó, agus tá sé innti go dtí an lá indiu. Thug sé gabhar leis, ag teacht go hÉirinn dó. Mínseach do bhí ins an ghabhar so, agus is ise ba gharach dó, deirim leat, óir ba mhilis an braon bainne thugadh sí dhó, i ndeireadh an lae, nuair a bhíodh tart agus tuirse air, agus ar amanntaibh eile. Is tuigthe as sin gur mhór an seód leis an gabhar agus nach sgarfadh sé léithi ar ór na ríogh. Shiubhail sé leis an tír, agus an gabhar le n-a chois, go ndeacha sé go Connachta. Chonnaic sé teach i n-imeall an róid, agus chuaidh sé isteach ag iarraidh lóistín agus fuair. Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh sé go moch agus d'iarr sé ar bhean an tighe dul amach agus braon bainne bhleaghan dó, d'ollmhóchadh a chuid dó. Chuaidh bean an tighe amach annsin, agus dá mbéadh sí amuigh ó shoin, ní thiocfadh isteach leis an ghabhar. D'iarr sé ar fhear an tighe dul amach agus greim beag a thabhairt do'n ghabhar sul a n-imthigheadh sé. Chuaidh fear an tighe amach annsin, agus dá mbéadh sé amuigh ó shoin, cha dtiocfadh isteach go n-imthigheadh sé. Chuaidh Pádraic féin amach agus thosuigh sé a chuartughadh. Ní raibh an dadamh le fághail aige i ndiaidh a dhul amach. Chonnaic sé gabhar féastalaighe fá dheir- eadh. Thóg sé an gabhar agus fuair sé an croic- eann faoi agus fuair croiceann an ghabhair agus cuid de na cnámhaibh. Buaileadh boc magaidh air. Bhain sé de a bhairéad, agus d'iarr d'athchuinge gach éan-áit i rachadh siad, gach éan-duine bheith ar a gcoimheád ortha agus marc (.i. comh- artha) ar a dteangaidh: Cuir an sopóg sifín ar a' ghorcán nó ghrugán (.i. pota), tá an grugán a' búirfigh (.i. bruith, gul). Agus sin an fáth a bhfuil canamhaint ar mhuintir Chonnacht go dtí an lá indiu.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services