PÁDRAIC NA BhFEART AGUS A GHABHAR.
Nuair a thainic Pádraic na bhfeart go
hÉirinn, bhuail sé talamh i n-Inis Phádraic
atá giota beag amuigh 'san fhairrge ó na
Sgeiríbh i bhFine Gall. Níor fhan sé i bhfad
ar an oileán, acht thug sé a aghaidh ar na
Sgeiríbh agus thainic fá thír ann. D'fhág sé lorg
a choise 'sa' charraig, ag teacht i dtír dó, agus
tá sé innti go dtí an lá indiu.
Thug sé gabhar leis, ag teacht go hÉirinn
dó. Mínseach do bhí ins an ghabhar so, agus is
ise ba gharach dó, deirim leat, óir ba mhilis
an braon bainne thugadh sí dhó, i ndeireadh an
lae, nuair a bhíodh tart agus tuirse air, agus ar
amanntaibh eile. Is tuigthe as sin gur mhór
an seód leis an gabhar agus nach sgarfadh sé
léithi ar ór na ríogh.
Shiubhail sé leis an tír, agus an gabhar le n-a
chois, go ndeacha sé go Connachta. Chonnaic
sé teach i n-imeall an róid, agus chuaidh sé
isteach ag iarraidh lóistín agus fuair.
Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh sé go
moch agus d'iarr sé ar bhean an tighe dul amach
agus braon bainne bhleaghan dó, d'ollmhóchadh a
chuid dó.
Chuaidh bean an tighe amach annsin, agus dá
mbéadh sí amuigh ó shoin, ní thiocfadh isteach
leis an ghabhar.
D'iarr sé ar fhear an tighe dul amach agus
greim beag a thabhairt do'n ghabhar sul a
n-imthigheadh sé.
Chuaidh fear an tighe amach annsin, agus dá
mbéadh sé amuigh ó shoin, cha dtiocfadh isteach
go n-imthigheadh sé.
Chuaidh Pádraic féin amach agus thosuigh sé a
chuartughadh. Ní raibh an dadamh le fághail
aige i ndiaidh a dhul amach.
Chonnaic sé gabhar féastalaighe fá dheir-
eadh. Thóg sé an gabhar agus fuair sé an croic-
eann faoi agus fuair croiceann an ghabhair agus
cuid de na cnámhaibh. Buaileadh boc magaidh
air.
Bhain sé de a bhairéad, agus d'iarr d'athchuinge
gach éan-áit i rachadh siad, gach éan-duine
bheith ar a gcoimheád ortha agus marc (.i. comh-
artha) ar a dteangaidh: Cuir an sopóg sifín
ar a' ghorcán nó ghrugán (.i. pota), tá an
grugán a' búirfigh (.i. bruith, gul).
Agus sin an fáth a bhfuil canamhaint ar
mhuintir Chonnacht go dtí an lá indiu.