Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Clúracán.
Title
An Clúracán.
Author(s)
Ua Laoghaire, Donnchadh,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CLÚRACÁN. An rud a chífir, is é is chóir dhuit a chreideamhaint. Atá morán daoine ar fuaid an tsaoghail, is leigid ortha mar dh'eadh mí-chreideamhaint do thabhairt do nidhthe, agus a fhios ag a gcroidhe istigh, go mbíonn na nidhthe seo amhlaidh, acht ná leogfadh eagla dhóibh trácht ortha. Budh dhuine dhíobh so Feidhlim Ua Dómhnall, bhí sé meidhreach, greannmhar, neamh-iongantach, faillightheach - acht níl sin annso ná annsúd. Bhíodh sé ag caint a gcómhnuidhe ar rud éigin neamh-éifeachtach, agus ameasg a chuid amadántacht, do leigeadh sé air ná raibh púcaí ná clúracáin ar fuaid an tsaoghail ar aon-chor, agus is minic do bhíodh sé de cheann- dánacht ann ná h-admhóchadh sé go raibh spioraid ar bith ann, is dar ndóigh creid- eann gac aoinne ionnta sain ar aon chuma. Is minic a bhíodh na daoine ag magadh fé, nuair do thosnuigheadh sé, air bheith ag ínnsint éithig mar seo, mar is minic a tugadh fé ndeara, nuair a ghabhadh sé thar Áth-na-mbó tar éis tuitim na hoidhche, go mbíodh sé cúthail go leór, is nuair a bheadh sé ar muin capaill ag gabháil thar Reilg na Greanaighe i ndorchadas na hoidhche agus b'fhéidir a dhóthain poitín 'na chabhail, bheadh i ndán misneach do thabhairt d'aon fhear, mar sin féin, do léasadh sé an capall is d'imthigheadh sé ar nós na gaoithe is d'fhéachadh sé thar a chúl anois agus arís. Aon oidhce amháin bhí gasra fear 'na suidhe ag ól i dtigh tábhairne Labhráis Uí Raghallaigh agus bhí Feidhlim 'na bhfochair. Bhí sé mar budh ghnáth, ag caint ar na púcaí, is ag tabhairt na mionn ná raibh a leithéidí ann ar aon-chor, is nár bhféidir iad d'fheicsint maith ná olc, is thosnuigh se san deireadh bheith ag tabhairt masla dos na "daoine maithe," i dtreo gur ghaibh eagla na daoine bhí láithreach, is thos- nuigheadar ag déanamh fíoghrach na croise ortha féin, mar ná raibh fhios aco cad do thuitfeadh amach, nuair do thóg sean-bhean darab ainm Máire Ní Ógáin a ceann, do bhí 'na suidhe 'san gcúinne ar feadh na haim- sire ag éisteacht leis an gcómhrádh, ag caitheamh tobac. Bhain sí an píopa as a béal, chaith amach an luaith, do chaith cúpla seile san teine, is d'iompuigh sí ar Fheidhlim. "Agus ni chreideann tú go bhfuil clúra-
cáin ann agus a leithéidí nach gcreideann tú?" ars' ise. Tháinig eagla ar Fheidhlim, acht níor chuir sé gíog as. "Seadh, ar m'fhocal, gur maith d'fóghnann sé duit, nach bhfuil acht id shlibire garsúin, a thógaint ort féin, mí-chreideamhain do thabhairt do nidhthe, ná raibh aon mhearaidhe ar d'athair, ná ar do shean-athair ná ar a athair-sean 'na dtaobh! Acht chum sgéal fada dhéanamh geárr, an rud a chífir 'sé is cóir dhuit a chreideamhaint, adeireann siad; agus mise do bheadh oireamhnach mar shean-mháthair duit, dh'fhéadfainn innsint duit go bhfuil clúracáin ann, mar do chonnac féin ceann aco - anois cad deireann tú?" Ghaibh iongantas gach duine do bhí 'san tigh, is bhrúghadar suas cois na teine chum éis- teacht léi. Do sgeart Feidhlim ar gháirídhe, acht ní dhéanfadh an gnó, níor chuireadar suim ann. "Is cuimhin liom," ars' ise, "tar éis mi bheith pósda lem' fhear macánta atá marbh anois, beannacht De len' anam, agus dá chómh- artha sain féin, do thárluigh sé tamall beag sul ar rugadh an chéad leanbh dam (agus is mó lá ó shoin é sin anois), bhíos im shuidhe amuigh ins an ngáirdín ag cniotáil, is ag faire saithe beach do bhí ar tí éirghe. Lá breágh grianach i lár an Mheithimh dob' eadh é, agus bhí na beacha ag crónán is ag eiteall ó chrucóig go crucóig, agus bhí na h-éin ag cantain is ag léimnigh ar na toir, agus na peidhleacáin ag sgeinnt is ag luidhe ar na bláthaibh, is bhí gach nídh chómh húr is chómh cúbhartha, is bhíos chómh sona sain ná raibh fhios agam cá rabhas. Ar fhéachaint thart, chuala fothram mar a bheadh "tic-taic tic-taic," gur chosmhail é le gréasaidhe a bheadh ag cur sál fé bhróig, i gcúinne an gháirdín ameasg na bpónairí. "Go saoraidh Dia sinn!" adubhart liom féin, "cad é an nídh a bheadh ann?" Do leigeas uaim mo chniotáil, is d'éirigheas, is d'imthigheas go ciuin anonn chum na bpón- airí agus ná creid uaim, mara bhfaca 'na shuidhe rómham i lár na bpónairí, blúire de shean- duine, ceathramhadh cuid níos lúgha ná leanbh óg, is hata beag péacach ar a cheann, dúidín 'na bhéal is é ag caitheamh tobac ar a shuaimh- neas, casóg de'n tsean-fhaisiún air is cnaipí móra innte, búclaí airgid i n-a bhróga do chlúdaigh nách beag a chosa, bhíodar chómh mór sin, is bhí sé ag obair ar a dhícheall ag cur sál fé péire bróg. An nóimid gur leigeas mo shúile air, bhí a fhios agam gur chlúracán é, agus ó bhíos teann téagartha, arsa mise leis, "Bail ó Dhia ort, a dhuine chóir! is cruaidh an obair atá ar siubhal agat lá chómh te leis seo." D'fhéach sé orm go feargach agus leis sin thugas sgathamh ar láimh air, is d'fhiaf- ruigheas dhe cá raibh sparán an airgid. "Airgead?" ars' eisean, "airgead, an eadh! agus cá bhfaghadh rud mar mise airgead?" "Tar, tar," arsa mise, "ná faghaim a thuilleadh dod' chuid cleas, mar atá fhios ag gach duine go bhfuil clúracáin chómh saidhbhir leis an ndiabhal féin?" Agus leis sin do tharraingeas amach sgian do bhí in mo phóca, is chuireas aghaidh orm féin chómh fíochmhar is d'fhéadas (is chum na fírinne d'ínnsint, budh dheacair sin dam, mar bhíos chómh dathamhail an uair sin le haon chailín do chífeá, as seo go Carraig na bhfear) is do dhearbhuigheas mar a dtabharfadh sé an sparán dam, go sgiobfainn an tsrón de. Ar mo bhriathar, gur sgannraigh sé chómh mór sin, go raibh truagh dham do. "Annsin," adubhairt sé, "tar liom ar feadh cúpla páirc ó'n áit seo is taisbeánfad dhuit cá bhfuil mo chuid airgid." D'imthigheas orm, is greim agam ar láimh air, is mi ag féachaint go géar air, nuair d'airigheas an fothram laistiar dhíom.
"Féach! féach!" ar seisean, "do chuid beach ag éirghe is ag imtheacht leo féin." D'iom- puigheas ar mo chúl mar dhéanfadh amadán, is ní fhaca faic, is d'fhéachas thar ais ar an gclúracán; ní fhuaras nídh ar bith im' láimh; is nuair do bhí sé de mhí-adh orm gur thógas mo shúile dhe, a' dtuigir, do shleamhnuigh sé amach as mo láimh mar a bheadh sé déanta de chéo nó dheatach is níor tháinig cos de i n-aice mo gháirdín riamh ó shoin." DONNCHADH UA LAOGHAIRE. Roscomáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services