AN CLÚRACÁN.
An rud a chífir, is é is chóir
dhuit a chreideamhaint.
Atá morán daoine ar
fuaid an tsaoghail, is
leigid ortha mar dh'eadh
mí-chreideamhaint do
thabhairt do nidhthe, agus a
fhios ag a gcroidhe istigh,
go mbíonn na nidhthe seo amhlaidh, acht ná
leogfadh eagla dhóibh trácht ortha. Budh
dhuine dhíobh so Feidhlim Ua Dómhnall, bhí
sé meidhreach, greannmhar, neamh-iongantach,
faillightheach - acht níl sin annso ná annsúd.
Bhíodh sé ag caint a gcómhnuidhe ar rud
éigin neamh-éifeachtach, agus ameasg a chuid
amadántacht, do leigeadh sé air ná raibh
púcaí ná clúracáin ar fuaid an tsaoghail
ar aon-chor, agus is minic do bhíodh sé de cheann-
dánacht ann ná h-admhóchadh sé go raibh
spioraid ar bith ann, is dar ndóigh creid-
eann gac aoinne ionnta sain ar aon chuma.
Is minic a bhíodh na daoine ag magadh fé,
nuair do thosnuigheadh sé, air bheith ag ínnsint
éithig mar seo, mar is minic a tugadh fé
ndeara, nuair a ghabhadh sé thar Áth-na-mbó
tar éis tuitim na hoidhche, go mbíodh sé
cúthail go leór, is nuair a bheadh sé ar muin
capaill ag gabháil thar Reilg na Greanaighe
i ndorchadas na hoidhche agus b'fhéidir a dhóthain
poitín 'na chabhail, bheadh i ndán misneach do
thabhairt d'aon fhear, mar sin féin, do léasadh
sé an capall is d'imthigheadh sé ar nós na
gaoithe is d'fhéachadh sé thar a chúl anois agus
arís.
Aon oidhce amháin bhí gasra fear 'na suidhe
ag ól i dtigh tábhairne Labhráis Uí Raghallaigh
agus bhí Feidhlim 'na bhfochair. Bhí sé mar budh
ghnáth, ag caint ar na púcaí, is ag tabhairt
na mionn ná raibh a leithéidí ann ar aon-chor,
is nár bhféidir iad d'fheicsint maith ná olc,
is thosnuigh se san deireadh bheith ag tabhairt
masla dos na "daoine maithe," i dtreo gur
ghaibh eagla na daoine bhí láithreach, is thos-
nuigheadar ag déanamh fíoghrach na croise
ortha féin, mar ná raibh fhios aco cad do
thuitfeadh amach, nuair do thóg sean-bhean
darab ainm Máire Ní Ógáin a ceann, do
bhí 'na suidhe 'san gcúinne ar feadh na haim-
sire ag éisteacht leis an gcómhrádh, ag
caitheamh tobac. Bhain sí an píopa as a
béal, chaith amach an luaith, do chaith cúpla
seile san teine, is d'iompuigh sí ar Fheidhlim.
"Agus ni chreideann tú go bhfuil clúra-
cáin ann agus a leithéidí nach gcreideann tú?"
ars' ise.
Tháinig eagla ar Fheidhlim, acht níor chuir
sé gíog as.
"Seadh, ar m'fhocal, gur maith d'fóghnann
sé duit, nach bhfuil acht id shlibire garsúin,
a thógaint ort féin, mí-chreideamhain do
thabhairt do nidhthe, ná raibh aon mhearaidhe
ar d'athair, ná ar do shean-athair ná ar a
athair-sean 'na dtaobh! Acht chum sgéal
fada dhéanamh geárr, an rud a chífir 'sé is
cóir dhuit a chreideamhaint, adeireann siad;
agus mise do bheadh oireamhnach mar shean-mháthair
duit, dh'fhéadfainn innsint duit go bhfuil
clúracáin ann, mar do chonnac féin ceann
aco - anois cad deireann tú?"
Ghaibh iongantas gach duine do bhí 'san tigh,
is bhrúghadar suas cois na teine chum éis-
teacht léi. Do sgeart Feidhlim ar gháirídhe,
acht ní dhéanfadh an gnó, níor chuireadar
suim ann.
"Is cuimhin liom," ars' ise, "tar éis mi
bheith pósda lem' fhear macánta atá marbh
anois, beannacht De len' anam, agus dá chómh-
artha sain féin, do thárluigh sé tamall beag
sul ar rugadh an chéad leanbh dam (agus is mó
lá ó shoin é sin anois), bhíos im shuidhe amuigh
ins an ngáirdín ag cniotáil, is ag faire
saithe beach do bhí ar tí éirghe. Lá breágh
grianach i lár an Mheithimh dob' eadh é, agus bhí
na beacha ag crónán is ag eiteall ó chrucóig
go crucóig, agus bhí na h-éin ag cantain is ag
léimnigh ar na toir, agus na peidhleacáin ag
sgeinnt is ag luidhe ar na bláthaibh, is bhí
gach nídh chómh húr is chómh cúbhartha, is bhíos
chómh sona sain ná raibh fhios agam cá rabhas.
Ar fhéachaint thart, chuala fothram mar a
bheadh "tic-taic tic-taic," gur chosmhail é le
gréasaidhe a bheadh ag cur sál fé bhróig,
i gcúinne an gháirdín ameasg na bpónairí.
"Go saoraidh Dia sinn!" adubhart liom
féin, "cad é an nídh a bheadh ann?" Do
leigeas uaim mo chniotáil, is d'éirigheas,
is d'imthigheas go ciuin anonn chum na bpón-
airí agus ná creid uaim, mara bhfaca 'na shuidhe
rómham i lár na bpónairí, blúire de shean-
duine, ceathramhadh cuid níos lúgha ná leanbh
óg, is hata beag péacach ar a cheann, dúidín
'na bhéal is é ag caitheamh tobac ar a shuaimh-
neas, casóg de'n tsean-fhaisiún air is cnaipí
móra innte, búclaí airgid i n-a bhróga do
chlúdaigh nách beag a chosa, bhíodar chómh mór
sin, is bhí sé ag obair ar a dhícheall ag cur
sál fé péire bróg. An nóimid gur leigeas
mo shúile air, bhí a fhios agam gur chlúracán
é, agus ó bhíos teann téagartha, arsa mise leis,
"Bail ó Dhia ort, a dhuine chóir! is cruaidh
an obair atá ar siubhal agat lá chómh te leis
seo." D'fhéach sé orm go feargach agus leis
sin thugas sgathamh ar láimh air, is d'fhiaf-
ruigheas dhe cá raibh sparán an airgid.
"Airgead?" ars' eisean, "airgead, an
eadh! agus cá bhfaghadh rud mar mise airgead?"
"Tar, tar," arsa mise, "ná faghaim a
thuilleadh dod' chuid cleas, mar atá fhios ag
gach duine go bhfuil clúracáin chómh saidhbhir
leis an ndiabhal féin?" Agus leis sin do
tharraingeas amach sgian do bhí in mo phóca,
is chuireas aghaidh orm féin chómh fíochmhar is
d'fhéadas (is chum na fírinne d'ínnsint, budh
dheacair sin dam, mar bhíos chómh dathamhail
an uair sin le haon chailín do chífeá, as
seo go Carraig na bhfear) is do dhearbhuigheas
mar a dtabharfadh sé an sparán dam, go
sgiobfainn an tsrón de. Ar mo bhriathar,
gur sgannraigh sé chómh mór sin, go raibh
truagh dham do. "Annsin," adubhairt sé,
"tar liom ar feadh cúpla páirc ó'n áit seo
is taisbeánfad dhuit cá bhfuil mo chuid
airgid." D'imthigheas orm, is greim agam
ar láimh air, is mi ag féachaint go géar air,
nuair d'airigheas an fothram laistiar dhíom.