Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Ceataidhe Ní hEaghra.
Title
Filidheacht. Ceataidhe Ní hEaghra.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Macc an Bháird, Eoghain
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEATAIDH NÍ hEAGHRA. Toirdhealbhach Ua Cearbhalláin, cct. Ó bhéal-aithris Eoghain Mhic an Bháird (beannacht Dé le n-a anam), 'sa' Chúl Fuar, i n-aice Cairrge Machaire Rois, .i. ard-bhaile Fearnmhuighe. Tá dhá thaoibh an tighe 'na luighe 's tá a lár gan dóigh, O d'imthigh mo mhian cha bhidhim-sa slán níos mó A com is míne 'ná an síoda síos 's go ndéan- taoi do'n tsról; Tá arraing in mo thaoibh 's cha bhidhim-sa ráithe beo. Tá an baile seo bán ó d'fhág mo chuideacht an tír; Ni'l suaimhneas le fághail nó néal de chodladh 'san oidhch';
Aithris do mo ghrádh, gá hé an áit i mbíonn sí 'na luighe, Go bhfuil an lionndubh do mo chrádh, 's go bhfuil an bás ag briseadh mo chroidhe. Mo chual dheas cnámh atá siad dubh ag an éag; Pianta an bháis gach lá fá imeall mo chléibh; Ní'l m'fhurtacht le fághail ag mnáibh ná ag fearaibh an tsaoghail, Agus a mhíle grádh, a Dhé gan an fáinne úd orainn araon. Tá an fhairrge ag tonnadh 's tá an tSeanainn go léir faoi ghruaim, O d'éag sí an aindir bhí soineannta lán do'n stuaim; An ghéag dheas leinbh do hoileadh ó chlárthaibh Mumhan; 'Sé mo léan gur imthigh sí Ceataidh na gcraobh úd uainn. Dá bhfeicfeá-sa aréir í i n-éis an bháis dá claoi, Gach dlaoigh dá gruaig fighte mar an ómra bhuidhe; Bhí ribin glasuain anuas fa'n chionn uirrthí; 'Sé m'éachaint cruaidh nach bhfuair me aon chaint aicí. Aon fhocal amháin agus a fhághail ó Cheataidh mo rún; A fhághail faoi n-a láimh agus spás 'na (= ní ba) ghiorra 'ná a bhfuair; Chan iarrfainn mar ghrásta agus a fhághail ó fhlaitheas anuas, Acht cead troda leis an mbás 's go bráth nach léigfinn í uaim. Dá bhfeicfeá mo stór in-sa' chomhraidh agus í 'na luighe; Sgathán an Domhnaigh i n-óige dá mbeidheadh 'na suidhe; Dá bhfuighinn do phóg agus a fhághail i dtús mo shaoghail, Cha sgarfainn go deoidh mo lón le grádh mo chroidhe. Hóm bó, a dheigh-dhearbhráthair, dá bhfeicfeá 'sa téampall í; Bhí a comhraidh déanta aréir ó láimh an tsaoir; Bhí a com seang seaghain gan smúid gan smál 'na luighe; Sínte i gcré 'sé mo léan gur fágadh í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services