CEATAIDH NÍ hEAGHRA.
Toirdhealbhach Ua Cearbhalláin, cct.
Ó bhéal-aithris Eoghain Mhic an Bháird (beannacht Dé
le n-a anam), 'sa' Chúl Fuar, i n-aice Cairrge Machaire
Rois, .i. ard-bhaile Fearnmhuighe.
Tá dhá thaoibh an tighe 'na luighe 's tá a lár
gan dóigh,
O d'imthigh mo mhian cha bhidhim-sa slán níos mó
A com is míne 'ná an síoda síos 's go ndéan-
taoi do'n tsról;
Tá arraing in mo thaoibh 's cha bhidhim-sa ráithe
beo.
Tá an baile seo bán ó d'fhág mo chuideacht
an tír;
Ni'l suaimhneas le fághail nó néal de chodladh
'san oidhch';
Aithris do mo ghrádh, gá hé an áit i mbíonn sí
'na luighe,
Go bhfuil an lionndubh do mo chrádh, 's go
bhfuil an bás ag briseadh mo chroidhe.
Mo chual dheas cnámh atá siad dubh ag an éag;
Pianta an bháis gach lá fá imeall mo chléibh;
Ní'l m'fhurtacht le fághail ag mnáibh ná ag
fearaibh an tsaoghail,
Agus a mhíle grádh, a Dhé gan an fáinne úd
orainn araon.
Tá an fhairrge ag tonnadh 's tá an tSeanainn
go léir faoi ghruaim,
O d'éag sí an aindir bhí soineannta lán do'n
stuaim;
An ghéag dheas leinbh do hoileadh ó chlárthaibh
Mumhan;
'Sé mo léan gur imthigh sí Ceataidh na gcraobh
úd uainn.
Dá bhfeicfeá-sa aréir í i n-éis an bháis dá
claoi,
Gach dlaoigh dá gruaig fighte mar an ómra
bhuidhe;
Bhí ribin glasuain anuas fa'n chionn uirrthí;
'Sé m'éachaint cruaidh nach bhfuair me aon
chaint aicí.
Aon fhocal amháin agus a fhághail ó Cheataidh mo
rún;
A fhághail faoi n-a láimh agus spás 'na (= ní ba)
ghiorra 'ná a bhfuair;
Chan iarrfainn mar ghrásta agus a fhághail ó
fhlaitheas anuas,
Acht cead troda leis an mbás 's go bráth
nach léigfinn í uaim.
Dá bhfeicfeá mo stór in-sa' chomhraidh agus í 'na
luighe;
Sgathán an Domhnaigh i n-óige dá mbeidheadh
'na suidhe;
Dá bhfuighinn do phóg agus a fhághail i dtús mo
shaoghail,
Cha sgarfainn go deoidh mo lón le grádh mo
chroidhe.
Hóm bó, a dheigh-dhearbhráthair, dá bhfeicfeá
'sa téampall í;
Bhí a comhraidh déanta aréir ó láimh an tsaoir;
Bhí a com seang seaghain gan smúid gan
smál 'na luighe;
Sínte i gcré 'sé mo léan gur fágadh í.