Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Marbhuigheadh beirt fhear, Diarmaid Ua Ceocháin agus a mhac, ar an mbóthar míle ó dheas ó Bheanntraidhe, seachtmhain na hAoine seo ghabh tharainn, slán beo bheimíd! Ag dul a bhaile ó Aonach Bheanntraidhe bhíodar tuairm a naoi a chlog san oidhche, agus capall agus trucaill acu, nuair a ídeaghadh go namhaideamhail agus go gránnda iad le h-armaibh iarainn, ag Árd-na-Gaoithe. Bhí an t-athair os cionn a thrí fichid, agus bhí sé thar éis eugadh nuair fuarthas as iad. Mhair an mac go dtí an lá'r na mhárach acht níor leig speabhraídí dhó aon chúntas cruinn a thabhairt uaidh. Tá mórán fear gabhtha mar gheall air, acht ní fhuil aon áiteamh le fagháil ar aoinne fós. Do mhairbh an chaor buachaill do mhuinntir Mhic Mathghamhna an lá ceudna le h-ais Cille Ochaidh i gCondae an Cláir. Bhí na splanncacha agus na tóir- neacha chomh h-uathbhasach sain nár leig eagla do na daoinibh fuireach istigh ins na tighthibh. I bportach a bhí an buachaill óg so nuair buaileadh é. Bhí aonach mór stuic i nInnis i gConndae an Chláir an t-ochtmhadh lé déag d'Abrán. Tá sé seo ar na h-aontaibh is tábhachtmhaire sa Mhumhain. Bhí glaodhach maith ar bheitheachaibh sheasga agus ar bhuaibh thórmaigh ann, agus bhí gach aon tsaghas stuic geall le chomh daor agus bhíodar an taca so anuraidh, acht ní raibh ceannach ortha chomh maith ná chomh daor agus bhí súil leis. Shuigh na Comhairlí nuadha an chéad uair ins na bailtibh móra ar fuaid na h-Éireann an tseachtmhain seo gabh tharainn. Is fánach Comhairle dhíobh go léir nar chuir rún i bhfeidhm d'aon toil ná beidís sásta choidhche nó go mbéadh dlighthe na h-Éireann d'á ndéanamh go h-iomlán in ár dtír féin againn. Sin í an chaint is maith linn, acht má's fonn leo leanamhaint do'n rún sain is éigean dóibh leanamhaint de go fearamhail agus go fíor-Ghaedhealach, agus gan bheith ag síor-smaoineadh ar an Sasanach. Ní fhuil lá ghabhann tharainn na cloisimíd "cad déarfaidh na Sasanaigh na thaobh?" nuair ghnidheann fear i n-árd réim nó buidhean phuiblidhe a leithéid seo nó a leithéid siúd de rud. Ba chóir gur chuma linn sa mhí-ádh an dtaithnfidh ár saothar le Seaghán nó ná taithnfidh acht amháin go bhfeicimís féin oireamhnach é. Thug Balfour cuairt go Sasana sa gheimhreadh seo ghabh tharainn agus do mhaoidh sé ann ná cloisfidhe a thuilleadh éilimh againn ar "Fheis ag Baile" mar go mbeimis ró ghnóthach ag troid eadrainn féin. Tá malairt sgéil le h-innsint anois aige. Ní Feisirí sinn ar fad ná an dúil ceudna sa toirmeag againn. Bhailigh sgata mór de cháirdibh an Réamannaigh i gceann a chéile i mBaile Átha Cliath seachtmhain ó shoin. Bhí Liam Field sa chathaoir, agus dubhairt sé ná raibh aon chur i n-aghaidh síothchána aige féin ná ag a chomh- luadar acht go dtagaidh an mhuinntir eile chum réidhtighthe leo mar ba cheart. Ní h-amhlaidh sin a bhí, adubhairt sé, acht an chluas bhodhar d'á h-iompódh leo ag an Dio- lúnach agus ag a bhráithribh. 'Sí an fhírinne ghlan í gur sia 'táid siad ó'n reidhteach anois ná mar bhíodar aon lá riamh. Tá trí páipéir laetheamhla acu, sé sin páipéar ag gach aicme dhíobh agus is amhlaidh táid siad sain ag beartóireacht ar a chéile ó lá an agallaimh trí seachtmhaine ó shoin, níos géire ná bhíodar roimhe sin. "An macántacht thar an saoghal," adeireadh fear dom' aithne nuair bhíodh sé ag imirt chártaidhe, "an mhacántacht thar an saoghal, a bhuachaillí," adeireadh sé, agus an t-aon a hart d'á sháith suas mhuinchille a chasóige aige. Ba dhóigh leat gurab é an dálta ceudna acu súd é. Ní h-é an sean-thoirmeasg is measa acht tá clampar nuadh éigin ag eirghe eatortha gach aon lá. Tá Tomás Esmonde agus an Diolúnach ag bualadh an mhilleáin ar a chéile i dtaobh nár tugadh freagra ar thairisgint an Réamannaigh go raibh sé ró déidheannach. Ní bheidís sásta gur chuir gach duine don bheirt a thaobh féin don sgeul ins na páipéaraibh i mBeurla bréagh blasta, le h-eagla is dócha ná bhéadh a fhios ag Seaghan Buidhe ná
raibh aon chóip ar a chéile acu. Agus is breagh an sult a gheibheann an fear thall annsain. Tá an iomad Beurla ag na buachaillí sain. Sin atá ghá lot. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services