Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Marbhuigheadh beirt fhear, Diarmaid Ua Ceocháin agus
a mhac, ar an mbóthar míle ó dheas ó Bheanntraidhe,
seachtmhain na hAoine seo ghabh tharainn, slán beo
bheimíd! Ag dul a bhaile ó Aonach Bheanntraidhe
bhíodar tuairm a naoi a chlog san oidhche, agus capall
agus trucaill acu, nuair a ídeaghadh go namhaideamhail agus
go gránnda iad le h-armaibh iarainn, ag Árd-na-Gaoithe.
Bhí an t-athair os cionn a thrí fichid, agus bhí sé thar éis
eugadh nuair fuarthas as iad. Mhair an mac go dtí an
lá'r na mhárach acht níor leig speabhraídí dhó aon chúntas
cruinn a thabhairt uaidh. Tá mórán fear gabhtha mar
gheall air, acht ní fhuil aon áiteamh le fagháil ar aoinne
fós.



Do mhairbh an chaor buachaill do mhuinntir Mhic
Mathghamhna an lá ceudna le h-ais Cille Ochaidh i
gCondae an Cláir. Bhí na splanncacha agus na tóir-
neacha chomh h-uathbhasach sain nár leig eagla do na
daoinibh fuireach istigh ins na tighthibh. I bportach a bhí
an buachaill óg so nuair buaileadh é.



Bhí aonach mór stuic i nInnis i gConndae an Chláir an
t-ochtmhadh lé déag d'Abrán. Tá sé seo ar na
h-aontaibh is tábhachtmhaire sa Mhumhain. Bhí glaodhach
maith ar bheitheachaibh sheasga agus ar bhuaibh thórmaigh
ann, agus bhí gach aon tsaghas stuic geall le chomh daor
agus bhíodar an taca so anuraidh, acht ní raibh ceannach
ortha chomh maith ná chomh daor agus bhí súil leis.



Shuigh na Comhairlí nuadha an chéad uair ins na bailtibh
móra ar fuaid na h-Éireann an tseachtmhain seo gabh
tharainn. Is fánach Comhairle dhíobh go léir nar chuir
rún i bhfeidhm d'aon toil ná beidís sásta choidhche nó go
mbéadh dlighthe na h-Éireann d'á ndéanamh go h-iomlán
in ár dtír féin againn.



Sin í an chaint is maith linn, acht má's fonn leo
leanamhaint do'n rún sain is éigean dóibh leanamhaint
de go fearamhail agus go fíor-Ghaedhealach, agus gan
bheith ag síor-smaoineadh ar an Sasanach. Ní fhuil lá
ghabhann tharainn na cloisimíd "cad déarfaidh na
Sasanaigh na thaobh?" nuair ghnidheann fear i n-árd
réim nó buidhean phuiblidhe a leithéid seo nó a leithéid
siúd de rud. Ba chóir gur chuma linn sa mhí-ádh an
dtaithnfidh ár saothar le Seaghán nó ná taithnfidh acht
amháin go bhfeicimís féin oireamhnach é.



Thug Balfour cuairt go Sasana sa gheimhreadh seo
ghabh tharainn agus do mhaoidh sé ann ná cloisfidhe a
thuilleadh éilimh againn ar "Fheis ag Baile" mar go
mbeimis ró ghnóthach ag troid eadrainn féin. Tá
malairt sgéil le h-innsint anois aige. Ní Feisirí
sinn ar fad ná an dúil ceudna sa toirmeag againn.



Bhailigh sgata mór de cháirdibh an Réamannaigh i
gceann a chéile i mBaile Átha Cliath seachtmhain ó shoin.
Bhí Liam Field sa chathaoir, agus dubhairt sé ná raibh
aon chur i n-aghaidh síothchána aige féin ná ag a chomh-
luadar acht go dtagaidh an mhuinntir eile chum réidhtighthe
leo mar ba cheart. Ní h-amhlaidh sin a bhí, adubhairt
sé, acht an chluas bhodhar d'á h-iompódh leo ag an Dio-
lúnach agus ag a bhráithribh.



'Sí an fhírinne ghlan í gur sia 'táid siad ó'n reidhteach
anois ná mar bhíodar aon lá riamh. Tá trí páipéir
laetheamhla acu, sé sin páipéar ag gach aicme dhíobh
agus is amhlaidh táid siad sain ag beartóireacht ar a
chéile ó lá an agallaimh trí seachtmhaine ó shoin, níos
géire ná bhíodar roimhe sin. "An macántacht thar an
saoghal," adeireadh fear dom' aithne nuair bhíodh sé ag
imirt chártaidhe, "an mhacántacht thar an saoghal, a
bhuachaillí," adeireadh sé, agus an t-aon a hart d'á
sháith suas mhuinchille a chasóige aige. Ba dhóigh leat
gurab é an dálta ceudna acu súd é.



Ní h-é an sean-thoirmeasg is measa acht tá clampar
nuadh éigin ag eirghe eatortha gach aon lá. Tá Tomás
Esmonde agus an Diolúnach ag bualadh an mhilleáin
ar a chéile i dtaobh nár tugadh freagra ar thairisgint
an Réamannaigh go raibh sé ró déidheannach. Ní bheidís
sásta gur chuir gach duine don bheirt a thaobh féin don
sgeul ins na páipéaraibh i mBeurla bréagh blasta, le
h-eagla is dócha ná bhéadh a fhios ag Seaghan Buidhe ná


L. 98


raibh aon chóip ar a chéile acu. Agus is breagh an sult
a gheibheann an fear thall annsain.
Tá an iomad Beurla ag na buachaillí sain. Sin
atá ghá lot.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services